This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22024D1407
Decision of the EEA joint Committee No 317/2023 of 8 December 2023 amending Annex II (Technical regulations, standards, testing and certification) to the EEA Agreement [2024/1407]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 317/2023 an 8 Nollaig 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1407]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 317/2023 an 8 Nollaig 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1407]
IO L, 2024/1407, 13.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1407/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/1407 |
13.6.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 317/2023
an 8 Nollaig 2023
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/1407]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1121 ón gCoimisiún an 8 Iúil 2021 lena sonraítear mionsonraí comhlíontachta agus sábháilteachta táirgí na sonraí staidrimh atá le tíolacadh ag na Ballstáit maidir le rialuithe ar tháirgí a thugtar isteach i margadh an Aontais (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(3) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1267 ón gCoimisiún an 20 Iúil 2022 lena sonraítear na nósanna imeachta chun saoráidí tástála de chuid an Aontais a ainmniú chun críocha faireachais margaidh agus fíoraithe ar chomhlíonadh táirgí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:
|
1. |
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 9 (Treoir 2004/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil XVII:
|
|
2. |
Leasaítear pointe 3b (Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil XIX mar a leanas:
|
|
3. |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 3ua (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1668 ón gCoimisiún) de Chaibidil XIX:
|
|
4. |
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 1 (Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil XXI:
|
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialachán (AE) 2019/1020 agus Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1121 agus (AE) 2022/1267 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 9 Nollaig 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Nollaig 2023.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Pascal Schafhauser
(1) IO L 169, 25.6.2019, lch. 1.
(2) IO L 243, 9.7.2021, lch. 37.
(3) IO L 192, 21.7.2022, lch. 21.
(*1) Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1407/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)