This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22024D1599
Decision of the EEA Joint Committee No 61/2024 of 15 March 2024 amending Annex II (Technical regulations, standards, testing and certification) to the EEA Agreement [2024/1599]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 61/2024 an 15 Márta 2024 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1599]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 61/2024 an 15 Márta 2024 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1599]
IO L, 2024/1599, 4.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1599/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1599 |
4.7.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 61/2024
an 15 Márta 2024
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1599]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Treoir Tarmligthe (AE) 2024/232 ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine le haghaidh caidmiam agus luaidhe i bpróifílí plaisteacha i bhfuinneoga agus doirse leictreacha agus leictreonacha ina bhfuil clóiríd pholaivinile aisghafa (1), tá sí le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 12q (Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil XV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘- |
32024 L 0232: Treoir Tarmligthe (AE) 2024/232 ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2023 (IO L, 2024/232, 10.1.2024).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Threoir Tarmligthe (AE) 2024/232 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 16 Márta 2024, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Márta 2024.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Nicolas VON LINGEN
(1) IO L, 2024/232, 10.1.2024.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1599/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)