Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22023D2434

Cinneadh Uimh. 1/2023 ó Choiste Comhlachais an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na Moldóive i gCumraíocht Trádála an 6ú Deireadh Fómhair 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn XXVIII-B (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) agus Iarscríbhinn XXVIII-C (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí poist agus cúiréireachta)a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile [2023/2434]

PUB/2023/1571

IO L, 2023/2434, 31.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2434/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2434/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2434

31.10.2023

CINNEADH Uimh. 1/2023 Ó CHOISTE COMHLACHAIS AN AONTAIS EORPAIGH AGUS POBLACHT NA MOLDÓIVE I GCUMRAÍOCHT TRÁDÁLA

an 6ú Deireadh Fómhair 2023

lena leasaítear Iarscríbhinn XXVIII-B (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) agus Iarscríbhinn XXVIII-C (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí poist agus cúiréireachta)a ghabhann leis an gComhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile [2023/2434]

TÁ AN COISTE COMHLACHAIS i gCUMRAÍOCHT TRÁDÁLA,

Ag féachaint don Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit de pháirt amháin, agus Poblacht na Moldóive den pháirt eile, agus go háirithe Airteagal 102, 230 agus 240 de,

Ag féachaint do Chinneadh Uimh. 3/2014 ó Chomhairle Comhlachais an Aontais agus Phoblacht na Moldóive an 16 Nollaig 2014 maidir le cumhachtaí áirithe a tharmligean chuig an gComhairle Comhlachais i gcumraíocht Trádála (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tháinig an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile ('an Comhaontú') i bhfeidhm an 1 Iúil 2016.

(2)

Foráiltear le hAirteagal 1(2), pointe (g), den Chomhaontú gurb é is aidhm don Chomhaontú, inter alia, coinníollacha a leagan síos maidir le caidreamh feabhsaithe eacnamaíoch agus trádála, rud a mbeadh comhtháthú de réir a chéile de Phoblacht na Moldóive (an Moldóiv) i margadh inmheánach an Aontais Eorpaigh mar thoradh air, lena n-áirítear trí Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála a chur ar bun, lena bhforálfar comhfhogasú rialála forleathan agus léirscaoileadh rochtana ar an margadh, i gcomhréir leis na cearta agus na hoibleagáidí a eascraíonn as ballraíocht san Eagraíocht Dhomhanda Trádála agus le cur i bhfeidhm trédhearcach na gceart agus na n-oibleagáidí sin.

(3)

Foráiltear in Airteagal 102 den Chomhaontú go ndéanfaidh an Mholdóiv a reachtaíocht a chomhfhogasú maidir le gníomhartha an Aontais agus ionstraimí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Iarscríbhinn XXVIII-B a ghabhann leis an gComhaontú, i gcomhréir le forálacha na hIarscríbhinne sin.

(4)

Foráiltear in Airteagal 230 den Chomhaontú go ndéanfaidh an Mholdóiv a reachtaíocht a chomhfhogasú le gníomhartha an Aontais agus le hionstraimí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Iarscríbhinn XXVIII-C a ghabhann leis an gComhaontú, i gcomhréir le forálacha na hIarscríbhinne sin.

(5)

D'iarr an Mholdóiv tuilleadh léirscaoilte maidir le rochtain ar an margadh maidir le fánaíocht.

(6)

Tá rialacha maidir le fánaíocht ina gcuid de acquis an Aontais maidir leis an teileachumarsáid ach níor áiríodh iad in Iarscríbhinn XXVIII-B (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) nuair a tugadh an Comhaontú i gcrích. Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XXVIII-B a chomhlánú le gníomhartha ábhartha an Aontais a bhaineann le fánaíocht.

(7)

Ag an gcéim reatha d’fhorbairt eacnamaíoch agus dhlíthiúil mhargadh inmheánach an Aontais a bhaineann le seirbhísí teileachumarsáide, is iad seo a leanas gníomhartha ábhartha an Aontais Eorpaigh a bhaineann le fánaíocht: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2286 ón gCoimisiún (2), Rialachán (AE) 2018/1971 (3) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir (AE) 2018/1972 (4) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654 ón gCoimisiún (5) agus Rialachán (AE) 2022/612 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6)..

