Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22024D0538

    Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 286/2021 an 29 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/538]

    IO L, 2024/538, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/538/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/538/oj

    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2024/538

    29.2.2024

    CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 286/2021

    an 29 Deireadh Fómhair 2021

    lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/538]

    TÁ COMHCHOISTE LEE,

    Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Rialachán (AE) 2021/979 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2021 lena leasaítear Iarscríbhinní VII agus XI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú, agus Srianadh Ceimiceán (REACH) (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

    (2)

    Dá bhrí sin, ba chearta Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 12zc (Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil XV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

    ‘-

    32021 R 0979: Rialachán (AE) 2021/979 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2021 (IO L 216, 18.6.2021, lch. 121).’

    Airteagal 2

    Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2021/979 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 30 Deireadh Fómhair 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

    Airteagal 4

    Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Deireadh Fómhair 2021.

    Thar ceann Chomhchoiste LEE

    An tUachtarán

    Rolf Einar FIFE


    (1)   IO L 216, 18.6.2021, lch. 121.

    (*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/538/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top