Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22022D2089

Cinneadh Uimh. 1/2022 ón bhFochoiste Custaim idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Moldóive an 3 Deireadh Fómhair 2022 maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do chlár oibreoirí eacnamaíocha údaraithe Phoblacht na Moldóive agus do chlár oibreoirí eacnamaíocha údaraithe an Aontais Eorpaigh [2022/2089]

PUB/2022/1330

IO L 280, 28.10.2022, pp. 98–103 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2089/oj

28.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 280/98


CINNEADH Uimh. 1/2022 ÓN bhFOCHOISTE CUSTAIM IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS POBLACHT NA MOLDÓIVE

an 3 Deireadh Fómhair 2022

maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do chlár oibreoirí eacnamaíocha údaraithe Phoblacht na Moldóive agus do chlár oibreoirí eacnamaíocha údaraithe an Aontais Eorpaigh [2022/2089]

TÁ AN FOCHOISTE CUSTAIM IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS POBLACHT NA MOLDÓIVE,

Ag féachaint don Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile (1), agus go háirithe Teideal V, Caibidil 5, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is é is aidhm do Theideal V, Caibidil 5, den Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na Moldóive, den pháirt eile (“an Comhaontú”), comhar a neartú i réimse an chustaim chun cur chun feidhme chuspóirí na Caibidle sin a áirithiú agus trádáil a éascú a thuilleadh, mar aon le rialú, slándáil agus cosc calaoise éifeachtach a áirithiú.

(2)

Déantar foráil le hAirteagal 197, pointe (j), den Chomhaontú maidir le gealltanas na bPáirtithe aitheantas frithpháirteach do chláir chomhpháirtíochta trádála agus rialuithe custaim a bhunú, i gcás inarb ábhartha agus iomchuí, lena n-áirítear bearta éascaithe trádála comhionanna.

(3)

Slándáil agus sábháilteacht, agus éascú an tslabhra soláthair trádála idirnáisiúnta, is féidir iad sin a fheabhsú trí aitheantas frithpháirteach a thabhairt dá gcuid clár comhpháirtíochta trádála, is é sin an clár náisiúnta oibritheora eacnamaíoch údaraithe (AEO) i bPoblacht na Moldóive agus clár AEO san Aontas;

(4)

Tá an dá chlár AEO bunaithe ar chaighdeáin slándála a aithnítear ar fud an domhain agus a mholtar sa Chreat Caighdeán SAFE chun an Trádáil Dhomhanda a Áirithiú agus a Éascú ar ghlac an Eagraíocht Dhomhanda Chustaim é i mí an Mheithimh 2005 (“Creat SAFE”).

(5)

Cuirtear ar chumas na bPáirtithe, trí aitheantas frithpháirteach, sochair éascaitheacha a sholáthar d’oibreoirí eacnamaíocha a bhfuil infheistíocht déanta acu i slándáil an tslabhra soláthair agus a bhfuil údarú tugtha dóibh faoina gcuid clár féin.

(6)

Is léir ó chuairteanna ar an láthair agus meastóireacht chomhpháirteach ar chláir AEO san Aontas agus i bPoblacht na Moldóive go bhfuil a gcuid caighdeán cáilíochta, chun críoch slándála agus sábháilteachta, i gcomhréir le chéile agus go mbíonn torthaí coibhéiseacha dá dtoradh.

(7)

Bunaítear an Fochoiste Custaim le hAirteagal 200(1) den Chomhaontú. De bhun Airteagal 200(3), pointe (b), den Chomhaontú, tugtar de chumhacht dó cinntí a ghlacadh maidir le haitheantas frithpháirteach ar rialuithe custaim agus cláir chomhpháirtíochta trádála, agus sochair arna gcomhaontú go frithpháirteach,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críocha an Chinnidh seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “Údarás Custaim” údarás custaim Ballstáit den Aontas nó údarás custaim Phoblacht na Moldóive, dá ngairtear le chéile “Údaráis Chustaim” anseo feasta;

(2)

ciallaíonn “oibreoir eacnamaíoch” duine atá rannpháirteach i ngluaiseacht idirnáisiúnta earraí;

(3)

ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon fhaisnéis a bhaineann le duine aonair atá aitheanta nó inaitheanta;