(8)

Le hAirteagal 1(4) de Rialachán (AE) 2022/612 agus Airteagail 3(2) agus 3(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654, déantar tagairt do rátaí malairte tagartha arna bhfoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Faoi láthair, ní fhoilsíonn an Banc Ceannais Eorpach rátaí malairte do leu na Moldóive. Dá bhrí sin, tá gá le hoiriúnú i ndáil leis na forálacha sin chun foráil a dhéanamh maidir le húsáid na rátaí malairte idir an euro agus leu na Moldóive arna bhfoilsiú ag Banc Náisiúnta na Moldóive fad is nach bhfoilseoidh an Banc Ceannais Eorpach rátaí malairte do leu na Moldóive.

(9)

Ina theannta sin, tá acquis an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn XXVIII-B tagtha chun cinn ón uair dheireanach a tugadh Iarscríbhinn cothrom dar dáta an 4 Deireadh Fómhair 2019, agus tá acquis an Aontais dá dtagraítear in Iarscríbhinn XXVIII-C tagtha chun cinn ó tháinig an Comhaontú i bhfeidhm.

(10)

Dá bhrí sin, is gá Iarscríbhinní XXVIII-B agus XXVIII-C a ghabhann leis an gComhaontú a thabhairt cothrom le dáta agus a leasú trí ghníomhartha ábhartha an Aontais a chur le hIarscríbhinní XXVIII-B agus XXVIII-C agus trí ghníomhartha áirithe a gcuirfear na gníomhartha sin ina n-ionad a scriosadh.

(11)

An 16 Nollaig 2014, rinne an Chomhairle Comhlachais, trí Chinneadh Uimh. 3/2014, an chumhacht a tharmligean chuig an gCoiste Comhlachais i gcumraíocht Trádála, dá dtagraítear in Airteagal 438(3) den Chomhaontú, chun Iarscríbhinní áirithe a bhaineann le trádáil a ghabhann leis an gComhaontú sin a thabhairt cothrom le dáta nó a leasú.

(12)

Nuair a mheasann an Mholdóiv go ndearnadh gníomh dlí áirithe de chuid an Aontais a achtú agus a chur chun feidhme i gceart, cuirfidh an Mholdóiv na táblaí trasuímh ábhartha, mar aon le haistriúchán oifigiúil Béarla ar ghníomh dlí chur chun feidhme na Moldóive, faoi bhráid chomhrúnaí an Choiste Comhlachais i gcumraíocht Trádála,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear leis sin Iarscríbhinn XXVIII-B (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) a ghabhann leis an gComhaontú mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Leasaítear leis sin Iarscríbhinn XXVIII-C (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí poist agus cúiréireachta) a ghabhann leis an gComhaontú mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 3

Tá an Cinneadh seo leagtha síos sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis agus sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus comhúdaras ag an téacs i ngach ceann de na teangacha sin.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh in/sa Chisinau, 6ú Deireadh Fómhair 2023.

Thar ceann an Choiste Comhlachais i gcumraíocht Trádála

Na Cathaoirligh

Vadim GUMENE

Marco DUEERKOP

Na rúnaithe

Cristina CEBAN

Nicholas BURGE


(1)   IO AE L 110, 29.4.2015, lch. 40

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2286 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2016 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm an bheartais maidir le húsáid chóir agus maidir leis an modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar a inbhuanaithe agus atá sé deireadh a chur le formhuirir fánaíochta miondíola agus maidir leis an iarratas a beidh le cur isteach ag soláthraí seirbhísí fánaíochta chun críocha an mheasúnaithe sin (IO AE L 344, 17.12.2016, lch. 46).

(3)  Rialachán (AE) 2018/1971 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus Gníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC) lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/2120 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009. (IO L 321, 17.12.2018, lch. 1).

