EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22024D1460
Decision of the EEA Joint Committee No 342/2023 of 8 December 2023 amending Annex XXI (Statistics) to the EEA Agreement [2024/1460]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 342/2023 an 8 Nollaig 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn XXI (Staidreamh) a ghabhann le Comhaontú LEE[2024/1460]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 342/2023 an 8 Nollaig 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn XXI (Staidreamh) a ghabhann le Comhaontú LEE[2024/1460]
IO L, 2024/1460, 13.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1460/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/1460 |
13.6.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 342/2023
an 8 Nollaig 2023
lena leasaítear Iarscríbhinn XXI (Staidreamh) a ghabhann le Comhaontú LEE[2024/1460]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1148 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2020 lena leagtar síos na sonraíochtaí modheolaíochta agus teicniúla i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hinnéacsanna comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí agus maidir leis an innéacs praghsanna tithe (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
I bhfianaise na n-acmhainní is gá chun Rialachán (AE) 2020/1148 a chur chun feidhme i gcóras sonrach cánacha san Íoslainn agus i bhfianaise an tionchair theoranta ar inchomparáideacht le Praghasinnéacs Comhchuibhithe Tomhaltóirí ag Rátaí Cánach Seasmhacha arna dtáirgeadh ag tíortha eile de bhun Rialachán (AE) 2016/792, is iomchuí an Íoslainn a dhíolmhú ó Airteagal 21 de Chaibidil 2 de Rialachán (AE) 2020/1148. Cuireann sé sin ar chumas na hÍoslainne modheolaíocht shimplithe a chur i bhfeidhm chun Praghasinnéacs Comhchuibhithe Tomhaltóirí ag Rátaí Cánach Seasmhacha a thiomsú agus, dá bhrí sin, ceanglais tuairiscithe Rialachán (AE) 2016/792 a chomhlíonadh. |
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1148 ón gCoimisiún aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1749/96 (2), (CE) Uimh. 2214/96 (3), (CE) Uimh. 1687/98 (4), (CE) Uimh. 2646/98 (5), (CE) Uimh. 1617/1999 (6), (CE) Uimh. 2166/1999 (7), (CE) Uimh. 2601/2000 (8), (CE) Uimh. 2602/2000 (9), (CE) Uimh. 1920/2001 (10), (CE) Uimh. 1921/2001 (11), (CE) Uimh. 1708/2005 (12), (CE) Uimh. 701/2006 (13), (CE) Uimh. 330/2009 (14), (CE) Uimh. 1114/2010 (15) agus (CE) Uimh. 93/2013 (16), ar Rialacháin iad atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE. |
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XXI a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Iarscríbhinn XXI a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:
1. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs phointe 19ba (Rialachán (AE) Uimh. 93/2013 ón gCoimisiún): ‘ 32020 R 1148: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1148 ón gCoimisiún an 31 Iúil 2020 lena leagtar síos na sonraíochtaí modheolaíochta agus teicniúla i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le hinnéacsanna comhchuibhithe praghsanna do thomhaltóirí agus maidir leis an innéacs praghsanna tithe (IO L 252, 4.8.2020, lch. 12). Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá forálacha an Rialacháin oiriúnaithe mar a leanas: Ní bheidh feidhm ag Airteagal 21 de Chaibidil 2 maidir leis an Íoslainn.’ |
2. |
Scriostar téacsanna phointí 19bb, 19c, 19f, 19g, 19h, 19i, 19k, 19l, 19m, 19n, 19v, 19w agus 19wa. |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1148 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 9 Nollaig 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Nollaig 2023.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Pascal SCHAFHAUSER
(1) IO L 252, 4.8.2020, lch. 12.
(2) IO L 229, 10.9.1996, lch. 3.
(3) IO L 296, 21.11.1996, lch. 8.
(4) IO L 214, 31.7.1998, lch. 12.
(5) IO L 335, 10.12.1998, lch. 30.
(6) IO L 192, 24.7.1999, lch. 9.
(7) IO L 266, 14.10.1999, lch. 1.
(8) IO L 300, 29.11.2000, lch. 14.
(9) IO L 300, 29.11.2000, lch. 16.
(10) IO L 261, 29.9.2001, lch. 46.
(11) IO L 261, 29.9.2001, lch. 49.
(12) IO L 274, 20.10.2005, lch. 9.
(13) IO L 122, 9.5.2006, lch. 3.
(14) IO L 103, 23.4.2009, lch. 6.
(15) IO L 316, 2.12.2010, lch. 4.
(16) IO L 33, 2.2.2013, lch. 14.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1460/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)