(4)

ciallaíonn “clár”:

(a)

san Aontas: stádas oibritheora eacnamaíoch údaraithe (AEO) an Aontais (slándáil agus sábháilteacht) a deonaíodh faoi Airteagal 38(2), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2);

(b)

i bPoblacht na Moldóive: clár AEO lena gcumhdaítear údarú AEO Slándála agus Sábháilteachta agus údarú comhcheangailte an AEO Simplithe Custaim/Slándála agus Sábháilteachta, le hoibreoirí eacnamaíocha ó limistéir nach bhfuil smacht ag na Ballstáit orthu nach bhfuil incháilithe d’údarú AEO ach amháin nuair is féidir le húdaráis inniúlachta lárnacha measúnú agus meastóireacht a dhéanamh ar gach critéar AEO, is é sin ceanncheathrú riarachán custaim Phoblacht na Moldóive;

(5)

ciallaíonn “Comhaltaí Cláir” oibreoirí eacnamaíocha a bhfuil stádas AEO acu san Aontas agus oibreoirí eacnamaíocha a bhfuil stádas ballraíochta i bPoblacht na Moldóive dá dtagraítear i bpointe (4) nuair a dhéantar tagairt dóibh i dteannta a chéile.

Airteagal 2

Aitheantas frithpháirteach agus cur chun feidhme an Chinnidh seo

1.   Aithnítear go frithpháirteach leis seo go bhfuil cláir an Aontais agus na Moldóive comhoiriúnach agus comhionann agus glactar go frithpháirteach leis na stádais AEO comhfhreagracha a deonaíodh.

2.   Cuirfidh na Páirtithe an Cinneadh seo i bhfeidhm lena nÚdaráis Chustaim féin.

Airteagal 3

Comhoiriúnacht

Oibreoidh na hÚdaráis Chustaim i gcomhar chun an chomhoiriúnacht agus an choibhéis idir a gCláir a choinneáil ar bun, go háirithe maidir leis na cásanna seo a leanas:

(a)

an próiseas um iarratas a dhéanamh ar stádas agus ballraíocht AEO;

(b)

na hiarratais a mheasúnú;

(c)

stádas agus ballraíochta AEO a dheonú;

(d)

bainistiú, faireachán, fionraí agus athmheasúnú, agus cúlghairm stádas agus bhallraíocht AEO;

(e)

comhar idir Údaráis Chustaim agus údaráis chomhshaoil a chur chun cinn chun comhlíontacht stádas agus bhallraíocht AEO le caighdeáin chomhshaoil idirnáisiúnta a chur chun cinn.

Áiritheoidh na Páirtithe go bhfeidhmíonn a gcláir chomhpháirtíochta trádála laistigh de chaighdeáin ábhartha Chreat SAFE.

Airteagal 4

Sochair

1.   Soláthróidh gach Údarás Custaim sochair do Chomhaltaí Cláir an Údaráis Custaim eile, sochair atá inchomparáide leis na sochair a sholáthraíonn sé dá Chomhaltaí Cláir féin.

2.   Áirítear leis na sochair dá dtagraítear i mír 1:

(a)

níos lú rialuithe a bhaineann le slándáil agus sábháilteacht: cuireann gach Údarás Custaim an stádas atá ag Comhalta Cláir arna dheonú ag an Údarás Custaim eile san áireamh go fabhrach ina mheasúnú riosca chun iniúchtaí nó rialuithe a laghdú agus i mbearta eile a bhaineann le slándáil agus sábháilteacht;

(b)

aitheantas ar chomhpháirtithe gnó le linn an phróisis iarratais: cuireann gach Údarás Custaim stádas Chomhalta Cláir arna dheonú ag an Údarás Custaim eile san áireamh d’fhonn déileáil leis an gComhalta Cláir mar chomhpháirtí slán sábháilte agus measúnú á dhéanamh ar cheanglais na gcomhpháirtithe gnó le haghaidh iarratasóirí faoina gClár féin;

