EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22022D2226

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 204/2019 an 10 Iúil 2019 lena leasaítear Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse [2022/2226]

IO L 298, 17.11.2022, p. 42–42 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2226/oj

17.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 298/42


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 204/2019

an 10 Iúil 2019

lena leasaítear Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, maidir le comhar i réimsí ar leith lasmuigh de na ceithre shaoirse [2022/2226]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagail 86 agus 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is iomchuí leanúint de chomhar na bPáirtithe Conarthacha i gComhaontú LEE i ngníomhaíochtaí an Aontais a chistítear ó bhuiséad ginearálta an Aontais agus a bhaineann le hoibriú agus forbairt an mhargaidh inmheánaigh d’earraí agus do sheirbhísí, agus le huirlisí rialachais an mhargaidh inmheánaigh.

(2)

Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú chun go mbeifear in ann an comhar leathnaithe sin a chur ar siúl ón 1 Eanáir 2019,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I míreanna 12 agus 14 d’Airteagal 7 de Phrótacal 31 a ghabhann le Comhaontú LEE, cuirtear na focail ‘2018 agus 2019’ in ionad na bhfocal ‘agus 2018’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis an fhógra dheireanaigh faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE (*).

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2019.

Airteagal 3

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Iúil 2019.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Gunnar PÁLSSON


(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


Top