Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22022D2019

Cinneadh Uimh. 121/2019 ó Chomhchoiste LEE an 8 Bealtaine 2019 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2022/2019]

IO L 279, 27.10.2022, pp. 23–25 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2019/oj

27.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 279/23


CINNEADH Uimh. 121/2019 Ó CHOMHCHOISTE LEE

an 8 Bealtaine 2019

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2022/2019]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“Comhaontú LEE”), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1659 ón gCoimisiún an 7 Samhain 2018 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 i bhfianaise na gcritéar eolaíoch chun airíonna suaiteora inchrínigh a chinneadh, critéir a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2018/605 (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1796 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2018 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha aimídeasulfúrón, défheanocs, clóirpireafos, clóirpireafos-meitil, clóifeintisín, díceamba, défheanaconasól, défhluibeansúrón, défhluifeineacan, démhocsastróibin, feanocsapróp-p, feanpróipidin, leanacail, mancóiseib, meiceapróp-P, meitiream, niceasulfúrón, ocsaimil, pioclóram, pireaclóstróibin, pireaprocsaifein agus tríteasulfúrón (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1913 ón gCoimisiún an 6 Nollaig 2018 lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí tríbheanúrón a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1914 ón gCoimisiún an 6 Nollaig 2018 maidir le neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí cuineocsaifein, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (4), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(5)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1915 ón gCoimisiún an 6 Nollaig 2018 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach Metschnikowia fructicola den tréithchineál NRRLY-27328 i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (5), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(6)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1916 ón gCoimisiún an 6 Nollaig 2018 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhse formheasa na substainte gníomhaí bispireabac (6), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(7)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1917 ón gCoimisiún an 6 Nollaig 2018 maidir le neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí flúrtamón, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (7), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(8)

Ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasófar Caibidil XV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE mar seo a leanas:

1.

Cuirtear na fleasca seo a leanas i bpointe 13a (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún):

“—

32018 R 1796: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1796 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2018 (IO L 294, 21.11.2018, lch. 15),

32018 R 1913: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1913 ón gCoimisiún an 6 Nollaig 2018 (IO L 311, 7.12.2018, lch. 13),

32018 R 1914: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1914 ón gCoimisiún an 6 Nollaig 2018 (IO L 311, 7.12.2018, lch. 17),

32018 R 1915: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1915 ón gCoimisiún an 6 Nollaig 2018 (IO L 311, 7.12.2018, lch. 20),

32018 R 1916: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1916 ón gCoimisiún an 6 Nollaig 2018 (IO L 311, 7.12.2018, lch. 24),

32018 R 1917: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1917 ón gCoimisiún an 6 Nollaig 2018 (IO L 311, 7.12.2018, lch. 27).”

2.

Cuirtear an méid seo a leanas i bpointe 13f, (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún):

“mar a leasaítear le:

32018 R 1659: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1659 ón gCoimisiún an 7 Samhain 2018 (IO L 278, 8.11.2018, lch. 3).”

3.

Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 13zzzzzzzzzi (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1532 ón gCoimisiún):

“13zzzzzzzzzj.

32018 R 1913: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1913 ón gCoimisiún an 6 Nollaig 2018 lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí tríbheanúrón a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 294, 21.11.2018, lch. 15).

13zzzzzzzzzk.

32018 R 1914: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1914 ón gCoimisiún an 6 Nollaig 2018 maidir le neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí cuineocsaifein, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 311, 7.12.2018, lch. 17).

13zzzzzzzzzl.

32018 R 1915: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1915 ón gCoimisiún an 6 Nollaig 2018 lena bhformheastar an tsubstaint ghníomhach Metschnikowia fructicola den tréithchineál NRRL Y-27328 i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 311, 7.12.2018, lch. 20).

13zzzzzzzzzm.

32018 R 1917: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1917 ón gCoimisiún an 6 Nollaig 2018 maidir le neamh-athnuachan ar fhormheas na substainte gníomhaí flúrtamón, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 311, 7.12.2018, lch. 27).”

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1659, (AE) 2018/1796, (AE) 2018/1913, (AE) 2018/1914, (AE) 2018/1915, (AE) 2018/1916 agus (AE) 2018/1917 san Ioruais agus san Íoslainnis, atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 1 Meitheamh 2019, ar an gcoinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Bealtaine 2019.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Claude MAERTEN


(1)   IO L 278, 8.11.2018, lch. 3.

(2)   IO L 294, 21.11.2018, lch. 15.

(3)   IO L 311, 7.12.2018, lch. 13.

(4)   IO L 311, 7.12.2018, lch. 17.

(5)   IO L 311, 7.12.2018, lch. 20.

(6)   IO L 311, 7.12.2018, lch. 24.

(7)   IO L 311, 7.12.2018, lch. 27.

(*)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


Top