(c)

tús áite le linn imréiteach custaim: cuireann gach Údarás Custaim stádas Chomhalta Cláir arna dheonú ag an Údarás Custaim eile san áireamh agus tús áite, á áirithiú, próiseáil bhrostaithe, foirmiúlachtaí simplithe agus scaoileadh brostaithe na lastas a áirithiú i gcás ina bhfuil baint ag na Comhaltaí Cláir;

(d)

sásra um leanúnachas gnó: féachann an dá Údarás Custaim le sásra um leanúnachas gnó a bhunú chun freagairt do bhriseadh i sreafaí trádála i ngeall ar mhéaduithe ar leibhéil rabhaidh slándála, iaimh teorann nó tubaistí nádúrtha, éigeandálaí guaiseacha nó mórtheagmhais eile ina bhféadfadh Údaráis Chustaim lastais tosaíochta a bhaineann le Comhaltaí Cláir a éascú agus a bhrostú a mhéid is féidir;

(e)

tosaíocht a thabhairt don chigireacht a dhéantar ar choinsíneachtaí a chumhdaítear le dearbhú imeachta achomair nó le dearbhú iontrála achomair arna taisceadh ag Comhalta Cláir, má chinneann an tÚdarás Custaim dul ar aghaidh le cigireacht.

3.   Tar éis an phróisis athbhreithnithe dá dtagraítear in Airteagal 7(3), féadfaidh gach Údarás Custaim sochair éascaithe bhreise a sholáthar i gcomhar le húdaráis rialtais eile ar a chríocha, agus féadfaidh sruthlíniú próiseas agus méadú ar intuarthacht ghluaiseachta ag an teorainn, a bheith san áireamh leis na sochair sin, a mhéid is féidir.

4.   Maidir le gach Údarás Custaim:

(a)

féadfaidh sé na sochair a sholáthraítear do Chomhaltaí Cláir an Údaráis Chustaim eile a chur ar fionraí faoin gCinneadh seo;

(b)

déanfaidh sé, laistigh de thréimhse réasúnta ama, an fhionraí a bhfuil tuairisc tugtha uirthi i bpointe (a) agus na cúiseanna a ghabhann léi a chur in iúl don Údarás Custaim eile;

(c)

ní fhéadfaidh sé fionraí a chur de bhun phointe (a) ach ar chúiseanna atá comhionann leo siúd a chuirfeadh an Comhalta Cláir ar fionraí óna Chlár féin.

5.   Tuairisceoidh gach Údarás Custaim, nuair is iomchuí leis, neamhrialtachtaí a bhaineann le Comhalta Cláir de Chlár an Údaráis Custaim eile don Údarás Custaim sin chun anailís láithreach ar a oiriúnach atá na socair agus an stádas a dheonaigh an tÚdarás Custaim eile a áirithiú.

6.   Le bheith níos cinnte, ní chuirtear leis an gCinneadh seo srian le Páirtí ná Údarás Custaim faisnéis a iarradh de bhun an chúnaimh riaracháin frithpháirtigh dá dtagraítear in Airteagal 198 den Chomhaontú nó aon ionstraim is infheidhme eile idir na Páirtithe, nó idir na hÚdaráis Chustaim.

Airteagal 5

Faisnéis agus cumarsáid a mhalartú

1.   Feabhsóidh na hÚdaráis Chustaim a gcuid cumarsáide chun an Cinneadh seo a chur chun feidhme go héifeachtach trí:

(a)

mionsonraí na gComhaltaí Cláir a chur ar fáil dá chéile i gcomhréir le hAirteagal 3;

(b)

an tÚdarás eile a choinneáil cothrom le dáta maidir le feidhmiú agus forbairt a gClár féin go tráthúil;

(c)

faisnéis a mhalartú faoi bheartais agus treochtaí a bhaineann le slándáil an tslabhra soláthair; agus

(d)

cumarsáid éifeachtach a áirithiú trí sheirbhísí inniúla an Choimisiúin Eorpaigh agus riarachán custaim Phoblacht na Moldóive chun cleachtais bainistithe riosca a fheabhsú ó thaobh shlándáil an tslabhra soláthair de.

2.   Déanfaidh seirbhísí inniúla an Choimisiúin Eorpaigh agus riarachán custaim Phoblacht na Moldóive an fhaisnéis agus an chumarsáid a mhalartú eatarthu féin faoi chuimsiú an Chinnidh seo.

