This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22023D2283
Decision of the EEA Joint Committee No 140/2023 of 28 April 2023 amending Annex XIII (Transport) to the EEA Agreement [2023/2283]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 140/2023 an 28 Aibreán 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/2283]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 140/2023 an 28 Aibreán 2023 lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/2283]
IO L, 2023/2283, 9.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2283/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2023/2283 |
9.11.2023 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 140/2023
an 28 Aibreán 2023
lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/2283]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1166 ón gCoimisiún an 15 Iúil 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/947 a mhéid a bhaineann leis an dáta cur i bhfeidhm a chur siar le haghaidh cásanna caighdeánacha maidir le hoibríochtaí a dhéantar laistigh d’amharclíne súl nó lasmuigh di (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 66zbc (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/947 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘— |
32021 R 1166: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1166 ón gCoimisiún an 15 Iúil 2021 (IO L 253, 16.7.2021, lch. 49).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1166 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 29 Aibreán 2023, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 115/2023 ó Chomhchoiste LEE an 28 Aibreán 2023 (2), cibé acu is déanaí.
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Aibreán 2023.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Nicolas VON LINGEN
(1) IO L 253, 16.7.2021, lch. 49.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
(2) IO L, 2023/2264, 9.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2264/oj.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/2283/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)