Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22023A2107

    COMHAONTÚ IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS POBLACHT NA hALBÁINE MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHTAÍ OIBRÍOCHTÚLA ARNA nDÉANAMH AG AN nGNÍOMHAIREACHT EORPACH UM AN nGARDA TEORANN AGUS CÓSTA I bPOBLACHT NA hALBÁINE

    ST/11944/2023/INIT

    IO L, 2023/2107, 5.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2023/2107/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2023/2107/oj

    Related Council decision
    Related Council decision
    European flag

    Iris Oifigiúil
    an Aontais Eorpaigh

    GA

    Sraith L


    2023/2107

    5.10.2023

    COMHAONTÚ IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS POBLACHT NA hALBÁINE MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHTAÍ OIBRÍOCHTÚLA ARNA nDÉANAMH AG AN nGNÍOMHAIREACHT EORPACH UM AN nGARDA TEORANN AGUS CÓSTA I bPOBLACHT NA hALBÁINE

    TÁ AN tAONTAS EORPACH,

    agus

    POBLACHT NA hALBÁINE,

    a ngairfear ‘Páirtí’ ar gach ceann díobh, agus a ngairfear ‘Páirtithe’ orthu i bhfochair a chéile, anseo feasta,

    DE BHRÍ gur féidir le cásanna teacht chun cinn i gcás ina gcomhordaíonn an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (‘an Ghníomhaireacht’) comhar oibríochtúil idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hAlbáine, lena n-áirítear ar chríoch Phoblacht na hAlbáine,

    DE BHRÍ gur cheart creat dlíthiúil i bhfoirm comhaontú stádais a bhunú i gcomhair cásanna ina mbeidh cumhachtaí feidhmiúcháin ag na baill den fhoireann arna n-imscaradh ag an nGníomhaireacht ar chríoch Phoblacht na hAlbáine,

    DE BHRÍ go bhféadfaí leis an gcomhaontú stádais foráil a dhéanamh maidir le bunú oifigí allamuigh ag an nGníomhaireacht ar chríoch Phoblacht na hAlbáine chun comhordú gníomhaíochtaí oibríochtúla a éascú agus a fheabhsú agus chun a áirithiú go ndéanfar bainistiú éifeachtach ar acmhainní daonna agus teicniúla na Gníomhaireachta,

     

    I bhFIANAISE leibhéal ard cosanta sonraí pearsanta i bPoblacht na hAlbáine agus san Aontas Eorpach,

    ÓS RUD É gur dhaingnigh Poblacht na hAlbáine Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa Uimh. 108 an 28 Eanáir 1981 maidir le Daoine Aonair a Chosaint maidir le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil go hUathoibríoch agus an Prótacal breise a ghabhann leis,

    AG CUIMHNEAMH gur prionsabail bhunúsacha a rialaíonn an comhar idir na Páirtithe iad urraim do chearta an duine agus do phrionsabail dhaonlathacha,

    I bhFIANAISE gur dhaingnigh Poblacht na hAlbáine Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint an 4 Samhain 1950, coinbhinsiún a gcomhfhreagraíonn na cearta atá ann do na cearta atá i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

    ÓS RUD É gur cheart lánurraim a thabhairt, i gcás gach gníomhaíochta oibríochtúla de chuid na Gníomhaireachta ar chríoch Phoblacht na hAlbáine, do chearta bunúsacha agus do na comhaontuithe idirnáisiúnta ar páirtí iontu an tAontas Eorpach, a Bhallstáit agus/nó Poblacht na hAlbáine,

    I bhFIANAISE go bhfuil gach duine a ghlacann páirt i ngníomhaíocht oibríochtúil faoi oibleagáid cloí leis na caighdeáin is airde ionracais, iompair eiticiúil, agus gairmiúlachta, sin agus urraim a bheith acu do chearta bunúsacha, maille le hoibleagáidí arna bhforchur orthu le forálacha an phlean oibríochtúil agus le cóid iompair na Gníomhaireachta a chomhlíonadh,

    TAR ÉIS CINNEADH A DHÉANAMH AN COMHAONTÚ SEO A THABHAIRT I gCRÍCH:

    Airteagal 1

    Raon feidhme

    1.   Leis an gComhaontú seo, rialaítear gach ábhar is gá le haghaidh foirne bainistithe teorainneacha de chuid bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh chuig Poblacht na hAlbáine a imscaradh, i gcás inar féidir le baill den fhoireann cumhachtaí feidhmiúcháin a fheidhmiú.

    2.   Féadfar an t-imscaradh dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh ar chríoch Phoblacht na hAlbáine, lena n-áirítear ag a teorainneacha talún, farraige agus aeir le tíortha eile. Faoi réir oibleagáidí na bPáirtithe faoi dhlí na farraige, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige 1982 go háirithe, féadfar gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanamh freisin i réigiún tadhlach na hAlbáine. Gníomhaíochtaí oibríochtúla arna gcur chun feidhme faoin gComhaontú seo, ní dhéanfaidh siad difear d’oibleagáidí cuardaigh agus tarrthála a thagann ó dhlí na farraige, go háirithe ó Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige 1982, ón gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir 1974 agus ón gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Cuardach agus Tarrtháil ar Muir 1979.

    Airteagal 2

    Sainmhínithe

    Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)

    ciallaíonn ‘Gníomhaireacht’ an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta arna bunú le Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1)nó aon leasú a dhéanfar ar an Rialachán sin;

    (2)

    ciallaíonn ‘rialú teorann’ an ghníomhaíocht arna déanamh ag teorainn, i gcomhréir leis an gComhaontú seo agus chun críocha an Chomhaontaithe seo, mar fhreagairt eisiach do rún an teorainn sin a thrasnú, nó do thrasnú na teorann sin, gan beann ar aon chúinse eile, lena gcuimsítear seiceálacha teorann agus faireachas ar theorainneacha;

    (3)

    ciallaíonn ‘foirne bainistithe teorainneacha’ foirne arna gcur le chéile as buanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a bheidh le himscaradh le linn oibríochtaí comhpháirteacha agus mear-idirghabhálacha teorann ag na teorainneacha seachtracha sna Ballstáit agus i dtríú tíortha;

    (4)

    ciallaíonn ‘fóram comhairliúcháin’ an comhlacht comhairleach arna bhunú ag an nGníomhaireacht de bhun Airteagal 108 de Rialachán (AE) 2019/1896;

    (5)

    ciallaíonn ‘buanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh’ buanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh dá bhforáiltear in Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2019/1896;

    (6)

    ciallaíonn ‘EUROSUR’ an creat le haghaidh malartú faisnéise agus comhar idir na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht;

    (7)

    ciallaíonn ‘duine den lucht faireacháin ar chearta bunúsacha’ duine de lucht faireacháin ar chearta bunúsacha dá bhforáiltear in Airteagal 110 de Rialachán (AE) 2019/1896;

    (8)

    ciallaíonn ‘Ballstát baile’ an Ballstát óna n-imscartar an ball foirne nó óna gcuirtear an ball foirne ar iasacht chuig buanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh;

    (9)

    ciallaíonn ‘teagmhas’ staid a bhaineann leis an inimirce neamhdhleathach, le coireacht trasteorann nó ina bhfuil baol do bheatha na n-inimirceach, ag teorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh nó Phoblacht na hAlbáine, feadh na dteorainneacha sin nó gar dóibh;

    (10)

    ciallaíonn ‘oibríocht chomhpháirteach’ gníomhaíocht arna comhordú nó arna heagrú ag an nGníomhaireacht chun tacú le húdaráis náisiúnta Phoblacht na hAlbáine atá freagrach as rialú teorann atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar dhúshláin amhail inimirce neamhdhleathach, bagairtí reatha nó bagairtí amach anseo ag teorainneacha Phoblacht na hAlbáine nó coireacht trasteorann, sin nó dírithe ar chúnamh méadaithe teicniúil agus oibríochtúil a sholáthar le aghaidh rialú na dteorainneacha sin;

    (11)

    ciallaíonn ‘ball den fhoireann’ ball de bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh arna imscaradh trí bhíthin foireann bainistithe teorainneacha chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíocht oibríochtúil;

    (12)

    ciallaíonn ‘Ballstát’ Ballstát den Aontas Eorpach;

    (13)

    ciallaíonn ‘gníomhaíocht oibríochtúil’ gníomhaíocht chomhpháirteach nó mear-idirghabháil teorann;

    (14)

    ciallaíonn ‘limistéar oibríochtúil’ an limistéar geografach ina bhfuil gníomhaíocht oibríochtúil le déanamh;

    (15)

    ciallaíonn ‘Ballstát rannpháirteach’ Ballstát a ghlacann páirt i ngníomhaíocht oibríochtúil trí threalamh teicniúil nó baill foirne de bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a chur ar fáil;

    (16)

    ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha saineathanta nó in-sainaitheanta (‘an t-ábhar sonraí’); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d’aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de na tosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;

    (17)

    ciallaíonn ‘mear-idirghabháil teorann’ gníomhaíocht atá dírithe ar fhreagairt do dhúshlán sonrach díréireach ag teorainneacha Phoblacht na hAlbáine trí fhoireann bainistithe teorainneacha a imscaradh i gcríoch Phoblacht na hAlbáine go ceann thréimhse theoranta ama chun rialú teorann a dhéanamh i gcomhar le húdaráis náisiúnta Phoblacht na hAlbáine atá freagrach as rialú teorann;

    (18)

    ciallaíonn ‘baill foirne reachtúla’ baill foirne arna bhfostú ag an nGníomhaireacht i gcomhréir le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (2).