3.   Tar éis dó toil a fháil óna gComhalta Cláir féin, seolfaidh gach Údarás Custaim na mionsonraí seo a leanas faoin gComhalta Cláir sin chuig an Údarás Custaim eile:

(a)

ainm;

(b)

seoladh;

(c)

stádas ballraíochta, is é sin, údaraithe, curtha ar fionraí, cúlghairthe nó curtha ar ceal;

(d)

dáta bailíochtaithe nó údaraithe nuair atá sé ar fáil;

(e)

uimhir aitheantais uathúil (mar shampla: uimhreacha EORI nó AEO); agus

(f)

mionsonraí eile a fhéadfar a chinneadh go frithpháirteach idir na hÚdaráis Chustaim faoi réir, nuair is infheidhme, aon choimirce is gá.

Ar mhaithe le cinnteacht níos mó, ní áirítear leis na sonraí dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír na cúiseanna le haghaidh fionraí, cúlghairme ná cur ar ceal.

4.   Malartóidh na hÚdaráis Chustaim an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 ar bhealach atá córasach trí bhíthin leictreonach.

Airteagal 6

An fhaisnéis a láimhseáil

1.   Déanfaidh gach Údarás Custaim an méid seo a leanas:

(a)

mura bhforáiltear a mhalairt sa Chinneadh seo, déanfaidh an tÚdarás aon fhaisnéis, lena n-áireofar aon sonraí pearsanta, a fhaightear faoin gCinneadh seo a úsáid le haghaidh chur chun feidhme an Chinnidh seo, agus chun na críche sin amháin, lena n-áireofar faireachán agus tuairisciú; agus

(b)

d’ainneoin phointe (a), chun an fhaisnéis a úsáid chun críoch eile, gheobhaidh sé formheas i scríbhinn roimh ré ón Údarás Custaim a sheol an fhaisnéis. Aon úsáid den chineáil sin, beidh sí faoi réir aon srianta a leagann an t-údarás sin síos.

2.   Déanfaidh gach Údarás Custaim an méid seo a leanas:

(a)

déileáil leis an bhfaisnéis a fhaightear faoin gCinneadh seo mar fhaisnéis rúnda; agus

(b)

an leibhéal cosanta céanna, ar a laghad, a thabhairt don fhaisnéis a fhaightear faoin gCinneadh seo agus a thabharfaí d’fhaisnéis a fhaightear ó Chomhaltaí Cláir dá Chlár féin.

3.   D’ainneoin mhír 1, pointe (a), féadfaidh Údarás Custaim an fhaisnéis a fhaightear faoin gCinneadh seo a úsáid in aon imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin a tionscnaítear i gcás nach gcomhlíontar a dhlí custaim féin, lena n-áirítear sna taifid fianaise, na tuarascálacha agus an fhianaise ó na finnéithe. An tÚdarás a bhfuil an fhaisnéis faighte aige, tabharfaidh sé fógra don Údarás Custaim a sheol an fhaisnéis roimh aon úsáid den chineáil sin.

4.   Déanfaidh gach Údarás Custaim an méid seo a leanas:

(a)

aon fhaisnéis a fhaightear faoin gCinneadh seo a nochtadh chun na críche a bhfuarthas í, agus chun na críche sin amháin; agus

(b)

d’ainneoin phointe (a), nuair atá ceanglas air faisnéis a nochtadh le linn imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin, nó nuair atá ceanglas air faisnéis a nochtadh de réir a dhlí féin, cuirfidh sé an tÚdarás Custaim a sheol an fhaisnéis ar an eolas faoin nochtadh roimh ré agus i scríbhinn, mura gcuirtear bac orthu sin a dhéanamh faoin dlí nó mar gheall ar imscrúdú atá ar siúl. Sa chás sin, cuirfidh sé an tÚdarás Custaim a sheol an fhaisnéis ar an eolas chomh luath agus is féidir tar éis an nochta.