(4)  Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód Eorpach um Chumarsáid Leictreonach (IO L 321, 17.12.2018, lch. 36).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2020 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna soghluaiste agus uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna seasta a leagan síos (IO L 137, 22.4.2021, lch. 1.).

(6)  Rialachán (AE) 2022/612 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (IO L 115, 13.4.2022, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

1.   

Leasaítear Iarscríbhinn XXVIII-B (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) trí na gníomhartha seo a leanas de chuid an Aontais a chur leis:

Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (athmhúnlú) (‘EECC’).

An tráthchlár: cuirfear forálacha Threoir (AE) 2018/1972 chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Rialachán (AE) 2022/612 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Aibreán 2022 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas

Léifear forálacha Rialachán (AE) 2022/612, chun críocha an Chomhaontaithe seo, leis na hoiriúnaithe seo a leanas: In Airteagal 1(4) déantar tagairt do rátaí malairte tagartha arna bhfoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Fad is nach bhfoilseoidh an Banc Ceannais Eorpach rátaí malairte do leu na Moldóive, ba cheart rátaí malairte idir an euro agus leu na Moldóive arna bhfoilsiú ag Banc Náisiúnta na Moldóive a úsáid chun críocha Airteagal 1(4) a chur i bhfeidhm. Fágfar na tréimhsí tagartha agus na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 1(4) gan athrú.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Rialachán (AE) 2022/612 chun feidhme laistigh de 2 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2286 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2016 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm an bheartais maidir le húsáid chóir agus maidir leis an modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar a inbhuanaithe agus a bheadh sé deireadh a chur le formhuirir fánaíochta miondíola agus maidir leis an iarratas a bheidh le cur isteach ag soláthraí seirbhísí fánaíochta chun críocha an mheasúnaithe sin.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2286 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 2 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2020 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna soghluaiste agus uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna seasta a leagan síos.

Léifear forálacha Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654 ón gCoimisiún, chun críocha an Chomhaontaithe seo, leis na hoiriúnaithe seo a leanas: In Airteagal 3(2) agus Airteagal 3(3) déantar tagairt do rátaí malairte tagartha arna bhfoilsiú ag an mBanc Ceannais Eorpach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Fad is nach bhfoilseoidh an Banc Ceannais Eorpach rátaí malairte do leu na Moldóive, ba cheart rátaí malairte idir an euro agus leu na Moldóive arna bhfoilsiú ag Banc Náisiúnta na Moldóive a úsáid chun críocha Airteagal 3(2) agus 3(3) a chur i bhfeidhm. Fágfar na tréimhsí tagartha agus na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3(2) agus Airteagal 3(3) gan athrú.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654 ón gCoimisiún chun feidhme roimh an Rialachán maidir le Fánaíocht agus cuirfear chun feidhme iad laistigh de 2 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Rialachán (AE) 2018/1971 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus Gníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC) lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/2120 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009.

Údarás rialála náisiúnta na Moldóive ar a bhfuil an phríomhfhreagracht as maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmiú na margaí ó lá go lá maidir le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí, beidh sé rannpháirteach go hiomlán in obair Bhord Rialálaithe BEREC, i meithleacha BEREC agus i mBord Bainistíochta Oifig BEREC: beidh cearta ag údarás rialála náisiúnta na Moldóive agus beidh oibleagáidí uirthi a bheidh ar aon dul leis na cearta atá ag údaráis rialála náisiúnta Bhallstáit an Aontais agus leis na hoibleagáidí atá orthu, cé is moite den cheart vótála agus an ceart chun Cathaoirleachta ar an mBord Rialálaithe agus ar an mBord Bainistíochta.

I bhfianaise an mhéid sin, déanfar ionadaíocht ar údarás rialála náisiúnta na Moldóive ar leibhéal iomchuí i gcomhréir le forálacha Rialachán BEREC. I gcomhréir le rialacha ábhartha rialachán an Aontais thuasluaite, tabharfaidh BEREC agus Oifig BEREC cúnamh, de réir mar a bheidh, d’údarás rialála náisiúnta na Moldóive agus a chúramaí á gcomhlíonadh aige.

