This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22025A02485
Protocol amending the Euro-Mediterranean Aviation Agreement between the European Community and its Member States, of the one part, and the Kingdom of Morocco, of the other part, to take account of the accession to the European Union of the Republic of Croatia
Prótacal lena leasaítear an Comhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmharaidir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh
Prótacal lena leasaítear an Comhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmharaidir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh
ST/8938/2023/INIT
IO L, 2025/2485, 10.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2025/2485/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2025/2485/oj
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/2485 |
10.12.2025 |
Prótacal lena leasaítear an Comhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmharaidir an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh
TÁ RÍOCHT NA BEILGE,
POBLACHT NA BULGÁIRE,
POBLACHT NA SEICE,
RÍOCHT NA DANMHAIRGE,
POBLACHT CHÓNAIDHME NA GEARMÁINE,
POBLACHT NA hEASTÓINE,
ÉIRE,
AN PHOBLACHT HEILLÉANACH,
RÍOCHT NA SPÁINNE,
POBLACHT NA FRAINCE,
POBLACHT NA CRÓITE,
POBLACHT NA hIODÁILE,
POBLACHT NA CIPIRE,
POBLACHT NA LAITVIA,
POBLACHT NA LIOTUÁINE,
ARD-DIÚCACHT LUCSAMBURG,
AN UNGÁIR,
POBLACHT MHÁLTA,
RÍOCHT NA hÍSILTÍRE,
POBLACHT NA hOSTAIRE,
POBLACHT NA POLAINNE,
POBLACHT NA PORTAINGÉILE,
AN RÓMÁIN,
POBLACHT NA SLÓIVÉINE,
POBLACHT NA SLÓVAICE,
POBLACHT NA FIONLAINNE,
RÍOCHT NA SUALAINNE,
ós páirtithe iad sa Chonradh ar an Aontas Eorpach agus sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ós Ballstáit den Aontas Eorpach iad (dá ngairtear ‘na Ballstáit’ anseo feasta),
agus
AN tAONTAS EORPACH,
de pháirt,
agus
RÍOCHT MHARACÓ,
den pháirt eile;
Ag féachaint d’aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach an 1 Iúil 2013,
TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:
Airteagal 1
Tá Poblacht na Cróite ina Páirtí sa Chomhaontú Eitlíochta Eora-Mheánmhara a shínigh an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit agus Ríocht Mharacó an 12 Nollaig 2006 (‘an Comhaontú’ anseo feasta), arna leasú leis an bPrótacal a síníodh an 18 Meitheamh 2012 chun aontachas Phoblacht na Bulgáire agus aontachas na Rómáine leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh (‘an Prótacal’ anseo feasta).
Airteagal 2
1. Cuirtear an fhoráil seo a leanas le hIarscríbhinn II (Comhaontuithe déthaobhacha idir Maracó agus Ballstáit an Chomhphobail Eorpaigh) a ghabhann leis an gComhaontú arna leasú leis an bPrótacal.
Tar éis an dara fleasc maidir leis an mBulgáir:
|
‘— |
Comhaontú Aeriompair idir Rialtas Phoblacht na Cróite agus Rialtas Ríocht Mharacó a síníodh in Rabat an 7 Iúil 1999;’. |
2. Cuirtear na forálacha seo a leanas leis an gcéad mhír d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gComhaontú (‘Údaruithe oibríochta agus ceadanna teicniúla: údaráis inniúla’) arna leasú leis an bPrótacal.
Tar éis na roinne maidir leis an mBulgáir:
‘An Chróit:
Gníomhaireacht Eitlíochta Sibhialta na Cróite (CCAA).’
Airteagal 3
Beidh téacs an Chomhaontaithe sa Chróitis, atá i gceangal leis an bPrótacal seo, ina théacs barántúil faoi na coinníollacha céanna leis na leaganacha teanga eile.
Airteagal 4
1. Déanfaidh na Páirtithe an Prótacal seo a fhormheas i gcomhréir lena nósanna imeachta féin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe. Dá mba rud é, áfach, go bhformheasfadh na Páirtithe Conarthacha an Prótacal seo ar dháta i ndiaidh theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe, thiocfadh an Prótacal i bhfeidhm mí amháin tar éis an dáta ar thug na Páirtithe fógra dá chéile, i gcomhréir le hAirteagal 30(2) den Chomhaontú go bhfuil na ceanglais formheasa inmheánacha curtha i gcrích.
2. Beidh an Prótacal seo ina dhlúthchuid den Chomhaontú agus cuirfear i bhfeidhm é ar bhonn sealadach ón dáta a shíneoidh na Páirtithe é.
Tarraingítear an Comhaontú seo suas sa Bhruiséil, an 21 Samhain 2025, i ndúblach sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis, san Ungáiris agus san Araibis, agus comhúdarás ag an téacs i ngach ceann de na teangacha sin.
ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2025/2485/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)