EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22024D1565

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 8/2024 an 2 Feabhra 2024 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) agus Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1565]

IO L, 2024/1565, 27.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1565/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1565/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1565

27.6.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 8/2024

an 2 Feabhra 2024

lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) agus Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1565]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2023/1042 ón gCoimisiún an 26 Bealtaine 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh foilpéid i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán (AE) 2023/1049 ón gCoimisiún an 30 Bealtaine 2023 lena leasaítear Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh ola éisc, peindémheatailine, saill caoireola agus spiriteitreamat i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Rialachán (AE) 2023/1068 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh ciantrainileapróil i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Rialachán (AE) 2023/1069 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2023 lena leasaítear Iarscríbhinní II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar le haghaidh bicsifeine, ciopróidínile, feinheacsaimide, feinpiococsaimide, feinpiorocsamáite, flúitiainile, iseacsaflutóil, mandaprópaimide, meatocsaifeinisíde agus spíonatóraim i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe (4), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(5)

Is le reachtaíocht maidir le hábhair bheatha agus ábhair bhia a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bheatha agus ábhair bhia, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I agus sa réamhrá ar Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní I agus II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear na fleasca seo a leanas isteach i bpointe 40 (Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘-

32023 R 1042: Rialachán (AE) 2023/1042 ón gCoimisiún an 26 Bealtaine 2023 (IO L 140, 30.5.2023, lch. 37),

-

32023 R 1049: Rialachán (AE) 2023/1049 ón gCoimisiún an 30 Bealtaine 2023 (IO L 141, 31.5.2023, lch. 1),

-

32023 R 1068: Rialachán (AE) 2023/1068 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2023 (IO L 143, 2.6.2023, lch. 27),

-

32023 R 1069: Rialachán (AE) 2023/1069 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2023 (IO L 143, 2.6.2023, lch. 40).’

Airteagal 2

Cuirtear na fleasca seo a leanas isteach i bpointe 54zzy (Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘-

32023 R 1042: Rialachán (AE) 2023/1042 ón gCoimisiún an 26 Bealtaine 2023 (IO L 140, 30.5.2023, lch. 37),

-

32023 R 1049: Rialachán (AE) 2023/1049 ón gCoimisiún an 30 Bealtaine 2023 (IO L 141, 31.5.2023, lch. 1),

-

32023 R 1068: Rialachán (AE) 2023/1068 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2023 (IO L 143, 2.6.2023, lch. 27),

-

32023 R 1069: Rialachán (AE) 2023/1069 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2023 (IO L 143, 2.6.2023, lch. 40).’

Airteagal 3

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin (AE) 2023/1042, (AE) 2023/1049, (AE) 2023/1068 agus (AE) 2023/1069 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 3 Feabhra 2024, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 5

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Feabhra 2024.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L 140, 30.5.2023, lch. 37.

(2)   IO L 141, 31.5.2023, lch. 1.

(3)   IO L 143, 2.6.2023, lch. 27.

(4)   IO L 143, 2.6.2023, lch. 40.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1565/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top