5.   Déanfaidh gach Údarás Custaim an méid seo a leanas:

(a)

áiritheoidh sé go mbeidh aon fhaisnéis a sheolann sé cruinn agus go dtabharfar cothrom le dáta í go rialta;

(b)

glacfaidh sé nósanna imeachta iomchuí maidir le scriosadh na faisnéise nó coinneoidh sé ar bun iad;

(c)

tabharfaidh sé fógra don Údarás Custaim eile go gasta má chinneann sé gur sheol sé faisnéis mhíchruinn nó easnamhach chuig an Údarás Custaim eile, nó nach féidir brath uirthi, nó gur sháraigh an faighteoir an Cinneadh seo, nó gó sárófar úsáid bhreise na faisnéise an Cinneadh seo;

(d)

glacfaidh sé gach beart a mheasann sé a bheith iomchuí, lena n-áirítear forlíonadh, scriosadh nó ceartú na faisnéise dá dtagraítear i bpointe (c), ionas nach mbeadh spleáchas contráilte ar fhaisnéis den chineál sin; agus

(e)

ní choinneoidh sé an fhaisnéis a fhaightear faoin gCinneadh seo ach chomh fada agus is gá chun an Cinneadh a chur i bhfeidhm, ach amháin i gcás ina bhfuil ceanglas ann faoina dhlí féin, nó chun críoch imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin.

6.   De thoradh mhíreanna 4 agus 5, déanfaidh gach Údarás Custaim an méid seo a leanas a áirithiú, go háirithe:

(a)

go bhfuil coimircí slándála ann (lena n-áirítear coimircí leictreonacha), de réir mar a bheidh an fhaisnéis sin de dhíth, chun rochtain ar fhaisnéis a fhaightear ón Údarás Custaim eile faoin gCinneadh seo a rialú;

(b)

go gcosnaítear faisnéis a fhaightear ón Údarás Custaim eile faoin gCinneadh seo ar rochtain, scaipeadh, leasú, scriosadh nó díothú neamhúdaraithe;

(c)

nach nochtar faisnéis a fhaightear ón Údarás Custaim eile faoin gCinneadh seo d’aon duine ná páirtí príobháideach nó d’aon duine dlítheanach, aon Stát ná comhlacht idirnáisiúnta nach Páirtithe iad sa Chomhaontú, ná aon údarás poiblí eile san Aontas ná i bPoblacht na Moldóive, ach amháin i gcás a bhfuil ceangal ann le linn imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin nó ina dhlí féin; agus

(d)

go stóráiltear faisnéis a fhaightear ón Údarás Custaim eile faoin gCinneadh seo i gcórais stórála leictreonacha nó i gcórais páipéir atá slán i gcónaí, agus go gcoinnítear logaí nó doiciméadacht maidir le gach rochtain, nochtadh nó úsáid faisnéise a fhaightear ón Údarás Custaim eile.

7.   Déanfaidh gach Údarás Custaim an méid seo a leanas:

(a)

áiritheoidh sé go láimhseálfar sonraí pearsanta Comhalta Cláir den Údarás Custaim eile, chomh fada agus a bhainfidh sé le rochtain, ceartú, tráthúlacht nó úsáid na sonraí a chur ar fionraí go sealadach, go láimhseálfar na sonraí sin ar bhealach atá comhionann ar a laghad le láimhseáil sonraí pearsanta a Chomhalta Cláir féin; agus

(b)

foilseoidh sé faisnéis chun a Chomhaltaí Cláir féin a chur ar an eolas faoin bpróiseas is infheidhme le haghaidh iarrataí dá dtagraítear i bpointe (a) faoina dhlí féin.

8.   Déanfaidh gach Údarás Custaim foráil maidir le rochtain ar shásamh riaracháin nó athbhreithniú breithiúnach a bheith ag Comhaltaí Cláir, a mhéid a bhaineann sé lena sonraí pearsanta, gan beann ar a náisiúntacht ná a dtír chónaithe.

9.   Foilseoidh na hÚdaráis Chustaim faisnéis chun Comhaltaí Cláir a choinneáil ar an eolas maidir leis na roghanna atá acu chun sásamh riaracháin nó athbhreithniú breithiúnach a iarraidh.