    Airteagal 3

    Gníomhaíochtaí oibríochtúla a sheoladh

    1.   Seolfar gníomhaíocht oibríochtúil faoin gComhaontú seo trí bhíthin cinneadh i scríbhinn ó stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta (‘an stiúrthóir feidhmiúcháin’) ar iarraidh i scríbhinn ó údaráis inniúla Phoblacht na hAlbáine. Áireofar le hiarraidh den sórt sin tuairisc ar an gcás, ar an tréimhse ama a mheastar lena cur chun feidhme, ar na haidhmeanna féideartha agus ar na riachtanais atá beartaithe, agus próifílí na mball foirne a bheidh de dhíth, lena n-áirítear próifílí na mball foirne sin a bhfuil cumhachtaí feidhmiúcháin acu, de réir mar is infheidhme.

    2.   Má mheasann an stiúrthóir feidhmiúcháin gur dócha go mbeadh sáruithe ar chearta bunúsacha nó ar oibleagáidí cosanta idirnáisiúnta atá tromchúiseach nó leanúnach ag baint leis an ngníomhaíocht oibríochtúil a iarradh, nó go n-eascródh sáruithe den sórt sin as an ngníomhaíocht chéanna, ní sheolfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an ghníomhaíocht oibríochtúil.

    3.   Má mheasann an stiúrthóir feidhmiúcháin go bhfuil gá le tuilleadh faisnéise chun cinneadh a dhéanamh ar cheart gníomhaíocht oibríochtúil a sheoladh, tar éis iarraidh a fháil faoi mhír 1, féadfaidh sé nó sí faisnéis bhreise a iarraidh nó saineolaithe na Gníomhaireachta a údarú le taisteal go Poblacht na hAlbáine chun measúnú a dhéanamh ar an staid ann. Déanfaidh Poblacht na hAlbáine an taisteal sin a éascú.

    4.   Cinnfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin gan gníomhaíocht oibríochtúil a sheoladh má mheasann sé nó sí go bhfuil cúis ann, a bhfuil údar léi, í a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh de bhun Airteagal 18.

    Airteagal 4

    Plean oibríochtúil

    1.   Déanfar plean oibríochtúil a chomhaontú le haghaidh gach gníomhaíochta oibríochtúla idir an Ghníomhaireacht agus Poblacht na hAlbáine, i gcomhréir le hAirteagail 38 agus 74 de Rialachán (AE) 2019/1896. Beidh an plean oibríochtúil ina cheangal ar an nGníomhaireacht, ar Phoblacht na hAlbáine agus ar na Ballstáit rannpháirteacha.

    2.   Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin agus ionadaí údarás inniúil Phoblacht na hAlbáine an plean oibríochta a fhormheas i scríbhinn.

    3.   Leis an bplean oibríochtúil, leagfar amach go mionsonrach gnéithe eagraíochtúla agus gnéithe nós imeachta na gníomhaíochta oibríochtúla, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

    (a)

    tuairisc ar an gcás, maille le modus operandi agus cuspóirí an imscartha, lena n-áirítear aidhm na hoibríochta;

    (b)

    an tréimhse ama a mheastar a mhairfidh an ghníomhaíocht oibríochtúil chun go mbeidh sí in ann a cuspóirí a bhaint amach;

    (c)

    an limistéar oibríochtúil;

    (d)

    tuairisc ar chúraimí, lena n-áirítear na cúraimí a dteastaíonn cumhachtaí feidhmiúcháin ina leith, ar fhreagrachtaí, lena n-áirítear i dtaca le hurraim do chearta bunúsacha agus do cheanglais chosanta sonraí, agus ar threoracha speisialta i gcomhair na bhfoirne bainistithe teorainneacha, lena n-áirítear treoir maidir leis an gceadú bunachair shonraí is incheadaithe agus maidir leis na hairm sheirbhíse, an armlón agus an trealamh is incheadaithe i bPoblacht na hAlbáine;

    (e)

    comhdhéanamh na foirne bainistithe teorainneacha, mar aon le himscaradh ball foirne ábhartha eile a imscaradh agus ball eile de na baill foirne reachtúla a bheith ann, lena n-áirítear lucht faireacháin ar chearta bunúsacha;

    (f)

    forálacha maidir le ceannas agus rialú, lena n-áirítear ainmneacha agus céimeanna ghardaí teorann nó ball foirne ábhartha eile de chuid Phoblacht na hAlbáine a bheidh freagrach as comhoibriú leis na baill den fhoireann agus leis an nGníomhaireacht, go háirithe ainmneacha agus céimeanna na ngardaí teorann sin nó ball foirne ábhartha eile a bheidh i gceannas le linn na tréimhse imscartha, agus ionad na mball den fhoireann sa slabhra ceannais;

    (g)

    an trealamh teicniúil a bheidh le húsáid le linn na gníomhaíochta oibríochtúla, lena n-áirítear ceanglais shonracha amhail coinníollacha úsáide, an criú arna iarraidh, iompar agus lóistíocht eile, agus forálacha airgeadais;

    (h)

    forálacha mionsonraithe maidir le tuairisciú teagmhais ag an nGníomhaireacht ar bhonn láithreach don bhord bainistíochta agus d’údaráis ábhartha na mBallstát rannpháirteach agus Phoblacht na hAlbáine d’aon teagmhas a mbuailfear leis le linn gníomhaíocht oibríochtúil arna déanamh faoin gComhaontú seo;

    (i)

    scéim tuairiscithe agus meastóireachta ina bhfuil tagarmharcanna don tuarascáil mheastóireachta, lena n-áirítear maidir le cosaint na gceart bunúsach, agus dáta deiridh chun an tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach a thíolacadh;

    (j)

    maidir le hoibríochtaí ar muir, faisnéis shonrach i ndáil le cur i bhfeidhm na dlínse ábhartha agus an dlí is infheidhme sa limistéar oibríochtúil, lena n-áirítear tagairtí don dlí idirnáisiúnta, do dhlí an Aontais Eorpaigh agus don dlí náisiúnta maidir le hidircheapadh, tarrtháil ar muir agus díbhordáil;

    (k)

    téarmaí an chomhair le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile an Aontais Eorpaigh, seachas an Ghníomhaireacht, tríú tíortha eile nó eagraíochtaí idirnáisiúnta eile;

    (l)

    treoracha ginearálta maidir le conas a áirithiú go gcosnófar na cearta bunúsacha le linn na gníomhaíochta oibríochtúla, lena n-áirítear cosaint sonraí pearsanta agus oibleagáidí a eascraíonn as ionstraimí idirnáisiúnta is infheidhme maidir le cearta an duine;

    (m)

    nósanna imeachta lena ndéantar daoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, íospartaigh na gáinneála ar dhaoine, mionaoisigh neamhthionlactha agus daoine eile ar leochaileach a gcásanna, a threorú chuig na húdaráis náisiúnta inniúla chun an cúnamh iomchuí a fháil;

    (n)

    nósanna imeachta lena leagtar amach sásra chun gearáin (lena n-áirítear iad siúd a chuirtear isteach faoi Airteagal 8(5) anseo thíos) in aghaidh aon duine atá páirteach i ngníomhaíocht oibríochtúil, lena n-áirítear gardaí teorann nó baill foirne ábhartha eile de chuid Phoblacht na hAlbáine agus baill den fhoireann, a fháil agus a tharchur chuig an nGníomhaireacht agus chuig Poblacht na hAlbáine, ar gearáin iad ina líomhnaítear sáruithe ar chearta bunúsacha i gcomhthéacs a rannpháirtíochta i ngníomhaíocht oibríochtúil de chuid na Gníomhaireachta;

    (o)

    socruithe lóistíochta, lena n-áirítear faisnéis maidir le dálaí oibre agus timpeallacht na limistéar ina mbeidh an ghníomhaíocht oibríochtúil le déanamh; agus

    (p)

    forálacha maidir le hoifig allamuigh, arna bunú i gcomhréir le hAirteagal 6.

    4.   Beidh an plean oibríochtúil agus aon leasú air nó aon oiriúnú air faoi réir chomhaontú na Gníomhaireachta, Phoblacht na hAlbáine agus aon Ballstáit atá i gcomharsanacht Phoblacht na hAlbáine nó a bhfuil teorainn acu leis an limistéar oibríochtúil, tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit rannpháirteacha. Déanfaidh an Ghníomhaireacht comhordú leis na Ballstáit ábhartha chun a gcomhaontú a dheimhniú.

    5.   Déanfaidh malartú faisnéise agus comhar oibríochtúil chun críocha EUROSUR i gcomhréir leis na rialacha chun pictiúir de dhálaí sonracha a bheidh le leagan amach sa phlean oibríochtúil don ghníomhaíocht oibríochtúil lena mbaineann a bhunú agus a roinnt.

    6.   An mheastóireacht ar an ngníomhaíocht oibríochtúil i gcomhréir le mír 3, pointe (i), déanfaidh Poblacht na hAlbáine agus an Ghníomhaireacht í i gcomhar le chéile.

    7.   Na téarmaí comhair le comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais i gcomhréir le mír 3, pointe (k), cuirfear i gcrích iad i gcomhréir lena sainorduithe faoi seach agus de réir na n-acmhainní atá ar fáil.

    Airteagal 5

    Tuairisciú teagmhais

    1.   Beidh sásra um thuairisciú teagmhais ag an nGníomhaireacht agus ag Póilíní Stáit na hAlbáine araon chun gur féidir tuairisciú tráthúil a dhéanamh ar aon teagmhais a thagann chun cinn le linn gníomhaíocht oibríochtúil a dhéantar faoin gComhaontú seo.

    2.   Cuideoidh an Ghníomhaireacht agus Poblacht na hAlbáine le chéile chun gach fiosrúchán agus imscrúdú riachtanach a dhéanamh maidir le haon teagmhas a thuairisceofar tríd an sásra dá dtagraítear i mír 1, amhail finnéithe a shainaithint agus fianaise a bhailiú agus a sholáthar, lena n-áirítear iarrataí chun nithe a bhaineann le teagmhas a tuairiscíodh a fháil, agus más iomchuí, a thabhairt ar láimh. Féadfar tabhairt ar láimh aon ní den sórt sin a chur faoi réir a dtabhairt ar ais laistigh de na téarmaí a shonróidh an t-údarás inniúil a sholáthróidh iad.