Tabharfaidh údarás rialála náisiúnta na Moldóive lánaird ar aon treoirlíne, tuairim, moladh, comhsheasamh agus dea-chleachtas arna nglacadh ag BEREC d’fhonn cur chun feidhme comhsheasmhach an chreata rialála do chumarsáid leictreonach a áirithiú.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Rialachán (AE) 2018/1971 chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2243 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena mbunaítear teimpléad don chonradh achomair a bheidh le húsáid ag soláthraithe seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil go poiblí de bhun Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2243 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Treoir 2014/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le bearta chun an costas a bhaineann le cur in úsáid líonraí cumarsáide leictreonaí ardluais a laghdú.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Threoir 2014/61/AE chun feidhme roimh an Rialachán maidir le Fánaíocht agus laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Rialachán (AE) 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta maidir le rochtain oscailte ar an idirlíon agus lena leasaítear Treoir 2002/22/CE maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí a bhaineann le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (IO L 310, 26.11.2015, lch. 1), arna leasú le: Rialachán (AE) Uimh. 2018/1971 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 (IO L 321, 17.12.2018, lch. 1).

An tráthchlár: cuirfear forálacha Rialachán (AE) 2015/2120 chun feidhme roimh an Rialachán maidir le Fánaíocht agus laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh 2007/176/CE ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2006 lena mbunaítear liosta caighdeán agus/nó sonraíochtaí le haghaidh líonraí cumarsáide leictreonaí, seirbhísí agus saoráidí gaolmhara agus seirbhísí gaolmhara agus a chuirtear in ionad na leaganacha uile roimhe seo (IO L 86, 27.3.2007, lch. 11), arna leasú le: Cinneadh 2008/286/CE ón gCoimisiún an 17 Márta 2008 (IO L 93, 4.4.2008, lch. 24).

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh 2007/176/CE ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 2 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/296 ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2015 lena mbunaítear na socruithe nós imeachta le haghaidh comhar idir na Ballstáit maidir le sainaithint leictreonach de bhun Airteagal 12(7) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/296 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 3 bliana i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1501 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2015 maidir leis an gcreat idir-inoibritheachta de bhun Airteagal 12(8) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1501 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 3 bliana i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1502 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2015 maidir le sonraíochtaí agus nósanna imeachta teicniúla le haghaidh leibhéil mhuiníne do mhodhanna ríomh-shainaitheantais de bhun Airteagal 8(3)de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1502 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 3 bliana i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1984 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2015 lena sainítear na cúinsí, na formáidí agus na nósanna imeachta um fhógra a thabhairt de bhun Airteagal 9(5) de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1984 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 3 bliana i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (athmhúnlú).

An tráthchlár: cuirfear forálacha Threoir (AE) 2019/1024 chun feidhme laistigh de 2 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/138 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2022 lena leagtar síos liosta de thacair sonraí shonracha ardluacha agus na socruithe maidir lena bhfoilsiú agus lena n-athúsáid.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/138 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 2 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha).

An tráthchlár: cuirfear forálacha Rialachán (AE) 2022/2065 chun feidhme laistigh de 3 bliana i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Moladh (AE) 2018/334 ón gCoimisiún an 1 Márta 2018 maidir le bearta chun dul i ngleic go héifeachtach le hábhar neamhdhleathach ar líne.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Mholadh (AE) 2018/334 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 2 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Rialachán (AE) 2022/1925 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2022 maidir le margaí inchoimhlinte agus cothroma san earnáil dhigiteach agus lena leasaítear Treoracha (AE) 2019/1937 agus (AE) 2020/1828 (An Gníomh um Margaí Digiteacha).

An tráthchlár: cuirfear forálacha Rialachán (AE) 2022/1925 chun feidhme laistigh de 3 bliana i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d'úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne (Rialachán maidir le hArdáin le haghaidh Gnó).

