Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22024D0658

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 341/2021 an 10 Nollaig 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/658]

PUB/2023/1443

IO L, 2024/658, 14.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/658/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/658/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/658

14.3.2024

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 341/2021

an 10 Nollaig 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/658]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh 2020/1740 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2020 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 ón gCoimisiún aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (2), ar rialachán é atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in áit théacs phointe 13f (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún) de Chaibidil XV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

32020 R 1740: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh 2020/1740 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2020 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (IO L 392, 23.11.2020, lch. 20).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1740 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 11 Nollaig 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 234/2021 ó Chomhchoiste LEE an 24 Meán Fómhair 2021 (3), cibé acu is déanaí.

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Nollaig 2021.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Rolf Einar FIFE


(1)   IO L 392, 23.11.2020, lch. 20.

(2)   IO L 252, 19.9.2012, lch. 26.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.

(3)   IO L 2024/468, 22.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/468/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/658/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top