This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22022D2142
Decision of the EEA Joint Committee No 150/2019 of 14 June 2019 amending Annex II (Technical regulations, standards, testing and certification) to the EEA Agreement [2022/2142]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 150/2019 an 14 Meitheamh 2019 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2022/2142]
Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 150/2019 an 14 Meitheamh 2019 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2022/2142]
IO L 291, 10.11.2022, pp. 26–27
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
10.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 291/26 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 150/2019
an 14 Meitheamh 2019
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2022/2142]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán (AE) 2019/343 ón gCoimisiún an 28 Feabhra 2019 lena soláthraítear maoluithe ar Airteagal 1(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le maímh i leith cothú agus sláinte a dhéantar ar bhianna le haghaidh úsáid tuairisceoirí cineálacha áirithe (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Baineann an Cinneadh seo le reachtaíocht maidir le hearraí bia. An reachtaíocht a bhaineann le hearraí bia, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear i réamhrá Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, ní bheidh feidhm ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 159 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2017 ón gCoimisiún) de Chaibidil XII d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘160. |
32019 R 0343: Rialachán (AE) 2019/343 ón gCoimisiún an 28 Feabhra 2019 lena soláthraítear maoluithe ar Airteagal 1(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le maímh i leith cothú agus sláinte a dhéantar ar bhianna le haghaidh úsáid tuairisceoirí cineálacha áirithe (IO L 62, 1.3.2019, lch. 1).’ |
Airteagal 2
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2019/343 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 15 Meitheamh 2019, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Meitheamh 2019.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Claude MAERTEN
(1) IO L 62, 1.3.2019, lch. 1.
(*) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.