Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22022D2209

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 185/2019 an 10 Iúil 2019 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2022/2209]

IO L 298, 17.11.2022, pp. 5–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2209/oj

17.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 298/5


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 185/2019

an 10 Iúil 2019

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2022/2209]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2017/2158 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2017 lena mbunaítear bearta maolaithe agus leibhéil tagarmhairc chun láithreacht aicriolaimíde i mbia a laghdú (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Baineann an Cinneadh seo le reachtaíocht maidir le bia-earraí. Reachtaíocht maidir le bia-earraí, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnaítear cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta go Lichtinstéin, mar a shonraítear sa réamhrá do Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, ní bheidh feidhm ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 162 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/506 ón gCoimisiún) de Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘163.

32017 R 2158: Rialachán (AE) 2017/2158 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2017 lena mbunaítear bearta maolaithe agus leibhéil tagarmhairc chun láithreacht aicriolaimíde i mbia a laghdú (IO L 304, 21.11.2017, lch. 24).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2017/2158 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 11 Iúil 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Iúil 2019.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

Gunnar PÁLSSON


(1)   IO L 304, 21.11.2017, lch. 24.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


Top