EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22024D0935

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 194/2023 an 22 Meán Fómhair 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/935]

IO L, 2024/935, 25.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/935/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/935/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/935

25.4.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 194/2023

an 22 Meán Fómhair 2023

lena leasaítear Iarscríbhinn I (Cúrsaí tréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/935]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/166 ón gCoimisiún an 26 Deireadh Fómhair 2022 lena gceartaítear an leagan Fraincise d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais i dtaca le bia de bhunadh ainmhíoch (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Is le reachtaíocht maidir le cúrsaí tréidliachta a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le cúrsaí tréidliachta, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 17 (Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) i gCuid 6.1 de Chaibidil I d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘-

32023 R 0166: Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/166 ón gCoimisiún an 26 Deireadh Fómhair 2022 (IO L 24, 26.1.2023, lch. 1).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/166 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 23 Meán Fómhair 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Pascal SCHAFHAUSER


(1)   IO L 24, 26.1.2023, lch. 1.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/935/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top