This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22024D0838
Decision No 2/2024 of the Trade Committee of 16 January 2024 amending Annex II to Protocol 1, concerning the definition of the concept of originating products and methods of administrative cooperation [2024/838]
Cinneadh Uimh. 2/2024 ón gCoiste um Thrádáil an 16 Eanáir 2024 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal 1, a bhaineann leisan sainmhíniú ar an gcoincheap táirgí tionscnaimh agus modhanna comhair riaracháin [2024/838]
Cinneadh Uimh. 2/2024 ón gCoiste um Thrádáil an 16 Eanáir 2024 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal 1, a bhaineann leisan sainmhíniú ar an gcoincheap táirgí tionscnaimh agus modhanna comhair riaracháin [2024/838]
PUB/2024/199
IO L, 2024/838, 12.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/838/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/838 |
12.3.2024 |
CINNEADH Uimh. 2/2024 ÓN gCOISTE UM THRÁDÁIL
an 16 Eanáir 2024
lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal 1, a bhaineann leisan sainmhíniú ar an gcoincheap ‘táirgí tionscnaimh’ agus modhanna comhair riaracháin [2024/838]
TÁ AN COISTE UM THRÁDÁIL,
Ag féachaint don Chomhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shóisialach Vítneam , agus go háirithe Airteagal 36(1) de Phrótacal 1, agus Airteagal 17.1(3), pointe (c), dede,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le hAirteagal 36(1) de Phrótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Shóisialach Vítneam (‘an Comhaontú’), déantar foráil go bhféadfaidh an Coiste um Chustaim athbhreithniú a dhéanamh ar fhorálacha Phrótacal 1 agus go bhfuil sé le togra le haghaidh cinneadh a thíolacadh chun Prótacal 1 a leasú, agus atá le glacadh ag an gCoiste um Thrádáil. |
(2) |
Le hAirteagal 17.4(1) den Chomhaontú, déantar foráil go bhféadfaidh an Coiste um Thrádáil cinntí ceangailteacha a ghlacadh i gcás ina bhforáiltear maidir leis sin sa Chomhaontú. |
(3) |
Tugadh isteach leasuithe an 1 Eanáir 2017 agus an 1 Eanáir 2022 i ndáil leis an ainmníocht atá faoi rialú an Choinbhinsiúin ar an gCóras Comhchuibhithe um Thuairisciú agus um Chódú Tráchtearraí (‘CC’). Chomhaontaigh na Páirtithe sa Chomhaontú Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal 1 , ina bhfuil an liosta den oibriú nó den phróiseáil is gá a leasú chun na leasuithe ar CC a léiriú. |
(4) |
Níl aon choinníoll in Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal 1 maidir le táirgí cniotáilte nó cróiseáilte faoi Cheannteideal 6212 a mheas mar tháirgí leoroibrithe nó leorphróiseáilte. Ní féidir riail Chaibidil 62 in Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal 1 a chur i bhfeidhm maidir leis na táirgí sin, ós rud é go bhfuil an riail teoranta do tháirgí ‘nach bhfuil cniotáilte ná cróiseáilte’. Dá bhrí sin, ba cheart riail shonrach a chur isteach maidir le táirgí cniotáilte nó cróiseáilte faoi Cheannteideal 6212. |
(5) |
Tá an t-oibriú nó an phróiseáil is gá le haghaidh táirgí a aicmítear i gCaibidil 41 in Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal 1 le cur isteach sa cholún ábhartha san Iarscribhínn sin. |
(6) |
D’fhéadfaí an focal ‘aonair’ sa tríú agus sa cheathrú coinníoll den oibriú nó den phróiseáil is gá le haghaidh táirgí atá aicmithe i gCaibidil 19 in Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal 1 a léiriú ar bhealaí éagsúla a mhéid a bhaineann le hábhar na n-ábhar atá i gCaibidil 4 agus le cion an tsiúcra. Chun an riail a shoiléiriú, tá an focal ‘aonair’ le scriosadh sa dá chás. |
(7) |
Le haghaidh na dtáirgí teicstíle aicmithe i gCaibidil 62 in Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal 1, ba cheart tagairt do na lamháltais a chur isteach sa cholún maidir le na rialacha malartacha éagsúla maidir leis anoibriú nó an phróiseáil is gá agus dá bhrí sin. |
(8) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú a leasú, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2024.