An tráthchlár: cuirfear forálacha Rialachán (AE) 2019/1150 chun feidhme laistigh de 2 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Rialachán (AE) 2018/302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Feabhra 2018 maidir le haghaidh a thabhairt ar gheobhlocáil nach bhfuil údar léi agus ar chineálacha eile idirdhealaithe bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí laistigh den mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2006/2004 agus (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE (an Rialachán maidir le Geobhlocáil).

An tráthchlár: cuirfear forálacha Rialachán (AE) 2018/302 chun feidhme laistigh de 2 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach), arna leasú le Treoir 2009/136/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Threoir 2002/58/CE chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

REACHTAÍOCHT MAIDIR LEIS AN SPEICTREAM RAIDIÓ

Cinneadh 243/2012/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2012 lena mbunaítear clár beartais ilbhliantúil um an speictream raidió.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh 243/2012/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/195/AE ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2013 lena sainítear na socruithe praiticiúla, na formáidí aonfhoirmeacha agus modheolaíocht i ndáil leis an bhfardal speictrim raidió a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 243/2012/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár beartais ilbhliantúil um an speictream raidió.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme 2013/195/AE ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/687 ón gCoimisiún an 28 Aibreán 2016 maidir le comhchuibhiú an bhanda minicíochta 694-790 MHz do chórais trastíre a bheadh in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar agus i gcomhair úsáid náisiúnta sholúbtha san Aontas Eorpach.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/687 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2317 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2016 lena leasaítear Cinneadh 2008/294/CE agus Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/654/AE, chun oibríocht cumarsáidí soghluaiste ar bord aerárthaí (seirbhísí MCA) a shimpliú san Aontas.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2317 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/191 ón gCoimisiún an 1 Feabhra 2017 lena leasaítear Cinneadh 2010/166/AE, chun teicneolaíochtaí nua agus bandaí minicíochta do sheirbhísí cumarsáide soghluaiste ar bord soithí (seirbhísí MCV) san Aontas Eorpach.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/191 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh (AE) 2017/899 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le húsáid an bhanda minicíochta 470-790 MHz san Aontas.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh (AE) 2017/899 chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1483 ón gCoimisiún an 8 Lúnasa 2017 lena leasaítear Cinneadh 2006/771/CE maidir le comhchuibhiú an speictrim raidió lena úsáid ag feistí gearr-raoin agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2006/804/CE.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1483 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme 2017/2077 (AE) ón gCoimisiún an 10 Samhain 2017 lena leasaítear Cinneadh 2005/50/CE maidir le comhchuibhiú an bhanda speictrim raidió sa raon 24 GHz lena úsáid ar feadh am teoranta i dtrealamh radair gearr-raoin mótarfheithiclí sa Chomhphobal.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2077 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/661 an 26 Aibreán 2018 ón gCoimisiún lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/750 maidir le comhchuibhiú an bhanda minicíochta 1 452-1 492 MHz do chórais trastíre a bheadh in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar san Aontas a mhéid a bhaineann lena gcuimsiú sna bandaí minicíochta 1 427–1 452 MHz agus 1 492–1 517 MHz.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/661 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1538 ón gCoimisiún an 11 Deireadh Fómhair 2018 maidir le comhchuibhiú speictrim raidió lena úsáid ag feistí gearr-raoin laistigh de bhandaí minicíochta 874–876 agus 915–921 MHz.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1538 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/235 ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2019 lena leasaítear Cinneadh 2008/411/CE a mhéid a bhaineann le nuashonrú coinníollacha teicniúla ábhartha is infheidhme maidir le banda minicíochta 3 400-3 800 MHz.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/235 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/785 ón gCoimisiún an 14 Bealtaine 2019 maidir le speictream raidió a chomhchuibhiú do threalamh a úsáideann teicneolaíocht ultra-leathanbhanda san Aontas agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/131/CE.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/785 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1345 ón gCoimisiún an 2 Lúnasa 2019 lena leasaítear Cinneadh 2006/771/CE maidir le nuashonrú coinníollacha teicniúla comhchuibhithe i réimse na húsáide speictrim raidió le haghaidh gairis ghearr-raoin.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1345 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/784 ón gCoimisiún an 14 Bealtaine 2019 maidir le comhchuibhiú an bhanda minicíochta 24,25-27,5 GHz do chórais trastíre atá in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí leathanbhanda gan sreang a sholáthar san Aontas.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/784 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/590 ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2020 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2019/784 a mhéid a bhaineann le nuashonrú coinníollacha teicniúla ábhartha is infheidhme maidir le banda minicíochta 24,25-27,5 GHz.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/590 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/636 ón gCoimisiún an 8 Bealtaine 2020 lena leasaítear Cinneadh 2008/477/CE a mhéid a bhaineann le nuashonrú coinníollacha teicniúla ábhartha is infheidhme maidir le banda minicíochta 2 500-2 690 MHz.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/636 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/667 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2020 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/688/AE ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le nuashonrú coinníollacha teicniúla ábhartha is infheidhme maidir le bandaí minicíochta 1 920-1 980 MHz agus 2 110-2 170 MHz.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/667 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1070 ón gCoimisiún an 20 Iúil 2020 maidir le saintréithe pointí rochtana gan sreang a bhfuil raon beag acu a shonrú de bhun Airteagal 57 (2) de Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1070 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1426 ón gCoimisiún an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le húsáid chomhchuibhithe speictrim raidió i mbanda minicíochta 5 875-5 935 MHz le haghaidh feidhmeanna a bhaineann le sábháilteacht Córas Cliste Iompair (ITS) agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/671/CE.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1426 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1067 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2021 maidir le húsáid chomhchuibhithe speictrim raidió i mbanda minicíochta 5 945-6 425 MHz le haghaidh cur chun feidhme córas rochtana gan sreang lena n-áirítear líonraí achair logánta raidió (WAS/RLANanna).

