Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22023D0698

Cinneadh Uimh. 1/2023 ón gCoiste Speisialaithe Maidir Le Comhordú Slándála Sóisialta Arna Bunú Le hAirteagal 8(1)(p) Den Chomhaontú Trádála Agus Comhair Idir An tAontas Eorpach Agus An Comhphobal Eorpach Do Fhuinneamh Adamhach, De Pháirt, Agus Ríocht Aontaithe Na Breataine Móire Agus Thuaisceart Éireann, Den Pháirt Eile, an 10 Márta 2023 maidir le húsáid Malartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta chun sonraí a tharchur idir institiúidí nó comhlachtaí idirchaidrimh [2023/698]

PUB/2023/332

IO L 91, 29.3.2023, pp. 89–90 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/698/oj

29.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 91/89


CINNEADH Uimh. 1/2023 ÓN gCOISTE SPEISIALAITHE MAIDIR LE COMHORDÚ SLÁNDÁLA SÓISIALTA ARNA BUNÚ LE HAIRTEAGAL 8(1)(P) DEN CHOMHAONTÚ TRÁDÁLA AGUS COMHAIR IDIR AN TAONTAS EORPACH AGUS AN COMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH, DE PHÁIRT, AGUS RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN, DEN PHÁIRT EILE,

an 10 Márta 2023

maidir le húsáid Malartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta chun sonraí a tharchur idir institiúidí nó comhlachtaí idirchaidrimh [2023/698]

AN COISTE SPEISIALAITHE UM CHOMHORDÚ SLÁNDÁLA SÓISIALTA,

Ag féachaint don Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (1) (an “Comhaontú Trádála agus Comhair”), agus go háirithe Airteagal SSCI.4(2) den Phrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta a ghabhann leis,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal SSCI.71(4) den Phrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair (an “Prótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta”), féadfaidh an Ríocht Aontaithe páirt a ghlacadh sa Mhalartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta chun an prótacal sin a chur chun feidhme agus seasfaidh sí na costais lena mbaineann.

(2)

De bhun Airteagal SSCI.4(2) den Phrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta, féadfar sonraí a tharchur idir institiúidí nó comhlachtaí idirchaidrimh na mBallstát agus na Ríochta Aontaithe, faoi réir formheas a fháil ón gCoiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta, trí bhíthin an Mhalartaithe Leictreonaigh Faisnéise Slándála Sóisialta. A mhéid a mhalartaítear foirmeacha agus doiciméid trí bhíthin an Mhalartaithe Leictreonaigh Faisnéise Slándála Sóisialta, tá siad leis na rialacha is infheidhme maidir leis an Malartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta a urramú.

(3)

Úsáid an Mhalartaithe Leictreonaigh Faisnéise Slándála Sóisialta chun an Prótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta a chur chun feidhme, rachadh sí chun tairbhe do na Ballstáit agus don Ríocht Aontaithe, d’institiúidí slándála sóisialta agus do dhaoine a ghluaiseann idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe toisc go n-áiritheofaí léi malartú cruinn slán tapa faisnéise slándála sóisialta faoin bPrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta. Dá bhrí sin, ba cheart don Choiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta cinneadh a ghlacadh chun tarchur sonraí trí bhíthin an Mhalartaithe Leictreonaigh Faisnéise Slándála Sóisialta a fhormheas.

(4)

Tugann an Coiste Speisialaithe um Chomhordú Slándála Sóisialta dá aire, cé go bhfuil na rialacha maidir le comhordú slándála sóisialta a leagtar síos sa Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (2) éagsúil ó thaobh dlí de leo sin a leagtar síos sa Chomhaontú Trádála agus Comhair, déantar foráil in Airteagal 34(2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair go bhfuil an Ríocht Aontaithe le páirt a ghlacadh sa Mhalartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta (EESSI) agus na costais lena mbaineann a sheasamh,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tarchuirfear na sonraí idir institiúidí agus comhlachtaí idirchaidrimh na mBallstát agus na Ríochta Aontaithe trí bhíthin an Mhalartaithe Leictreonaigh Faisnéise Slándála Sóisialta. Tá an méid sin gan dochar do chásanna eisceachtúla a bhfuil údar oibiachtúil leo.

Airteagal 2

Seasfaidh an Ríocht Aontaithe na costais lena mbaineann a eascraíonn ón rannpháirtíocht sa Mhalartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta de bhun Airteagal SSCI.71(4) den Phrótacal maidir le Comhordú Slándála Sóisialta.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm dáta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil agus i Londain, an 10 Márta 2023.

Thar ceann an Choiste Speisialaithe Comhordú na slándála sóisialta

Na Comhchathaoirligh

Jordi CURELL GOTOR

Ronan O’CONNOR


(1)   IO L 149, 30.4.2021, lch. 10.

(2)   IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.


Top