Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22024D1934

    Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 109/2024 an 26 Aibreán 2024 lena leasaítear Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1934]

    IO L, 2024/1934, 8.8.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1934/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1934/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/1934

    8.8.2024

    CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 109/2024

    an 26 Aibreán 2024

    lena leasaítear Iarscríbhinn XX (An Comhshaol) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1934]

    TÁ COMHCHOISTE LEE,

    Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1979 ón gCoimisiún an 31 Lúnasa 2022 lena mbunaítear an fhoirm agus na bunachair sonraí chun an fhaisnéis a chur in iúl dá dtagraítear in Airteagal 18(1) agus in Airteagal 21(3) de Threoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialú guaiseacha mórthionóiscí a bhaineann le substaintí contúirteacha agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/895/AE ón gCoimisiún (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    (2)

    Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1979 aisghairtear, le héifeacht ón 31 Nollaig 2025, Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/895/AE ón gCoimisiún (2), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE le héifeacht ón 31 Nollaig 2025.

    (3)

    Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Iarscríbhinn XX a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

    1.

    Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 23d, (Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/895/AE ón gCoimisiún):

    ‘23e.

    32022 D 1979: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1979 ón gCoimisiún an 31 Lúnasa 2022 lena mbunaítear an fhoirm agus na bunachair sonraí chun an fhaisnéis a chur in iúl dá dtagraítear in Airteagal 18(1) agus in Airteagal 21(3) de Threoir 2012/18/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialú guaiseacha mórthionóiscí a bhaineann le substaintí contúirteacha agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/895/AE ón gCoimisiún (IO L 272, 20.10.2022, lch. 14).’

    2.

    Scriosfar téacs phointe 23d (Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/895/AE ón gCoimisiún) le héifeacht ón 31 Nollaig 2025.

    Airteagal 2

    Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1979 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 27 Aibreán 2024, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

    Airteagal 4

    Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Aibreán 2024.

    Thar ceann Chomhchoiste an LEE

    An tUachtarán

    Nicolas VON LINGEN


    (1)   IO L 272, 20.10.2022, lch. 14.

    (2)   IO L 355, 12.12.2014, lch. 51.

    (*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1934/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top