Arna dhéanamh i ndúblach sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóvaicis, sa tSlóivéinis, sa Spáinnis, sa tSualainnis, san Ungáiris agus sa Vítneaimis, agus comhúdarás ag gach téacs.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil agus in Hanáí, an 16 Eanáir 2024.
Thar cheann an Choiste Trádála
Na Comhchathaoirligh
Valdis DOMBROVSKIS
NGUYEN Hong Dien
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Prótacal 1 mar a leanas:
(1) |
sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘0305’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘Tuairisc ar an táirge’: ‘iasc, triomaithe, saillte nó faoi sháile; iasc deataithe,bíodh sé cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó lena linn nó ná bíodh’; |
(2) |
sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘ex 0306’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘Tuairisc ar an táirge’: ‘crústaigh, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, triomaithe, saillte nó faoi sháile; crústaigh dheataithe, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, bídís cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó lena linn nó ná bídís; crústaigh, sa bhlaosc, iad cócaráilte le gal nó beirithe in uisce, bídís fuaraithe, reoite, triomaithe, saillte nó faoi sháile nó ná bídís;’; |
(3) |
sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘ex 0307’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘Tuairisc ar an táirge’: ‘moilisc, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, triomaithe, saillte nó faoi sháile; moilisc dheataithe, bídís sa bhlaosc nó ná bídís, bídís cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó lena linn nó ná bídís;’; |
(4) |
sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘ex 0308’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘Tuairisc ar an táirge’: ‘inveirteabraigh uisceacha nach crústaigh ná moilisc iad, triomaithe, saillte nó faoi sháile; inveirteabraigh uisceacha deataithe, nach crústaigh ná moilisc iad, bídís cócaráilte roimh an bpróiseas deataithe nó lena linn nó ná bídís; agus’; |
(5) |
idir an ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘ex 0308’ agus an ró a bhaineann le ‘ex Caibidil 4’, cuirtear an ró nua seo a leanas isteach:
|
(6) |
sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘ex Caibidil 15’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘Tuairisc ar an táirge’: ‘Saillte agus olaí ainmhíocha, plandúla nó miocróbacha agus a dtáirgí scoilte; saillte inite ullmhaithe; céaracha ainmhíocha nó plandúla; cé is moite den mhéid seo a leanas:’; |
(7) |
sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘1516 agus 1517’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘Tuairisc ar an táirge’: ‘saillte agus olaí ainmhíocha, plandúla nó miocróbacha, agus a gcodáin, iad hidriginithe, idireistearaithe, atheistearaithe nó eilídinithe, go páirteach nó go hiomlán, bídís scagtha nó ná bídís, ach gan ullmhú thairis sin orthu; margairín; meascáin nó ullmhóidí inite de shaillte nó d’olaí ainmhíocha, plandúla nó miocróbacha, nó de chodáin de shaillte nó d’olaí éagsúla atá faoin gCaibidil seo, seachas na saillte nó na holaí inite nó a gcodáin atá faoi Cheannteideal 1516;agus’; |
(8) |
sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘Caibidil 16’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘Tuairisc ar an táirge’: ‘Ullmhóidí ó fheoil, ó éisc, ó chrústaigh, ó mhoilisc nó ó inveirteabraigh uisceacha eile, nó ó fheithidí’; |
(9) |
sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘Caibidil 19’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘Oibriú nó próiseáil is gá’: ‘Monarú as ábhair atá faoi aon cheannteideal nach é ceannteideal an táirge é, agus lena mbaineann na nithe seo a leanas:
|
(10) |
sa ró a bhaineann le ceannteideal ‘ex Caibidil 24’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘Tuairisc ar an táirge’: ‘Tobac agus ionadaigh tobac mhonaraithe; táirgí, bíodh nicitín iontu nó ná bíodh, atá ceaptha lena n-ionanálú gan dóchán; táirgí eile a bhfuil nicitín iontu atá beartaithe chun nicitín a iontógáil i gcorp an duine; cé is moite den mhéid seo a leanas:’; |
(11) |