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1067 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1730 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2021 maidir le húsáid chomhchuibhithe bhandaí minicíochta péireáilte 874,4-880,0 MHz agus 919,4-925,0 MHz agus bhanda minicíochta neamhphéiráilte 1 900-1 910 MHz le haghaidh Raidió Móibíleach Iarnróid.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1730 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/172 ón gCoimisiún an 7 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1538 maidir le comhchuibhiú speictrim raidió lena úsáid ag gairis ghearr-raoin laistigh de bhandaí minicíochta 874-876 agus 915-921 MHz.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/172 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/173 ón gCoimisiún an 7 Feabhra 2022 maidir le comhchuibhiú bhandaí minicíochta 900 MHz agus 1 800 MHz le haghaidh córais trastíre atá in ann seirbhísí cumarsáide leictreonaí a sholáthar san Aontas agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/766/CE.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/173 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/179 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2022 maidir le comhchuibhiú úsáid speictrim raidió sa bhanda minicíochta 5 GHz le haghaidh cur chun feidhme córas rochtana gan sreang lena n-áirítear líonraí achair logánta raidió agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2005/513/CE.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/179 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/180 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh 2006/771/CE maidir leis an nuashonrú ar choinníollacha teicniúla comhchuibhithe i réimse na húsáide speictrim raidió le haghaidh gairis ghearr-raoin.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/180 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2307 ón gCoimisiún an 23 Samhain 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/179 a mhéid a bhaineann le bandaí minicíochta 5 150-5 250 MHz, 5 250-5 350 MHz agus 5 470-5 725 MHz a ainmniú agus a chur ar fáil i gcomhréir leis na coinníollacha teicniúla a leagtar amach san Iarscríbhinn.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2307 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2324 ón gCoimisiún an 23 Samhain 2022 lena leasaítear Cinneadh 2008/294/CE, chun teicneolaíochtaí rochtana breise agus bearta chun seirbhísí cumarsáide móibílí a oibriú (seirbhísí MCA) a chur san áireamh san Aontas.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2324 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

2.   

