This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22024D0650
Decision of the EEA Joint Committee No 385/2021 of 10 December 2021 amending Annex IX (Financial services) to the EEA Agreement [2024/650]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 385/2021 an 10 Nollaig 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/650]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 385/2021 an 10 Nollaig 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/650]
IO L, 2024/650, 14.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/650/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/650 |
14.3.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 385/2021
an 10 Nollaig 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/650]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsáide agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/463 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2019 Lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na n-eintiteas díolmhaithe (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:
|
1. |
Leasaítear pointe 31bc (Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) mar seo a leanas:
|
|
2. |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 31bgca (Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/480 ón gCoimisiún):
|
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialachán (AE) 2015/2365 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/463 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 11 Nollaig 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Nollaig 2021.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Rolf Einar FIFE
(1) IO L 337, 23.12.2015, lch. 1.
(2) IO L 80, 22.3.2019, lch. 16.
(*1) Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/650/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)