    Airteagal 6

    Oifigí allamuigh

    1.   I gcomhairle le húdaráis ábhartha Phoblacht na hAlbáine, féadfaidh an Ghníomhaireacht oifigí allamuigh a bhunú ar chríoch Phoblacht na hAlbáine chun comhordú gníomhaíochtaí oibríochtúla a éascú agus a fheabhsú, agus chun a áirithiú go ndéanfar bainistiú éifeachtach ar acmhainní daonna agus teicniúla na Gníomhaireachta. Bunóidh an Ghníomhaireacht suíomh na hoifige allamuigh, agus comhaontú Phoblacht na hAlbáine á chur san áireamh.

    2.   Bunófar na hoifigí allamuigh i gcomhréir le riachtanais oibríochtúla agus beidh siad oibríochtúil le haghaidh na tréimhse ama is gá le go mbeidh an Ghníomhaireacht in ann gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanamh i bPoblacht na hAlbáine agus sa réigiún comharsanachta. Faoi réir chomhaontú Phoblacht na hAlbáine, féadfaidh an Ghníomhaireacht fad a chur leis an tréimhse ama sin.

    3.   Beidh gach oifig allamuigh faoi bhainistiú ionadaí de chuid na Gníomhaireachta arna cheapadh ag an stiúrthóir feidhmiúcháin mar cheann na hoifige allamuigh, duine a dhéanfaidh formhaoirseacht ar obair fhoriomlán na hoifige.

    4.   I gcás inarb infheidhme, déanfaidh na hoifigí allamuigh an méid seo a leanas:

    (a)

    tacaíocht oibríochtúil agus lóistíochta a sholáthar agus comhordú ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a áirithiú sna limistéir oibríochtúla lena mbaineann;

    (b)

    tacaíocht oibríochtúil a sholáthar do Phoblacht na hAlbáine sna limistéir oibríochtúla lena mbaineann;

    (c)

    faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na bhfoirne bainistithe teorainneacha agus tuairisciú go tráthrialta do cheanncheathrú na Gníomhaireachta;

    (d)

    comhar a dhéanamh le Poblacht na hAlbáine maidir le gach saincheist a bhaineann le cur chun feidhme praiticiúil na ngníomhaíochtaí oibríochtúla arna n-eagrú ag an nGníomhaireacht i bPoblacht na hAlbáine, lena n-áirítear aon saincheist bhreise a d’fhéadfadh a bheith tagtha chun cinn le linn na ngníomhaíochtaí sin;

    (e)

    tacú leis an oifigeach comhordúcháin sa chomhar a dhéanann sé nó sí le Poblacht na hAlbáine maidir le gach saincheist a bhaineann lena rannchuidiú leis na gníomhaíochtaí oibríochtúla arna n-eagrú ag an nGníomhaireacht agus, i gcás inar gá, idirchaidreamh a dhéanamh le ceanncheathrú na Gníomhaireachta;

    (f)

    tacú leis an oifigeach comhordúcháin agus leis an duine/na daoine den lucht faireacháin ar chearta bunúsacha a shanntar chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíocht oibríochtúil ó thaobh comhordú agus cumarsáid a éascú, i gcás inar gá, idir foirne bainistithe teorainneacha agus údaráis ábhartha Phoblacht na hAlbáine, mar aon le haon chúraimí ábhartha;

    (g)

    tacaíocht lóistíochta a eagrú a bhaineann leis na baill den fhoireann a imscaradh agus le trealamh teicniúil a imscaradh agus a úsáid;

    (h)

    an tacaíocht lóistíochta eile ar fad a sholáthar maidir leis an limistéar oibríochtúil a bhfuil oifig allamuigh ar leith freagrach as, d’fhonn feidhmiú rianúil na ngníomhaíochtaí oibríochtúla arna n-eagrú ag an nGníomhaireacht a éascú;

    (i)

    bainistiú éifeachtach threalamh na Gníomhaireachta féin a áirithiú sna réimsí a chumhdaítear lena cuid gníomhaíochtaí, lena n-áirítear clárú féideartha agus cothabháil fhadtéarmach an trealaimh sin agus aon tacaíocht lóistíochta is gá; agus

    (j)

    tacaíocht a thabhairt do bhaill foirne eile agus/nó gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta i bPoblacht na hAlbáine mar a aontaítear idir an Ghníomhaireacht agus Poblacht na hAlbáine.

    5.   Áiritheoidh an Ghníomhaireacht agus Poblacht na hAlbáine na dálaí is fearr is féidir le haghaidh na cúraimí a shanntar don oifig allamuigh a chomhlíonadh.

    6.   Cuirfidh Poblacht na hAlbáine cúnamh ar fáil don Ghníomhaireacht chun acmhainneacht oibríochtúil na n-oifigí allamuigh a áirithiú.

    Airteagal 7

    Oifigeach comhordúcháin

    1.   Gan dochar do ról na n-oifigí allamuigh mar a shainmhínítear in Airteagal 6, ceapfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin saineolaí amháin nó níos mó de na baill foirne reachtúla a bheidh le himscaradh mar oifigeach comhordúcháin/oifigigh chomhordúcháin do gach gníomhaíocht oibríochtúil. Cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin Poblacht na hAlbáine ar an eolas maidir le ceapachán den sórt sin.

    2.   Is é an ról a bheidh ag an oifigeach comhordúcháin ná:

    (a)

    gníomhú mar idirghabhálaí idir an Ghníomhaireacht, Poblacht na hAlbáine agus na baill den fhoireann, trí chuidiú a sholáthar, thar ceann na Gníomhaireachta, do na foirne maidir le gach saincheist a bhaineann le coinníollacha imscartha na bhfoirne bainistithe teorainneacha;

    (b)

    faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme ceart an phlean oibríochtúil, lena n-áirítear, i gcomhar leis an duine/na daoine den lucht faireacháin ar chearta bunúsacha, a mhéid a bhaineann le cearta bunúsacha a chosaint agus tuairisciú don stiúrthóir feidhmiúcháin ina leith sin;

    (c)

    gníomhú thar ceann na Gníomhaireachta maidir le gach gné d’imscaradh na bhfoirne bainistithe teorainneacha agus tuairisciú don Ghníomhaireacht faoi na gnéithe sin uile; agus

    (d)

    comhar agus comhordú i measc Phoblacht na hAlbáine agus na mBallstát rannpháirteach a chothú.

    3.   I gcomhthéacs gníomhaíochtaí oibríochtúla, féadfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin údarú don oifigeach comhordúcháin cúnamh a thabhairt i dtaca le haon easaontas faoi fhorghníomhú an phlean oibríochtúil agus imscaradh na bhfoirne bainistithe teorainneacha a réiteach.

    4.   Is treoracha a chomhlíonann an plean oibríochtúil amháin a eiseoidh Poblacht na hAlbáine do na baill den fhoireann. I gcás ina measann an t-oifigeach comhordúcháin nach bhfuil na treoracha a eisítear do na baill den fhoireann i gcomhréir leis an bplean oibríochtúil ná leis na hoibleagáidí dlíthiúil is infheidhme, cuirfidh sé nó sí é sin in iúl d’oifigigh Phoblacht na hAlbáine a dhéanann ról comhordúcháin agus don stiúrthóir feidhmiúcháin. Féadfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin bearta iomchuí a dhéanamh, lena n-áirítear an ghníomhaíocht oibríochtúil a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, i gcomhréir le hAirteagal 18.

    Airteagal 8

    Cearta bunúsacha

    1.   Agus a gcuid oibleagáidí faoin gComhaontú á gcomhlíonadh acu, glacann na Páirtithe mar chúram orthu féin gníomhú i gcomhréir le gach ionstraim is infheidhme um chearta an duine, lena n-áirítear Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa 1950 chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 1951 i dtaobh Stádas Dídeanaithe, agus an Prótacal ó 1967 a ghabhann leis, Coinbhinsiún Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe 1965 maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú, an Cúnant Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe 1966 ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, an Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 1979 maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 1984 in aghaidh na Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionós eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 1989 um Chearta an Linbh, Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe 2006 ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas agus Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

    2.   Déanfaidh baill den fhoireann, le linn dóibh a gcúraimí a chomhlíonadh agus a gcumhachtaí a fheidhmiú, cearta bunúsacha a urramú go hiomlán, lena n-áirítear maidir le rochtain ar nósanna imeachta tearmainn agus dínit an duine, agus tabharfaidh siad aird ar leith ar dhaoine leochaileacha. Beidh cibé bearta a ghlacfar i gcomhlíonadh a gcúraimí agus i bhfeidhmiú a gcumhachtaí comhréireach maidir le cuspóirí na mbeart sin. Le linn dóibh a gcúraimí a chomhlíonadh agus a gcumhachtaí a fheidhmiú, ní dhéanfaidh siad idirdhealú i gcoinne daoine ar bhonn aon fhoras amhail gnéas, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh, i gcomhréir le hAirteagal 21 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais.

    Níl cead bearta atá i mbealach na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha a dhéanamh ach amháin nuair a dhéanann baill den fhoireann iad agus a gcuid cúraimí á gcomhlíonadh nó a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu nuair is gá agus nuair atá sé comhréireach maidir le cuspóirí na mbeart sin agus ní mór meas a bheith acu ar bhunbhrí na gceart bunúsach agus na saoirsí bunúsacha sin i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, le dlí an Aontais Eorpaigh agus leis an dlí náisiúnta is infheidhme.

