Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22024D0941

    Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 198/2023 an 22 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/941]

    IO L, 2024/941, 25.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/941/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/941/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/941

    25.4.2024

    CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 198/2023

    an 22 Meán Fómhair 2023

    lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/941]

    TÁ COMHCHOISTE LEE,

    Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/341 ón gCoimisiún an 15 Feabhra 2023 maidir le húdarú vitimín E mar bhreiseán beathaithe a athnuachan le haghaidh gach speicis ainmhíoch agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 26/2011 (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    (2)

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/366 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2023 maidir le húdarú ullmhóide Bacillus velezensis ATCC PTA-6737 mar bhreiseán beathaithe a athnuachan le haghaidh sicíní lena ramhrú, sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus mionspeicis éanlaithe clóis seachas mionspeicis éanlaithe clóis le haghaidh breithe, maidir lena húdarú le haghaidh éin ornáideacha, lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 306/2013, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 787/2013, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1020, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2276 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 107/2010 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 885/2011 (sealbhóir an údaraithe Kemin Europa N.V.) (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    (3)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/341 aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 26/2011 (3), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

    (4)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/366 aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 107/2010 (4), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

    (5)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/366 aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 885/2011 (5), atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

    (6)

    Is le reachtaíocht maidir le hábhair bheatha a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bheatha, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

    (7)

    Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Caibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

    1.

    Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 483 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/61 ón gCoimisiún):

    ‘484.

    32023 R 0341: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/341 ón gCoimisiún an 15 Feabhra 2023 maidir le húdarú vitimín E mar bhreiseán beathaithe a athnuachan le haghaidh gach speicis ainmhíoch agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 26/2011 (IO L 48, 16.2.2023, lch. 19).

    485.

    32023 R 0366: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/366 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2023 maidir le húdarú ullmhóide Bacillus velezensis ATCC PTA-6737 mar bhreiseán beathaithe a athnuachan le haghaidh sicíní lena ramhrú, sicíní a thógtar le bheith ina mbéaróga agus mionspeicis éanlaithe clóis seachas mionspeicis éanlaithe clóis le haghaidh breithe, maidir lena húdarú le haghaidh éin ornáideacha, lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 306/2013, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 787/2013, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1020, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2276 agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 107/2010 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 885/2011 (sealbhóir an údaraithe Kemin Europa N.V.) (IO L 50, 17.2.2023, lch. 59).’

    2.

    Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 80 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 306/2013 ón gCoimisiún):

    », arna leasú le:

    32023 R 0366: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/366 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2023 (IO L 50, 17.2.2023, lch. 59).’

    3.

    Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 99 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 787/2013 ón gCoimisiún):

    », arna leasú le:

    32023 R 0366: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/366 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2023 (IO L 50, 17.2.2023, lch. 59).’

    4.

    Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 137 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1020 ón gCoimisiún):

    », arna leasú le:

    32023 R 0366: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/366 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2023 (IO L 50, 17.2.2023, lch. 59).’

    5.

    Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 234 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2276 ón gCoimisiún):

    », arna leasú le:

    32023 R 0366: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/366 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2023 (IO L 50, 17.2.2023, lch. 59).’

    6.

    Scriostar téacsanna phointí 1zzzzzz (Rialachán (AE) Uimh. 107/2010 ón gCoimisiún), 2zk (Rialachán (AE) Uimh. 26/2011 ón gCoimisiún) agus 2zl (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 885/2011 ón gCoimisiún).

    Airteagal 2

    Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2023/341 agus (AE) 2023/366 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 23 Meán Fómhair 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

    Airteagal 4

    Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Meán Fómhair 2023.

    Thar ceann Chomhchoiste LEE

    An tUachtarán

    Pascal SCHAFHAUSER


    (1)   IO L 48, 16.2.2023, lch. 19.

    (2)   IO L 50, 17.2.2023, lch. 59.

    (3)   IO L 11, 15.1.2011, lch. 18.

    (4)   IO L 36, 9.2.2010, lch. 1.

    (5)   IO L 229, 6.9.2011, lch. 3.

    (*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/941/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top