Leasaítear Iarscríbhinn XXVIII-B (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí teileachumarsáide) trí na gníomhartha seo a leanas scriosadh:

Treoir 2002/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le creat rialála coiteann do líonraí agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí (an Chreat-Treoir), arna leasú le Treoir 2009/140/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009.

Treoir 2002/20/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le húdarú líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le hÚdarú), arna leasú le Treoir 2009/140/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009.

Treoir 2002/19/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le rochtain ar líonraí cumarsáide leictreonaí agus ar shaoráidí gaolmhara, agus maidir le hidirnasc a bheith eatarthu (Treoir na Rochtana), arna leasú le Treoir 2009/140/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Treoir 2002/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2002 maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí a bhaineann le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le Seirbhís Uilíoch), arna leasú le Treoir 2009/136/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 agus le Rialachán (AE) 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Treoir 2003/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid, arna leasú le Treoir 2013/37/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Treoir 2013/37/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena leasaítear Treoir 2003/98/CE maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid.

Cinneadh 2005/513/CE ón gCoimisiún an 11 Iúil 2005 maidir le húsáid chomhchuibhithe speictrim raidió sa bhanda minicíochta 5 GHz chun córais rochtana gan sreang a chur chun feidhme lena n-airítear líonraí achair logánta raidió (WASanna/RLANanna).

Cinneadh 2007/90/CE ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2007 lena leasaítear Cinneadh 2005/513/CE maidir le húsáid chomhchuibhithe speictrim raidió sa bhanda minicíochta 5 GHz chun córais rochtana gan sreang a chur chun feidhme, lena n-airítear líonraí achair logánta Raidió (WASanna/RLANanna).

Cinneadh 2006/804/CE ón gCoimisiún an 23 Samhain 2006 maidir le comhchuibhiú an speictrim raidió le haghaidh feistí sainaitheanta radaimhinicíochta (RFID) a oibríonn sa bhanda ultra-ardmhinicíochta (UHF).

Cinneadh 2007/131/CE ón gCoimisiún an 21 Feabhra 2007 maidir le húsáid an speictrim raidió a cheadú do threalamh a úsáideann teicneolaíocht ultra-leathanbhanda ar bhealach comhchuibhithe sa Chomhphobal.

Cinneadh 2009/343/CE ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2009 lena leasaítear Cinneadh 2007/131/CE maidir le húsáid an speictrim raidió a cheadú do threalamh a úsáideann teicneolaíocht ultra-leathanbhanda ar bhealach comhchuibhithe sa Chomhphobal.

Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/702/AE ón gCoimisiún an 7 Deireadh Fómhair 2014 lena leasaítear Cinneadh 2007/131/CE maidir le húsáid an speictrim raidió a cheadú do threalamh a úsáideann teicneolaíocht ultra-leathanbhanda ar bhealach comhchuibhithe sa Chomhphobal.

Cinneadh 2008/671/CE ón gCoimisiún an 5 Lúnasa 2008 maidir le húsáid chomhchuibhithe speictrim raidió sa bhanda minicíochta 5 875 - 5 905 MHz d‘feidhmeanna sábháilteachta Córas Cliste Iompair (CCI).


IARSCRÍBHINN II

Leasaítear Iarscríbhinn XXVIII-C (Rialacha is infheidhme maidir le seirbhísí poist agus cúiréireachta) trí na gníomhartha seo a leanas de chuid an Aontais a chur leis:

Rialachán (AE) Uimh. 2018/644 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Aibreán 2018, maidir le seirbhís seachadta beartán trasteorann.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1263 ón gCoimisiún an 20 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear na foirmeacha chun faisnéis a chur isteach le seirbhísí seachadta beartán trasteorann de bhun Rialachán (AE) 2018/644 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

An tráthchlár: cuirfear forálacha Rialachán (AE) 2018/644 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1263 ón gCoimisiún chun feidhme laistigh de 1 bhliain i ndiaidh dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2434/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top