Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22024D0973

    Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 229/2023 an 22 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/973]

    IO L, 2024/973, 25.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/973/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/973/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/973

    25.4.2024

    CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 229/2023

    an 22 Meán Fómhair 2023

    lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/973]

    TÁ COMHCHOISTE LEE,

    Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/859 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le sonraíochtaí an bhia núíosaigh “2′-Fúcaisiollachtós” (foinse mhiocróbach) chun a tháirgeadh le tréithchineál díorthach de Corynebacterium glutamicum ATCC 13032 a údarú (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    (2)

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/931 ón gCoimisiún an 8 Bealtaine 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le coinníollacha úsáide an bhia thraidisiúnta ó thríú tír an t-insileadh ó dhuilleoga caife Coffea arabica L. agus/nó Coffea canephora Pierre ex A. Froehner (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    (3)

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/937 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2023 lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le ‘Fosfáit déstáirse fhosfáitithe a tháirgtear ó stáirse cruithneachta’ a áireamh i liosta an Aontais de bhianna núíosacha (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    (4)

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/938 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2023 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le coinníollacha úsáide an bhia núíosaigh an bhithmhais giosta Yarrowia lipolytica (4), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    (5)

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/943 ón gCoimisiún an 11 Bealtaine 2023 lena n-údaraítear ceallaidhé-ós a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 (5), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    (6)

    Is le reachtaíocht maidir le hábhair bhia a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bhia, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear i réamhrá Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

    (7)

    Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Caibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

    1.

    Cuirtear na fleasca seo a leanas isteach i bpointe 124b (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún):

    ‘—

    32023 R 0859: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/859 ón gCoimisiún an 25 Aibreán 2023 (IO L 111, 26.4.2023, lch. 17),

    32023 R 0931: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/931 ón gCoimisiún an 8 Bealtaine 2023 (IO L 124, 10.5.2023, lch. 1),

    32023 R 0937: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/937 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2023 (IO L 125, 11.5.2023, lch. 12),

    32023 R 0938: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/938 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2023 (IO L 125, 11.5.2023, lch. 16),

    32023 R 0943: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/943 ón gCoimisiún an 11 Bealtaine 2023 (IO L 126, 12.5.2023, lch. 41).’

    2.

    Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 235 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/52 ón gCoimisiún):

    ‘236.

    32023 R 0943: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/943 ón gCoimisiún an 11 Bealtaine 2023 lena n-údaraítear ceallaidhé-ós a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 (IO L 126, 12.5.2023, lch. 41).’

    Airteagal 2

    Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2023/859, (AE) 2023/931, (AE) 2023/937, (AE) 2023/938 agus (AE) 2023/943 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 23 Meán Fómhair 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

    Airteagal 4

    Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Meán Fómhair 2023.

    Thar ceann Chomhchoiste LEE

    An tUachtarán

    Pascal SCHAFHAUSER


    (1)   IO L 111, 26.4.2023, lch. 17.

    (2)   IO L 124, 10.5.2023, lch. 1.

    (3)   IO L 125, 11.5.2023, lch. 12.

    (4)   IO L 125, 11.5.2023, lch. 16.

    (5)   IO L 126, 12.5.2023, lch. 41.

    (*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/973/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top