    Beidh feidhm mutatis mutandis ag an bhforáil seo maidir le gach ball foirne d’údaráis náisiúnta Phoblacht na hAlbáine atá rannpháirteach i ngníomhaíocht oibríochtúil.

    3.   Déanfaidh oifigeach na Gníomhaireachta um chearta bunúsacha faireachán ar chomhlíontacht gach gníomhaíochta oibríochtúla maidir le caighdeáin um chearta bunúsacha is infheidhme. Féadfaidh an t-oifigeach um chearta bunúsacha, nó a ionadaí nó a hionadaí, cuairteanna ar an láthair a thabhairt ar Phobalcht na hAlbáine; tabharfaidh sé nó sí tuairimí maidir leis na pleananna oibríochtúla agus cuirfidh sé nó sí an stiúrthóir feidhmiúcháin ar an eolas maidir le sáruithe féideartha ar chearta bunúsacha i dtaobh gníomhaíocht oibríochtúil. Tacóidh Poblacht na hAlbáine le hiarrachtaí faireacháin an oifigigh um chearta bunúsacha, de réir mar a n-iarrfar sin uirthi.

    4.   Comhaontaíonn an Ghníomhaíocht agus Poblacht na hAlbáine rochtain thráthúil éifeachtach ar gach faisnéis a bhaineann le hurraim do chearta bunúsacha maidir le haon ghníomhaíocht oibríochtúil arna déanamh faoin gComhaontú seo a chur ar fáil don fhóram comhairliúcháin, lena n-áirítear cuairteanna ar an láthair sa limistéar oibríochtúil.

    5.   Beidh sásra gearán ag an nGníomhaireacht agus Poblacht na hAlbáine araon chun próiseáil a dhéanamh ar líomhaintí ar sháruithe ar chearta bunúsacha, arna ndéanamh ag a mbaill foirne agus a bhfeidhmeanna oifigiúla á bhfeidhmiú acu le linn gníomhaíocht oibríochtúil arna déanamh faoin gComhaontú seo.

    6.   Agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu agus a gcumhachtaí faoin gcomhaontú seo á bhfeidhmiú acu, déanfaidh baill den fhoireann aon sárú ar chóid iompair na Gníomhaireachta a thuairisciú don Ghníomhaireacht gan moill mhíchuí. Cuirfidh an Ghníomhaireacht údaráis ábhartha na hAlbáine ar an eolas faoi na tuarascálacha sin gan moill mhíchuí trí shásra atá le sainiú sa phlean oibríochtúil.

    Airteagal 9

    Lucht faireacháin ar chearta bunúsacha

    1.   Déanfaidh oifigeach um chearta bunúsacha na Gníomhaireachta duine amháin ar a laghad den lucht faireacháin ar chearta bunúsacha a cheapadh i ngach gníomhaíocht oibríochtúil chun, inter alia, cúnamh a thabhairt don oifigeach comhordúcháin agus comhairle a chur air.

    2.   Déanfaidh an lucht faireacháin ar chearta bunúsacha faireachán ar chomhlíonadh na gceart bunúsach agus tabharfaidh siad comhairle agus cúnamh maidir le cearta bunúsacha in ullmhú, cur i gcrích agus measúnú na gníomhaíochtaí oibríochtúla ábhartha. Áireofar leis sin, go háirithe:

    (a)

    ullmhú pleananna oibríochtúla a leanúint agus tuairisciú a dhéanamh don oifigeach um chearta bunúsacha chun go mbeidh sé nó sí in ann a chuid nó a chuid cúraimí a chomhlíonadh dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/1896;

    (b)

    cuairteanna a thabhairt, lena n-áirítear cuairteanna fadtéarmacha, ar na háiteanna ina ndéanann gníomhaíochtaí oibríochtúla;

    (c)

    comhoibriú agus idirchaidreamh a dhéanamh leis an oifigeach comhordúcháin agus cúnamh agus comhairle a chur ar fáil dó nó di;

    (d)

    an t-oifigeach comhordúcháin a chur ar an eolas agus tuairisciú a dhéanamh don oifigeach um chearta bunúsacha maidir le haon ábhar imní i dtaca le sáruithe féideartha ar chearta bunúsacha a bhaineann leis an ngníomhaíocht oibríochtúil; agus

    (e)

    rannchuidiú le meastóireacht a dhéanamh ar an ngníomhaíocht oibríochtúil dá dtagraítear in Airteagal 4(3), pointe (i).

    3.   Beidh rochtain ag lucht faireacháin ar chearta bunúsacha ar gach réimse ina ndéanfaidh an ghníomhaíocht oibríochtúil agus ar na doiciméid uile a bhaineann le cur chun feidhme na gníomhaíochta sin.

    4.   Nuair a bheidh lucht faireacháin ar chearta bunúsacha i láthair sa limistéar oibríochtúil, beidh ionchomharthaí á gcaitheamh acu lenar féidir iad a sainaithint go soiléir mar dhaoine den lucht faireacháin ar chearta bunúsacha.

    Airteagal 10

    Baill den fhoireann

    1.   Beidh an t-údarás ag baill den fhoireann na cúraimí a thuairiscítear sa phlean oibríochtúil a dhéanamh.

    2.   Agus na cúraimí sin á gcomhlíonadh agus na cumhachtaí sin á bhfeidhmiú ag na baill den fhoireann, comhlíonfaidh siad dlíthe agus rialacháin Phoblacht na hAlbáine chomh maith leis an dlí idirnáisiúnta agus dlí an Aontais Eorpaigh is infheidhme.

    3.   Ní fhéadfaidh baill den fhoireann cúraimí a chomhlíonadh agus cumhachtaí a fheidhmiú ar chríoch Phoblacht na hAlbáine ach amháin de réir treoracha ó údaráis bhainistithe teorainneacha Phoblacht na hAlbáine agus i láthair na n-údarás sin. Féadfaidh Poblacht na hAlbáine baill den fhoireann a údarú le cúraimí sonracha a chomhlíonadh agus cumhachtaí sonracha a fheidhmiú ar a críoch in éagmais a n-údarás bainistithe teorannacha faoi réir thoiliú na Gníomhaireachta nó an Bhallstáit baile, de réir mar is iomchuí.

    4.   Is í éide bhuanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a bheidh á caitheamh ag baill den fhoireann ar baill foirne reachtúla iad, le linn dóibh a gcúraimí a chomhlíonadh agus a gcumhachtaí a fheidhmiú, mura sonraítear a mhalairt sa phlean oibríochtúil.

    Beidh a n-éide náisiúnta féin á gcaitheamh ag baill den fhoireann nach baill foirne reachtúla iad agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu agus a gcumhachtaí á bhfeidhmiú acu, mura sonraítear a mhalairt sa phlean oibríochtúil.

    Agus iad ar dualgas, ní mór do gach ball den fhoireann comhartha céannachta pearsanta infheicthe agus armbhanda gorm ar a mbeidh ionchomharthaí an Aontais Eorpaigh agus na Gníomhaireachta ar a gcuid éidí.

    5.   Údaróidh Poblacht na hAlbáine baill ábhartha den fhoireann cúraimí a chomhlíonadh le linn gníomhaíocht oibríochtúil a éilíonn úsáid fornirt, lena n-áirítear airm sheirbhíse, armlón agus modhanna comhéigneacha eile a iompar agus a úsáid, i gcomhréir le forálacha ábhartha an phlean oibríochtúil, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

    (a)

    féadfaidh baill den fhoireann ar baill foirne reachtúla iad airm sheirbhíse, armlón agus modhanna comhéigneacha eile a iompar agus a úsáid faoi réir thoiliú na Gníomhaireachta;

    (b)

    féadfaidh baill den fhoireann nach baill foirne reachtúla iad airm sheirbhíse, armlón agus modhanna comhéigneacha eile a iompar agus a úsáid faoi réir thoiliú an Bhallstáit baile ábhartha.

    6.   Déanfar úsáid fornirt, lena n-áirítear iompar agus úsáid arm seirbhíse, armlón agus modhanna comhéigneacha eile, a fheidhmiú i gcomhréir le dlí náisiúnta Phoblacht na hAlbáine agus i láthair údaráis bainistithe teorannacha Phoblacht na hAlbáine. Féadfaidh Poblacht na hAlbáine baill den fhoireann a údarú le fórsa a úsáid in éagmais údaráis bainistithe teorainneacha ábhartha Phoblacht na hAlbáine, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

    (a)

    maidir le baill den fhoireann ar baill foirne reachtúla iad, beidh an t-údarú sin le forneart a úsáid in éagmais údaráis bainistithe teorainneacha Phoblacht na hAlbáine faoi réir thoiliú na Gníomhaireachta;

    (b)

    maidir le baill den fhoireann nach baill foirne reachtúla iad, beidh an t-údarás sin le forneart a úsáid in éagmais údaráis bainistithe teorainneacha Phoblacht na hAlbáine faoi réir thoiliú an Bhallstáit baile ábhartha.

    Ní mór go mbeadh úsáid fornirt ag na baill den fhoireann riachtanach agus comhréireach agus ní mór úsáid fornirt den sórt sin an dlí idirnáisiúnta a chomhlíonadh, dlí an Aontais, agus an dlí náisiúnta is infeidhme , lena n-áirítear, go háirithe, na ceanglais a leagtar síos in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1896.

    7.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht, sula n-imscarfar na baill den fhoireann, Poblacht na hAlbáine ar an eolas maidir leis na hairm sheirbhíse, armlón agus trealamh eile a bhfuil cead ag baill den fhoireann a iompar faoi mhír 5. Féadfaidh Poblacht na hAlbáine, áfach, cosc a chur ar airm sheirbhíse, armlón agus trealamh áirithe eile a iompar, ar choinníoll go bhfuil feidhm ag an toirmeasc céanna maidir lena n-údaráis bainistithe teorannacha féin faoina dlí féin. Sula n-imscarfar na baill den fhoireann, cuirfidh Phoblachta na hAlbáine an Ghníomhaireacht ar an eolas maidir le hairm sheirbhíse, armlón agus trealamh is incheadaithe agus maidir leis na coinníollacha lena n-úsáid. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an fhaisnéis sin ar fáil do Bhallstáit.

