Dit document is overgenomen van EUR-Lex
Document 22024D0475
Decision of the EEA joint Committee No 277/2021 of 24 September 2021 amending Annex XI (Electronic communication, audiovisual services and information society) to the EEA Agreement [2024/475]
Cinneadh Ó Chomhchoiste LEE Uimh. 277/2021 an 24 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/475]
Cinneadh Ó Chomhchoiste LEE Uimh. 277/2021 an 24 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/475]
IO L, 2024/475, 22.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/475/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Nog niet in werking of datum inwerkingtreding onbekend (in afwachting van kennisgeving).
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
2024/475 |
22.2.2024 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 277/2021
an 24 Meán Fómhair 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn XI (Cumarsáid leictreonach, seirbhísí closamhairc agus an tsochaí faisnéise) a ghabhann le Comhaontú LEE [2024/475]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1070 ón gCoimisiún an 20 Iúil 2020 maidir le saintréithe pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu a shonrú de bhun Airteagal 57 (2) de Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (1), tá sé le hionchorprú isteach i gComhaontú LEE. |
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 5czsa (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2243 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XI a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘5czsb. |
32020 R 1070: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1070 ón gCoimisiún an 20 Iúil 2020 maidir le saintréithe pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu a shonrú de bhun Airteagal 57, mír 2 de Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (IO L 234, 21.7.2020, lch. 11).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1070 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 25 Meán Fómhair 2021, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 275/2021 ó Chomhchoiste LEE an 24 Meán Fómhair 2021 (2), cibé acu is déanaí.
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Meán Fómhair 2021.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Rolf Einar FIFE
(1) IO L 234, 21.7.2020, lch. 11.
(*1) Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.
(2) IO L, 2024/479, 22.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/479/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/475/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)