Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22024D3036

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 225/2024 an 23 Meán Fómhair 2024 lena leasaítear Iarscríbhinn XXI (Staidreamh) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/3036]

IO L, 2024/3036, 19.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3036/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3036/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/3036

19.12.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 225/2024

an 23 Meán Fómhair 2024

lena leasaítear Iarscríbhinn XXI (Staidreamh) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/3036]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2175 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2020 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/256 lena mbunaítear pleanáil rollach ilbhliantúil (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XXI a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 18qe (Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/256 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XXI a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘, arna leasú le:

32020 R 2175: Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2175 ón gCoimisiún an 20 Deireadh Fómhair 2020 (IO L 433, 22.12.2020, lch. 20).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2175 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 24 Meán Fómhair 2024, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meán Fómhair 2024.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Anders H. EIDE


(1)   IO L 433, 22.12.2020, lch. 20.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/3036/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top