    Déanfaidh Poblacht na hAlbáine na socruithe is gá le haghaidh aon cheadúnas airm is gá a eisiúint agus déanfaidh sé allmhairiú, onnmhairiú, iompar agus stóráil na n-arm, armlóin agus trealaimh eile a bheidh ar fáil do na baill den fhoireann a éascú, arna iarraidh sin ag an nGníomhaireacht. Leagfar amach sa phlean oibríochta an nós imeachta chun ceadúnas arm a eisiúint.

    8.   Féadfar airm sheirbhíse, armlón agus trealamh a úsáid i bhféinchosaint dhlisteanach, i gcosaint dhlisteanach na mball den fhoireann nó i gcosaint daoine eile, i gcomhréir le dlí náisiúnta Phoblacht na hAlbáine i gcomhréir le prionsabail ábhartha dhlí idirnáisiúnta agus dhlí an Aontais.

    9.   Féadfaidh Poblacht na hAlbáine baill den fhoireann a údarú le bunachair shonraí náisiúnta a cheadú más gá chun aidhmeanna oibríochtúla a shonraítear sa phlean oibríochtúil a bhaint amach. Áiritheoidh Poblacht na hAlbáine go soláthróidh sé an rochtain sin ar bhunachair sonraí ar shlí éifeachtúil agus éifeachtach.

    Sula n-imscarfar na baill den fhoireann, cuirfidh Poblacht na hAlbáine an Ghníomhaireacht ar an eolas faoi na bunachair shonraí náisiúnta a fhéadfar a cheadú.

    Ní cheadóidh baill den fhoireann ach na sonraí sin a bhfuil gá leo chun a gcúraimí a chomhlíonadh agus a gcumhachtaí a fheidhmiú. Déanfar an ceadú sin i gcomhréir le dlí náisiúnta Poblacht na hAlbáine maidir le cosaint sonraí agus i gcomhréir leis an gComhaontú seo.

    10.   Chun gníomhaíochtaí oibríochtúla a chur chun feidhme, déanfaidh Poblacht na hAlbáine oifigigh ó Roinn na nPóilíní Teorann agus Inimirce a imscaradh atá ábalta agus toilteanach cumarsáid a dhéanamh i mBéarla chun ról comhordaithe a chomhlíonadh thar ceann Phoblacht na hAlbáine.

    Airteagal 11

    Pribhléidí agus díolúintí maoine, cistí, sócmhainní agus oibríochtaí na Gníomhaireachta

    1.   Beidh aon áitreabh agus foirgnimh de chuid na Gníomhaireachta i bPoblacht na hAlbáine dosháraithe. Beidh siad díolmhaithe ó chuardach, foréileamh, coigistiú nó díshealbhú.

    2.   Maoin agus sócmhainní na Gníomhaireachta, lena n-áirítear modhanna iompair, cumarsáid, cartlanna, comhfhreagras, doiciméid, páipéir aitheantais agus sócmhainní airgeadais, is dosháraithe a bheidh siad.

    3.   Áirítear le sócmhainní na Gníomhaireachta sócmhainní atá faoi úinéireacht nó faoi chomhúinéireacht Ballstáit, nó arna gcairtfhostú nó arna léasú ag Ballstát agus arna gcur ar fáil don Ghníomhaireacht. Ar bhordáil ionadaí/ionadaithe údaráis inniúla náisiúnta, caithfear leo siúd mar acmhainní i mbun seirbhíse rialtais agus déanfar iad a údarú i ndáil leis sin.

    4.   Ní fhéadfaidh aon bheart forghníomhaithe a dhéanamh i leith na Gníomhaireachta. Ní bheidh maoin ná sócmhainní na Gníomhaireachta faoi réir aon bheart comhéigin riaracháin ná dlíthiúil. Ní fhéadfaidh maoin de chuid na Gníomhaireachta a urghabháil chun breithiúnas, cinneadh ná ord a chomhlíonadh.

    5.   Ceadóidh Poblacht na hAlbáine iontráil agus baint earraí agus trealaimh arna n-imscaradh ag an nGníomhaireacht chuig Poblacht na hAlbáine chun críocha oibríochtúla.

    6.   Beidh an Ghníomhaireacht díolmhaithe ó gach dleacht (lena n-áirítear dleachtanna custaim) agus ó gach cáin chomh maith le haon toirmeasc agus srian ar allmhairí agus ar onnmhairí i ndáil le hearraí agus trealamh atá beartaithe dá húsáid oifigiúil, lena n-áirítear earraí agus trealamh arna allmhairiú nó arna n-onnmhairiú ag tríú páirtí thar ceann na Gníomhaireachta.

    Airteagal 12

    Pribhléidí agus díolúintí na mball den fhoireann

    1.   Ní bheidh baill den fhoireann faoi réir aon chineál fiosrúcháin ná imeacht dlíthiúil i bPoblacht na hAlbáine nó ag údaráis Phoblacht na hAlbáine, seachas sna cúinsí dá dtagraítear i mír 2.

    2.   Beidh díolúine ag baill den fhoireann ó dhlínse choiriúil, shibhialta agus riaracháin Phoblacht na hAlbáine i ndáil leis na gníomhartha go léir a dhéanann siad i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna oifigiúla, le linn na ngníomhaíochtaí arna ndéanamh i gcomhréir leis an bplean oibríochtúil.

    I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag údaráis Phoblacht na hAlbáine imeachtaí coiriúla, sibhialta nó riaracháin a thionscnamh i gcoinne baill den fhoireann os comhair aon chúirte de chuid Phoblacht na hAlbáine, tabharfaidh na húdaráis inniúla Phoblacht na hAlbáine fógra láithreach don stiúrthóir feidhmiúcháin.

    Tar éis dó fógra den sórt sin a fháil, cuirfidh stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta in iúl d’údaráis ábhartha Phoblacht na hAlbáine, gan aon mhoill mhíchuí, cé acu a rinne nó nach ndearna an ball den fhoireann an gníomh i dtrácht agus a fheidhmeanna nó a feidhmeanna oifigiúla á bhfeidhmiú aige nó aici. Más rud é gur sonraíodh go ndearnadh an gníomh i bhfeidhmiú feidhmeanna oifigiúla, ní thionscnófar na himeachtaí. Más rud é gur sonraíodh nach ndearnadh an gníomh i bhfeidhmiú feidhmeanna oifigiúla, féadfar na himeachtaí a thionscnamh. Beidh cáilithe an stiúrthóra feidhmiúcháin ceangailteach ar Phoblacht na hAlbáine, agus ní chuirfidh sé ina aghaidh.

    Go dtí go bhfaighfear an cáiliú sin, staonfaidh an Ghníomhaireacht ó aon bheart a dhéanamh atá beartaithe chun aon ionchúiseamh coiriúil a d’fhéadfadh údaráis inniúla Phoblacht na hAlbáine a dhéanamh ina dhiaidh sin ar an mball den fhoireann a chur i mbaol, lena n-áirítear filleadh an bhaill den fhoireann lena mbaineann ó Phoblacht na hAlbáine ar a mBallstát baile a éascú.

    Ní dhéantar baill den fhoireann a dhíolmhú ó dhlínse an Bhallstáit baile mar gheall ar phribhléidí a dheonaítear dóibh agus díolúine ó dhlínse choiriúil Phoblacht na hAlbáine.

    Má thionscnaíonn baill den fhoireann imeachtaí, coiscfidh sé sin orthu díolúine a agairt ón dlínse i leith aon fhrithmhaímh a bhainfidh go díreach leis an bpríomh-mhaíomh.

    3.   Féadfaidh údaráis Phoblacht na hAlbáine gníomhartha a mheastar a bhfuil ábharthacht araíonachta ag baint leo a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta.

    4.   Áitribh, áiteanna cónaithe, modhanna iompair agus cumarsáide agus maoin na mball den fhoireann, lena n-áirítear comhfhreagras, doiciméid, páipéir aitheantais agus sócmhainní, beidh siad dosháraithe, ach amháin i gcás bearta forghníomhaithe a cheadaítear de bhun mhír 8.

    5.   Beidh Poblacht na hAlbáine faoi dhliteanas i leith aon díobháil arna déanamh ag baill den fhoireann ar thríú páirtithe agus a bhfeidhmeanna oifigiúla á bhfeidhmiú.

    6.   I gcás díobháil arna déanamh de bharr mórfhaillí nó mí-iompar toiliúil, nó arna déanamh ag ball foirne ar ball foirne reachtúil é agus nach mbaineann le feidhmeanna oifigiúla a fheidhmiú, féadfaidh Poblacht na hAlbáine a iarraidh, tríd an stiúrthóir feidhmiúcháin, go n-íocfadh an Ghníomhaireacht cúiteamh.

    I gcás díobháil arna déanamh de bharr mórfhaillí nó mí-iompar toiliúil, nó arna déanamh ag ball den fhoireann nach ball foirne reachtúil é, agus é gan bheith i mbun a fheidhmeanna oifigiúla á bhfeidhmiú, féadfaidh Poblacht na hAlbáine a iarraidh, tríd an stiúrthóir feidhmiúcháin, go n-íocfadh an Ballstát baile lena mbaineann cúiteamh.

    7.   Ní bheidh sé d’oibleagáid ar bhaill den fhoireann fianaise a thabhairt mar fhinnéithe in imeachtaí dlíthiúla i bPoblacht na hAlbáine.