10.   Beidh comhlíonadh fhorálacha an Airteagail seo ag gach Údarás Custaim faoi réir athbhreithniú óna údarás ábhartha féin, rud a áiritheoidh go bhfaighfear aon ghearán a bhainfidh le neamhchomhlíonadh maidir le láimhseáil faisnéise, go ndéanfar imscrúdú orthu, go dtabharfar freagra orthu agus go dtabharfar sásamh iomchuí ina leith. Áirítear leis na húdaráis sin:

(a)

san Aontas: an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí nó a chomharba, agus údaráis cosanta sonraí na mBallstát;

(b)

i bPoblacht na Moldóive: an Lárionad Náisiúnta um Chosaint Sonraí Pearsanta nó a chomharba laistigh de riarachán custaim Phoblacht na Moldóive.

Airteagal 7

Comhairliúchán, faireachán agus athbhreithniú

1.   Réiteoidh na hÚdaráis Chustaim aon fhadhb a bhaineann le cur chun feidhme an Chinnidh seo trí chomhairliúcháin faoi choimirce an Fhochoiste Custaim.

2.   Rachaidh an dá Pháirtí i ndlúthchomhar le chéile maidir le cur chun feidhme an Chinnidh seo agus déanfaidh siad faireachán rialta air seo trí bhíthin cuairteanna comhpháirteacha faireacháin tréimhsiúla ar an láthair chun láidreachtaí agus laigí féideartha a aithint i gCláir an dá Pháirtí.

3.   Déanfaidh an Fochoiste Custaim athbhreithniú rialta ar chur chun feidhme an Chinnidh seo. Féadfaidh an méid seo a leanas a bheith san áireamh sa phróiseas athbhreithnithe, go háirithe:

(a)

malartú tuairimí ó thaobh mionsonraí a mhalartaítear agus sochair AEO dá dtagraítear in Airteagal 4 a dheonaítear do Chomhaltaí Cláir, lena n-áirítear mionsonraí nó sochair AEO amach anseo, i gcomhréir le hAirteagal 4;

(b)

malartú tuairimí ó thaobh forálacha slándála ar nós prótacail a bheadh le leanúint i rith eachtra tromchúiseach slándála agus dá éis sin (tús a chur athuair le gnó) nó nuair is ceart an t-aitheantas frithpháirteach a chur ar fionraí de réir dálaí;

(c)

scrúdú a dhéanamh ar chur ar fionraí na sochar dá dtagraítear in Airteagal 4; agus

(d)

athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme Airteagal 6.

Airteagal 8

Forálacha críochnaitheacha

1.   Féadfaidh an Fochoiste Custaim an Cinneadh seo a leasú. Tiocfaidh an leasú i bhfeidhm i gcomhréir leis an nós imeachta a dtugtar tuairisc air in Airteagal 9.

2.   Féadfaidh Údarás Custaim comhar faoin gCinneadh seo a chur ar fionraí tráth ar bith trí fhógra 30 lá i scríbhinn a thabhairt don Údarás Custaim eile. Déanfar fógra den chineál sin a sholáthar do sheirbhísí inniúla an Choimisiúin Eorpaigh freisin agus do riarachán custaim Phoblacht na Moldóive. D’ainneoin an comhar faoin gCinneadh seo a chur ar fionraí, leanfaidh na hÚdaráis Chustaim d’Airteagal 6(1), (2) agus (4) go (6) a chomhlíonadh chun a áirithiú go gcosnófar faisnéis.

3.   Féadfaidh ceachtar Páirtí deireadh a chur leis an gCinneadh seo tráth ar bith le fógra a thabhairt don Pháirtí eile trí bhealaí taidhleoireachta. Tiocfaidh deireadh leis an gCinneadh seo 30 lá tar éis don Pháirtí eile an fógra i scríbhinn a fháil. D’ainneoin deireadh a chur leis an gCinneadh, leanfaidh na hÚdaráis Chustaim d’Airteagail 6(2), (4) agus (6) a chomhlíonadh chun a áirithiú go gcosnófar faisnéis.

Airteagal 9

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an chéad lá den mhí tar éis do Phoblacht na Moldóive fógra a thabhairt don Aontas faoi chríochnú na nósanna imeachta is gá chun go dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann an Fhochoiste Custaim

An Cathaoirleach

Fernando PERREAU DE PINNINCK


(1)   IO L 260, 30.8.2014, lch. 4.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).


Top