This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22023D0048
Decision of the EEA Joint Committee No 243/2019 of 27 September 2019 amending Annex XIII (Transport) to the EEA Agreement [2023/48]
Cinneadh ó Chomhchoiste Lee Uimh. 243/2019 an 27 Meán Fómhair 2019 lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/48]
Cinneadh ó Chomhchoiste Lee Uimh. 243/2019 an 27 Meán Fómhair 2019 lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/48]
IO L 4, 5.1.2023, p. 79–79
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.
5.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 4/79 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 243/2019
an 27 Meán Fómhair 2019
lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/48]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/618 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2019 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhéid a bhaineann le liosta na n-aeriompróirí a bhfuil toirmeasc ar a n-oibriú nó atá faoi réir srianta oibríochtúla laistigh den Aontas (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
(2) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 66zab (Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE:
‘- |
32019 R 0618: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/618 ón gCoimisiún an 15 Aibreán 2019 (IO L 106, 17.4.2019, lch. 1).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/618 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 28 Meán Fómhair 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Meán Fómhair 2019.
Thar ceann Chomhchoiste LEE
An tUachtarán
Gunnar PÁLSSON
(1) IO L 106, 17.4.2019, lch. 1.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.