    8.   Ní fhéadfaidh aon bheart forghníomhaithe a dhéanamh i leith baill den fhoireann, ach amháin i gcásanna ina ndéantar imeachtaí coiriúla, sibhialta nó riaracháin a thionscnamh ina n-aghaidh nuair nach mbaineann an t-imeacht sin lena bhfeidhmeanna oifigiúla. Maoin de chuid ball den fhoireann atá deimhnithe ag an stiúrthóir feidhmiúcháin mar ní atá riachtanach chun a bhfeidhmeanna oifigiúla a chomhlíonadh, ní fhéadfaidh í a urghabháil chun breithiúnas, cinneadh ná ord a chomhlíonadh.

    In imeachtaí coiriúla, ní bheidh baill den fhoireann faoi réir aon srianta ar a saoirse phearsanta ná faoi réir aon bhearta srianta eile, go dtí go mbeidh cáilíocht ag an stiúrthóir feidhmiúcháin i dtaobh an ndearna an ball den fhoireann an gníomh i dtrácht i bhfeidhmiú a fheidhme nó a feidhme oifigiúla.

    Ní bheidh baill den fhoireann faoi réir aon srian ar a saoirse phearsanta ná aon bheart eile comhéigin in imeachtaí sibhialta.

    In imeachtaí riaracháin, cuirfidh Poblacht na hAlbáine an stiúrthóir feidhmiúcháin ar an eolas láithreach faoi aon srian ar an tsaoirse phearsanta, nó faoi aon bheart srianta eile arna ndéanamh i gcoinne bhaill den fhoireann.

    9.   Beidh baill den fhoireann, maidir le seirbhísí a sholáthar don Ghníomhaireacht, díolmhaithe ó fhorálacha um shlándáil shóisialta a d’fhéadfadh bheith i bhfeidhm i bPoblacht na hAlbáine.

    10.   Ní ghearrfar aon cháin, de chineál ar bith, i bPoblacht na hAlbáine ar thuarastal ná díolaíocht a íocann an Ghníomhaireacht agus/nó Ballstáit bhaile le baill den fhoireann, nó ar aon ioncam a fhaigheann baill den fhoireann lasmuigh de Phoblacht na hAlbáine.

    11.   Ceadóidh Poblacht na hAlbáine iontráil earraí d’úsáid phearsanta na mball den fhoireann agus deonóidh siad díolúine ó gach dleacht chustam, cáin agus costas gaolmhar seachas costais ar stóráil, iompar agus seirbhísí comhchosúla, i leith earraí den sórt sin. Ceadóidh Poblacht na hAlbáine onnmhairiú earraí den sórt sin freisin.

    12.   Beidh bagáiste pearsanta de chuid baill den fhoireann díolmhaithe ó imscrúdú, mura bhfuil cúiseanna tromchúiseacha a bheith amhrasta go bhfuil earraí ann nach d’úsáid phearsanta na mball den fhoireann iad, nó earraí a choisctear leis an dlí a n-allmhairiú nó a n-onnmhairiú nó atá faoi réir rialacháin choraintín Phoblacht na hAlbáine. Ní iniúchfar bagáiste pearsanta den sórt sin ach amháin i láthair na mball den fhoireann lena mbaineann nó ionadaí údaraithe de chuid na Gníomhaireachta.

    13.   Ceapfaidh an Ghníomhaireacht agus Poblacht na hAlbáine pointí teagmhála a bheidh ar fáil i gcónaí agus a bheidh freagrach as malartú faisnéise agus gníomhaíochtaí láithreacha a bheidh le déanamh maidir le haon ghníomh arna dhéanamh ag ball den fhoireann a d’fhéadfadh a bheith ina shárú ar dhlí coiriúil, chomh maith leis an malartú faisnéise agus na gníomhaíochtaí oibríochtúla i ndáil le haon imeacht sibhialta ná riaracháin in aghaidh ball den fhoireann.

    Go dtí go mbeidh gníomhaíocht déanta ag údaráis inniúla an Bhallstáit baile, cuideoidh an Ghníomhaireacht agus Poblacht na hAlbáine le chéile chun na fiosrúcháin agus imscrúduithe ar fad is gá a dhéanamh maidir le haon chion coiriúil líomhainte a bhfuil leas ag an nGníomhaireacht agus Poblacht na hAlbáine nó iad araon ina leith, i sainaithint finnéithe agus bailiú agus soláthar fianaise, lena n-áirítear an iarraidh ar nithe a bhaineann leis an gcion coiriúil a mhaítear a fháil, agus a thabhairt ar láimh, más iomchuí. Féadfaidh tabhairt ar láimh aon ní den sórt sin bheith faoi réir a dtabhartha ar ais laistigh de na téarmaí a shonraíonn an t-údarás inniúil a sholáthraíonn iad.

    Airteagal 13

    Baill den fhoireann atá gortaithe nó éagtha

    1.   Gan dochar d’Airteagal 12, beidh sé de cheart ag an stiúrthóir feidhmiúcháin cúram a ghlacadh, agus socruithe oiriúnacha a dhéanamh, i leith aisdúichiú aon bhaill den fhoireann atá gortaithe nó éagtha, chomh maith lena mhaoin phearsanta.

    2.   Ní dhéanfar scrúdú iarbháis ar bhall den fhoireann atá éagtha ach amháin le toiliú sainráite an Bhallstáit baile lena mbaineann agus i láthair ionadaí ón nGníomhaireacht nó ón mBallstát baile lena mbaineann.

    3.   Rachaidh Poblacht na hAlbáine agus an Ghníomhaireacht i gcomhar a chéile a mhéid is féidir d’fhonn baill den fhoireann atá gortaithe nó éagtha a aisdúichiú go pras.

    Airteagal 14

    Doiciméad creidiúnaithe

    1.   Eiseoidh an Ghníomhaireacht doiciméad in Albáinis agus i mBéarla chuig gach ball den fhoireann chun críocha aitheantais vis-à-vis údaráis náisiúnta Phoblacht na hAlbáine agus mar chruthúnas ar chearta an tsealbhóra na cúraimí a chomhlíonadh agus na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 10 den Chomhaontú seo agus sa phlean oibríochtúil (an ‘doiciméad creidiúnaithe’) a fheidhmiú.

    2.   Áireofar an fhaisnéis seo a leanas maidir leis an mball foirne ar an doiciméad creidiúnaithe: ainm agus náisiúntacht, céim nó teideal an phoist, grianghraf digitithe a eisíodh le déanaí agus cúraimí a údaraíodh le linn an imscartha.

    3.   Chun críocha aitheantais vis-à-vis údaráis náisiúnta Phoblacht na hAlbáine, beidh ar bhaill den fhoireann an doiciméad creidiúnaithe a thabhairt leo i gcónaí.

    4.   Aithneoidh Poblacht na hAlbáine go gceadaítear leis an doiciméad creidiúnaithe, in éineacht le doiciméad bailí taistil, iontráil agus fanacht don bhall ábhartha den fhoireann, foireann arna himscaradh i bPoblacht na hAlbáine nó plean oibríochtúil i ndáil leis sin, gan gá le víosa, réamh-údarú ná aon doiciméad eile, suas go dtí an lá a rachaidh sé in éag.

    5.   Tabharfar an doiciméad creidiúnaithe ar ais don Ghníomhaireacht ag deireadh na tréimhse imscartha. Cuirfear údaráis inniúla Phoblacht na hAlbáine ar an eolas maidir leis sin.

    Airteagal 15

    Cur i bhfeidhm maidir le baill foirne na Gníomhaireachta nach n-imscartar mar bhaill den fhoireann

    Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 12, 13 agus 14 maidir le gach ball foirne a imscartar chuig Poblacht na hAlbáine faoin gComhaontú seo nó faoi phlean oibríochtúil faoi nach baill den fhoireann iad, lena n-áirítear lucht faireacháin ar chearta bunúsacha agus na baill foirne reachtúla arna n-imscaradh chuig oifigí allamuigh.

    Airteagal 16

    Sonraí pearsanta a chosaint

    1.   Ní chuirfear sonraí pearsanta in iúl ach amháin má bhíonn cumarsáid den sórt sin riachtanach le haghaidh chur chun feidhme an Chomhaontaithe seo ag údaráis inniúla Phoblacht na hAlbáine nó ag an nGníomhaireacht. Maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údarás i gcás faoi leith, lena n-áirítear aistriú sonraí pearsanta den sórt sin chuig an bPáirtí eile, beidh an phróiseáil sonraí sin faoi réir na rialacha um chosaint sonraí is infheidhme maidir leis an údarás sin. Áiritheoidh na Páirtithe na coimircí íosta seo a leanas mar réamhchoinníoll le haghaidh aistriú sonraí d’aon chineál:

    (a)

    ní mór sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach dlíthiúil, cóir agus trédhearcach i ndáil leis an ábhar sonraí;

    (b)

    ní mór sonraí pearsanta a bhailiú don chuspóir sonrach, follasach agus dlisteanach a bhaineann le cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo agus ní mór don údarás atá á chur in iúl ná don údarás is faighteoir gan tuilleadh próiseála a dhéanamh orthu ar bhealach atá ar neamhréir leis an gcuspóir sin;