sa ró a bhaineann le ceannteideal ‘2401’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘Tuaraisc ar an táirge’: ‘Tobac neamh-mhonaraithe; iarmhar tobac;’; |
(12) |
idir an ró a bhaineann le ceannteideal ‘ex 2402’ agus an ró a bhaineann le Ceannteideal ‘ex Caibidil 25’, cuirtear na rónna seo a leanas isteach:
|
(13) |
cuirtear naró seo a leanas isteach idir an ró a bhaineann le ceannteideal ‘ex Caibidil 38’ agus an ró a bhaineann le ceannteideal ‘3824 60’:
|
(14) |
sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘ex Caibidil 41’, cuirtear an téacs seo a leanas sa cholún ‘Oibriú nó Próiseáil is gá’: ‘Monarú as ábhair atá faoi aon cheannteideal nach é ceannteideal an táirge é’; |
(15) |
sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘ex Caibidil 62’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘Oibriú nó Próiseáil is gá’: ‘Fíodóireacht lena ngabhann cur le chéile (lena n-áirítear gearradh) (3), (5); nó cur le chéile i ndiadh priontáil lena ngabhann dhá oibríocht ullmhúcháin nó bailchríche ar a laghad (amhail sciúradh, tuaradh, meirsiriú, teaschóiriú, ardú, cleandrú, próiseáil fhrithchrapthach, bailchríochnú buan, díchaitiú, tuile, deisiú agus díshnaidhmeadh), ar choinníoll nach mó ná 47,5 % de phraghas an táirge díreach ón monarcha luach na fabraice neamhphriontáilte a úsáideadh (3), (5) ’; |
(16) |
idir an ró a bhaineann leis na Ceannteidil CC ‘ex 6202, ex 6204, ex 6206, ex 6209 agus ex 6211’ agus an ró a bhaineann leis na Ceannteidil CC ‘ex 6210 agus ex 6216’, cuirtear na rónna a leanas isteach:
|
(17) |
sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘6306’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘Tuairisc ar an táirge’: ‘Tarpóil, scáthbhrait agus dallóga gréine; pubaill (lena n-áirítear téastair shealadacha agus earraí comhchosúla); seolta le haghaidh bád, cláir seoil nó árthaí talún; earraí campála’; |
(18) |
sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘7019’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘Tuairisc ar an táirge’: ‘snáithíní gloine (lena n-áirítear olann ghloine) agus earraí déanta astu sin (mar shampla, snáth, caisirníní, fabraicí fite)’; |
(19) |
sa ró a bhaineann le ceannteideal CC ‘8539’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘Tuairisc ar an táirge’: ‘lampaí filiméid nó lampaí díluchtaithe leictreacha, lena n-áirítear aonaid lampa léis-séalaithe agus lampaí ultraivialait nó infridhearga; arclampaí; foinsí solais dé-óide astaithe solais (LED);’; |
(20) |
sa ró a bhaineann le ceannteideal ‘8547’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘Tuaraisc ar an táirge’: ‘Feistis inslithe le haghaidh meaisíní leictreacha, fearais nó trealamh, ar feistis iad nach bhfuil iontu ach ábhair inslithe seachas aon mhion-chomhpháirt miotail (mar shampla, soicéid snáithithe) a ionchorpraíodh le linn a mhúnlaithe chun críoch cóimeála amháin, seachas inslitheoirí faoi cheannteideal 8546; feadánra seolphíobáin leictreach agus ailt dóibh, déanta as táirmhiotail líneáilte le hábhar inslithe;’ ; |
(21) |
sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘8548’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘Tuairisc ar an táirge’: ‘páirteanna leictreacha d’innealra nó de ghairis, nach sonraítear ná nach n-áirítear aon áit eile sa Caibidil seo; agus’; |
(22) |
cuirtear an ró seo a leanas isteach idir an ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘8548’ agus an ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘ex Caibidil 86’:
|
(23) |
cuirtear an ró nua seo a leanas isteach idir an ró a bhaineann le ceannteideal ‘ex 9002’ agus an ró a bhaineann le ceannteideal ‘Caibidil 91’:
agus |
(24) |
sa ró a bhaineann le Ceannteideal CC ‘Caibidil 94’, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs sa cholún ‘Tuairisc ar an táirge’: ‘Troscán; cóir leapa, tochtanna, tacaí tochta, cúisíní agus feistis líonta dá samhail; aonaid soilsithe agus feistithe soilsithe, nach bhfuil sonraithe ná curtha san áireamh aon áit eile; comharthaí soilsithe, ainmchláir shoilsithe agus a leithéidí; foirgnimh réamhdhéanta’. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/838/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)