    (c)

    ní mór sonraí pearsanta a bheith leormhaith, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá i ndáil leis an gcuspóir dá ndéantar iad a bhailiú nó a phróiseáil a thuilleadh; go háirithe, na sonraí pearsanta a chuirtear in iúl i gcomhréir leis an dlí is infheidhme maidir leis an údaráis atá á gcur in iúl, féadfaidh siad baint a bheith acu le ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas agus leis an ní nó na nithe sin amháin:

    céadainm,

    sloinne,

    dáta breithe,

    náisiúntacht,

    céim,

    bithleathanach an doiciméid taistil,

    doiciméad creidiúnúcháin,

    grianghraf ón doiciméad aitheantais/pas/doiciméid creidiúnúcháin,

    seoladh ríomhphoist,

    uimhir fóin póca,

    mionsonraí an airm,

    fad an imscartha,

    suíomh an imscartha,

    uimhreacha aitheantais aerárthaí nó soithí,

    dáta teachta,

    an t-aerfort teachta/an pointe trasnaithe teorann teachta,

    uimhir eitilte teachta,

    dáta imeachta,

    an t-aerfort imeachta/an pointe trasnaithe teorann imeachta,

    uimhir eitilte imeachta,

    ballstát baile/tríú tír,

    údarás imscartha,

    cúraimí/próifíl oibríochtúil,

    modh iompair,

    bealach

    de chuid baill den fhoireann, fhoireann na Gníomhaireachta, breathnóirí ábhartha, nó ball de chláir mhalartaithe foirne;

    (d)

    ní mór do shonraí pearsanta a bheith cruinn agus, i gcás inar gá, ní mór iad a choimeád cothrom le dáta;

    (e)

    ní mór sonraí pearsanta a choimeád i bhfoirm a áirithíonn nach féidir daoine is ábhar do na sonraí a shainaithint, go ceann tréimhse nach faide ná an tréimhse is gá chun na críche dár bailíodh na sonraí nó dá bhfuil tuilleadh próiseála á déanamh orthu;

    (f)

    ní mór sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach lena n-áirithítear slándáil iomchuí na sonraí pearsanta, ag cur rioscaí sonracha na próiseála san áireamh, lena n-áirítear cosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach agus ar chailleadh, scriosadh nó damáiste de thaisme, agus bearta teicniúla nó eagraíochtúla iomchuí á n-úsáid (‘sárú ar shonraí’); déanfaidh an Páirtí is faighteoir bearta iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar shárú ar shonraí, agus cuirfidh sé an Páirtí atá á chur in iúl ar an eolas maidir le haon sárú den sórt sin gan moill mhíchuí agus laistigh de 72 uair an chloig;

    (g)

    glacfaidh an t-údarás atá á gcur in iúl agus an t-údarás is faighteoir araon gach céim réasúnta chun a áirithiú go ndéanfar sonraí pearsanta a cheartú nó a léirscriosadh gan mhoill, mar is iomchuí, i gcás nach gcomhlíonann an phróiseáil an tAirteagal seo, go háirithe toisc nach bhfuil na sonraí sin leormhaith, ábhartha, cruinn nó toisc go bhfuil siad iomarcach i ndáil le críoch na próiseála; airítear leis fógra a thabhairt don Pháirtí eile maidir le haon cheartú nó léirscriosadh;

    (h)

    arna iarraidh sin, cuirfidh an t-údarás is faighteoir an t-údarás atá á chur in iúl ar an eolas maidir le húsáid na sonraí a cuireadh in iúl;

    (i)

    níl cead sonraí pearsanta a chur in iúl ach amháin do na húdaráis inniúla a leanas:

    an Ghníomhaireacht, agus

    Ard-Stiúrthóireacht na bPóilíní Stáit/An Roinn um Theorainneacha agus Imirce,

    chun sonraí a chur in iúl do chomhlachtaí eile, éilítear réamh-údarú an údaráis atá á gcur in iúl;

    (j)

    tá an t-údarás atá á chur in iúl agus an t-údarás is faighteoir faoi oibleagáid taifead i scríbhinn a dhéanamh ar an gcur in iúl agus ar fháil na sonraí pearsanta;

    (k)

    beidh formhaoirseacht neamhspleách i bhfeidhm chun formhaoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh maidir le cosaint sonraí, lena n-áirítear chun taifid den sórt sin a iniúchadh; beidh sé de cheart ag ábhair sonraí gearáin a chur faoi bhráid an chomhlachta formhaoirseachta, agus freagra a fháil gan moill mhíchuí;

    (l)

    beidh sé de cheart ag ábhair sonraí faisnéis a fháil maidir le próiseáil a gcuid sonraí pearsanta, rochtain a fháil ar na sonraí sin agus go ndéanfaí sonraí míchruinne nó sonraí a próiseáladh go neamhdhleathach a cheartú nó a léirscriosadh, faoi réir srianta riachtanacha comhréireacha ar fhorais thábhachtacha a bhaineann le leas an phobail; agus

    (m)

    beidh sé de cheart ag ábhair sonraí sásamh éifeachtach riaracháin agus breithiúnach a fháil le haghaidh shárú na gcoimircí thuasluaite.

    2.   Déanfaidh gach Páirtí athbhreithniú tráthrialta ar a bheartais agus nósanna imeachta féin lena gcuirtear an tAirteagal seo chun feidhme. Arna iarraidh sin don Pháirtí eile, déanfaidh an Páirtí a fuair an iarraidh athbhreithniú ar a gcuid beartas agus nósanna imeachta a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta chun a fhionnadh agus a dheimhniú go bhfuil na coimircí san Airteagal seo á gcur chun feidhme go héifeachtach. Cuirfear torthaí an athbhreithnithe chuig an bPáirtí a d’iarr an t-athbhreithniú laistigh de thréimhse réasúnta.

    3.   Beidh na coimircí um chosaint sonraí faoin gComhaontú seo faoi réir formhaoirseachta ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus ag Coimisiún Phoblacht na hAlbáine um an gCeart Chun Faisnéis Phoiblí agus Cosaint Sonraí Pearsanta a Fháil.

    4.   Oibreoidh na Páirtithe i gcomhar leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, mar údarás maoirseachta na Gníomhaireachta.

    5.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht agus Poblacht na hAlbáine tuarascáil a tharraingt suas i gcomhar maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo ag deireadh gach gníomhaíochta oibríochtúla. Seolfar an tuarascáil sin chuig oifigeach um chearta bunúsacha agus chuig oifigeach cosanta sonraí agus chuig Coimisinéir na hAlbáine um an gCeart Chun Faisnéis Phoiblí agus Cosaint Sonraí Pearsanta a Fháil agus chuig Ard-Stiúrthóireacht na bPóilíní Stáit.

    6.   Déanfaidh an Ghníomhaireacht agus Poblacht na hAlbáine rialacha mionsonraithe a leagan amach maidir le sonraí pearsanta a chur in iúl agus a phróiseáil chun críoch gníomhaíochtaí oibríochtúla faoin gComhaontú seo i bhforálacha sonracha de na pleananna oibríochtúla ábhartha. Comhlíonfaidh na forálacha sin ceanglais ábhartha dhlí an Aontais Eorpaigh agus dhlí Phoblacht na hAlbáine. Tabharfar tuairisc iontu, inter alia, ar chuspóir beartaithe an chur in iúl, ar an rialaitheoir/na rialaitheoirí agus ar gach ról agus freagracht, ar na catagóirí sonraí a chuirtear in iúl, ar na tréimhsí sonracha coinneála sonraí, agus ar na coimircí íosta go léir. Ar mhaithe leis an trédhearcacht agus an intuarthacht, cuirfear na forálacha sin ar fáil go poiblí i gcomhréir leis an treoraíocht ábhartha ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí.

    Airteagal 17

    Faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe a mhalartú

    1.   Aon mhalartú, roinnt nó scaipeadh faisnéis rúnaicmithe faoi chuimsiú an Chomhaontaithe seo, cumhdófar é le socrú riaracháin ar leithligh arna thabhairt i gcrích idir an Ghníomhaireacht agus údaráis ábhartha Phoblacht na hAlbáine a bheidh faoi réir fhormheas an Choimisiúin Eorpaigh roimh ré.

    2.   Maidir le malartú aon fhaisnéis íogair neamh-rúnaicmithe faoi chuimsiú an Chomhaontaithe seo:

    (a)

    pléifidh an Ghníomhaireacht leis i gcomhréir le hAirteagal 9(5) de Chinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún (3);

    (b)

    gheobhaidh sé leibhéal cosanta ón bPáirtí is faighteoir atá comhionann le leibhéal na cosanta a thugtar leis na bearta atá i bhfeidhm ar an bhfaisnéis sin leis an bPáirtí atá á chur in iúl i dtéarmaí rúndachta, sláine agus infhaighteachta; agus

    (c)

    déanfar é trí chóras malartaithe faisnéise a chomhlíonann critéir na hinfhaighteachta, na rúndachta agus na sláine le haghaidh faisnéis íogair neamh-rúnaicmithe, amhail an líonra cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2019/1896.

    3.   Comhlíonfaidh na Páirtithe cearta maoine intleachtúla a bhaineann le haon sonraí a phróiseáiltear faoi chuimsiú an Chomhaontaithe seo.

    Airteagal 18

    Cinneadh maidir le maoiniú le haghaidh gníomhaíocht oibríochtúil a chur ar fionraí, a fhoirceannadh agus/nó a aistarraingt

    1.   Mura gcomhlíontar na coinníollacha chun gníomhaíocht oibríochtúil a dhéanamh, foirceannfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an ghníomhaíocht oibríochtúil sin tar éis dó nó di Poblacht na hAlbáine a chur ar an eolas i scríbhinn.

    2.   Mura léiríonn Poblacht na hAlbáine urraim don Chomhaontú seo ná do phlean oibríochtúil, féadfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin maoiniú na gníomhaíochta oibríochtúla ábhartha a aistarraingt, agus/nó é a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, tar éis dó Poblacht na hAlbáine a chur ar an eolas i scríbhinn.

    3.   Mura féidir slándáil aon rannpháirtí i ngníomhaíocht oibríochtúil arna imscaradh i bPoblacht na hAlbáine a ráthú, féadfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an ghníomhaíocht oibríochtúil ábhartha nó codanna di a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh.

    4.   Má mheasann an stiúrthóir feidhmiúcháin gur tharla sáruithe ar chearta bunúsacha nó oibleagáidí cosanta idirnáisiúnta tromchúiseacha, ar dócha go leanfaidh siad ar aghaidh nó ar dócha go dtarlóidh siad i ndáil le gníomhaíocht oibríochtúil arna déanamh faoin gComhaontú seo, aistarraingeoidh sé nó sí maoiniú na gníomhaíochta oibríochtúla ábhartha, agus/nó í a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, tar éis dó nó di Poblacht na hAlbáine a chur ar an eolas.

    5.   Féadfaidh Poblacht na hAlbáine a iarraidh ar an stiúrthóir feidhmiúcháin an ghníomhaíocht oibríochtúil a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh. Déanfar iarraidh den sórt sin i scríbhinn agus áireofar leis na cúiseanna dó.

    6.   Beidh éifeacht ag fionraí, foirceannadh nó aistarraingt maoinithe faoin Airteagal seo ó dháta a thugtar an fógra chuig Poblacht na hAlbáine. Ní dhéanfaidh sé difear do chearta ná oibleagáidí a eascróidh as cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo nó an phlean oibríochtúil roimh fhionraí, foirceannadh nó aistarraingt maoinithe den sórt sin.

    7.   Féadfaidh Poblacht na hAlbáine a iarraidh go gcuirfí deireadh le himscaradh aon bhaill den fhoireann, nó aon bhaill foirne eile arna himscaradh chuig Poblacht na hAlbáine faoin gComhaontú seo nó faoi, ar baill foirne iad nach n-urramaíonn an Comhaontú seo nó an plean oibríochtúil nó a dhéanann sáruithe tromchúiseacha ar reachtaíocht na hAlbáine. Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin nó an Ballstát baile lena mbaineann de réir mar is iomchuí an cinneadh maidir leis an imscaradh a fhoirceannadh agus tabharfar fógra ina leith d’údaráis ábhartha Phoblacht na hAlbáine.

    Airteagal 19

    Calaois a chomhrac

    1.   Tabharfaidh Poblacht na hAlbáine fógra don Ghníomhaireacht, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus/nó an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise láithreach má fhaigheann sí amach go bhfuil líomhaintí inchreidte calaoise, éillithe nó gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do leasanna an Aontais Eorpaigh.

    2.   I gcás ina mbaineann líomhaintí den sórt sin le maoiniú ón Aontas Eorpach a eisíoctar i ndáil leis an gComhaontú seo, soláthróidh Poblacht na hAlbáine gach cúnamh riachtanach d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh agus/nó don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise i ndáil le gníomhaíochtaí imscrúdaitheacha ar a chríoch, lena n-áirítear agallaimh, seiceálacha agus iniúchtaí ar an láthair a éascú (lena n-áirítear rochtain ar chórais faisnéise agus bunachair sonraí i bPoblacht na hAlbáine) agus rochtain a éascú ar aon fhaisnéis ábhartha a bhaineann le bainistíocht theicniúil agus airgeadais ar chúrsaí arna maoiniú go páirteach nó go hiomlán ag an Aontas Eorpach.

    Airteagal 20

    Cur chun feidhme an Chomhaontaithe seo

    1.   Cuirfidh an Aireacht Gnóthaí Baile an Comhaontú seo chun feidhme thar ceann Phoblacht na hAlbáine.

    2.   Cuirfidh an Ghníomhaireacht an Comhaontú seo chun feidhme thar ceann an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 21

    Réiteach díospóide

    1.   Déanfaidh ionadaithe ón nGníomhaireacht agus ó údaráis inniúla Phoblacht na hAlbáine iniúchadh le chéile ar aon díospóid a eascraíonn as cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo.

    2.   Mura dtiocfar ar aon réiteach, réiteofar díospóidí a bhaineann le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo le hidirbheartaíocht idir na Páirtithe.

    Airteagal 22

    Teacht i bhfeidhm, cur i bhfeidhm sealadach, leasú, fad, fionraí agus foirceannadh an Chomhaontaithe agus foirceannadh an Chomhaontaithe réamhtheachtaigh

    1.   Beidh an Comhaontú seo faoi réir dhaingniú, ghlacadh nó fhormheas na bPáirtithe i gcomhréir lena nósanna imeachta dlíthiúla inmheánacha féin. Tabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile gur cuireadh na nósanna imeachta is gá chun na críche sin i gcrích.

    2.   Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis an dáta ar a dtabharfaidh na Páirtithe fógra dá chéile gur chuir siad i gcrích na nósanna imeachta dlíthiúla inmheánacha i gcomhréir le mír 1.

    3.   Go dtí go gcríochnófar na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm, féadfar an Comhaontú seo a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach ón dáta a thabharfaidh na Páirtithe fógra faoi nósanna imeachta inmheánacha a thabhairt i gcrích chuige sin.

    4.   Ní fhéadfar an Comhaontú seo a leasú ach amháin i scríbhinn de chomhthoil na bPáirtithe.

    5.   Tugtar an Comhaontú seo i gcrích go ceann tréimhse éiginnte. Féadfar é a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh le comhaontú i scríbhinn idir na Páirtithe nó go haontaobhach ag ceachtar den dá Pháirtí.

    I gcás fionraí nó foirceannadh aontaobhach, an Páirtí ar mian leis an Comhaontú a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, déanfaidh sé fógra a thabhairt faoi sin don Pháirtí eile i scríbhinn. Tiocfaidh foirceannadh nó fionraí aontaobhach an Chomhaontaithe seo i bhfeidhm an chéad lá den dara mí tar éis na míosa inar tugadh an fógra.

    6.   Leis seo, déantar Comhaontú Stádais idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAlbáine maidir le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na hAlbáine, a síníodh i dTiorána an 5 Deireadh Fómhair 2018, a aisghairm agus cuirtear an Comhaontú seo ina ionad.

    Maidir le haon ghníomhaíocht oibríochtúil arna seoladh ar bhonn Chomhaontú Stádais idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAlbáine maidir le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na hAlbáine, a síníodh i dTiorána an 5 Deireadh Fómhair 2018, a bheidh ar siúl go fóill tráth chur i bhfeidhm sealadach nó theacht i bhfeidhm an Chomhaontuithe seo, féadfar leanúint léi, faoi réir leasú nó oiriúnú an phlean oibríochtúil lena mbaineann i gcomhréir leis an gComhaontú seo.

    7.   Seolfar fógraí a dhéantar i gcomhréir leis an Airteagal seo, i gcás an Aontais Eorpaigh, chuig Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus, i gcás Phoblacht na hAlbáine, chuig an Aireacht um an Eoraip agus um Ghnóthaí Eachtracha.

    Arna dhéanamh i ndúblach sna teangacha seo a leanas: Béarla, Bulgáiris, Cróitis, Danmhairgis, Eastóinis, Fionlainnis, Fraincis, Gaeilge, Gearmáinis, Gréigis, Iodáilis, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Ollainnis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Seicis, Slóivéinis, Slóvaicis, Spáinnis, Sualainnis, Ungáiris agus Albáinis, agus comhúdarás ag gach ceann de na téacsanna sin.

    DÁ FHIANÚ SIN, tá na Lánchumhachtaigh thíos-sínithe, atá údaraithe go cuí chuige sin, tar éis an Comhaontú seo a shíniú.

    Съставено в Тирана на петнадесети септември две хиляди двадесет и трета година.

    Hecho en Tirana, el quince de septiembre de dos mil veintitrés.

    V Tiraně dne patnáctého září dva tisíce dvacet tři.

    Udfærdiget i Tirana den femtende september to tusind og treogtyve.

    Geschehen zu Tirana am fünfzehnten September zweitausenddreiundzwanzig.

    Kahe tuhande kahekümne kolmanda aasta septembrikuu viieteistkümnendal päeval Tiranas.

    Έγινε στα Τίρανα, στις δέκα πέντε Σεπτεμβρίου δύο χιλιάδες είκοσι τρία.

    Done at Tirana on the fifteenth day of September in the year two thousand and twenty three.

    Fait à Tirana, le quinze septembre deux mille vingt-trois.

    Arna dhéanamh i dTiorána, an cúigiú lá déag de Mheán Fómhair sa bhliain dhá mhíle fiche a trí.

    Sastavljeno u Tirani petnaestog rujna godine dvije tisuće dvadeset treće.

    Fatto a Tirana, addì quindici settembre duemilaventitré.

    Tiranā, divi tūkstoši divdesmit trešā gada piecpadsmitajā septembrī.

    Priimta du tūkstančiai dvidešimt trečių metų rugsėjo penkioliktą dieną Tiranoje.

    Kelt Tiranában, a kétezer-huszonharmadik év szeptember havának tizenötödik napján.

    Magħmul f'Tirana, fil-ħmistax-il jum ta’ Settembru fis-sena elfejn u tlieta u għoxrin.

    Gedaan te Tirana, vijftien september tweeduizend drieëntwintig.

    Sporządzono w Tiranie dnia piętnastego września roku dwa tysiące dwudziestego trzeciego.

    Feito em Tirana, em quinze de setembro de dois mil e vinte e três.

    Întocmit la Tirana la cincisprezece septembrie două mii douăzeci și trei.

    V Tirane pätnásteho septembra dvetisícdvadsaťtri.

    V Tirani, petnajstega septembra dva tisoč triindvajset.

    Tehty Tiranassa viidentenätoista päivänä syyskuuta vuonna kaksituhattakaksikymmentäkolme.

    Som skedde i Tirana den femtonde september år tjugohundratjugotre.

    Bërë në Tiranë, më pesëmbëdhjetë shtator të vitit dy mijë e njëzet e tre.

    Image 1


    (1)  Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 agus Rialachán (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1).

    (2)   IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

    (3)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41).


    ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2023/2107/oj

    ISSN 1977-0839 (electronic edition)


    Top