Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22022D1102

    Cinneadh Uimh. 1/2022 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE an 21 Meitheamh 2022 chun Cinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE a leasú chun bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) den Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE [2022/1102]

    ST/2101/2022/INIT

    IO L 176, 1.7.2022, p. 88–89 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1102/oj

    1.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 176/88


    CINNEADH Uimh. 1/2022 Ó CHOISTE AMBASADÓIRÍ ACC-AE

    an 21 Meitheamh 2022

    chun Cinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE a leasú chun bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) den Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE [2022/1102]

    TÁ COISTE AMBASADÓIRÍ ACC-AE,

    Ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta idir comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile (1), agus go háirithe Airteagal 15(4) agus Airteagal 16(2) i gcomhar le hAirteagal 95(4) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta idir comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin , de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile (“Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE”), síníodh é in Cotonou an 23 Meitheamh 2000 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Aibreán 2003. I gcomhréir le Cinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE (2) (“an cinneadh maidir le bearta idirthréimhseacha”), tá feidhm le bheith aige go dtí an 30 Meitheamh 2022.

    (2)

    De bhun Airteagal 95(4), an chéad fhomhír, de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, cuireadh tús leis an gcaibidlíocht i dtreo Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE nua (“an Comhaontú nua”) i mí Mheán Fómhair 2018. Ní bheidh an Comhaontú nua réidh le cur i bhfeidhm faoin 30 Meitheamh 2022, dáta éaga an chreata dhlíthiúil atá ann faoi láthair. Dá bhrí sin, is gá an cinneadh maidir le bearta idirthréimhseacha a leasú chun síneadh breise a chur le cur i bhfeidhm fhorálacha Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE.

    (3)

    Le hAirteagal 95(4), an dara fomhír, de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, déantar foráil maidir le Comhairle na nAirí ACC-AE aon bhearta idirthréimhseacha a ghlacadh a bhféadfadh gá a bheith leo go dtí go dtiocfaidh an Comhaontú nua i bhfeidhm.

    (4)

    De bhun Airteagal 15(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, tharmlig Comhairle na nAirí ACC-AE, an 23 Bealtaine 2019, na cumhachtaí chun na bearta idirthréimhseacha a ghlacadh chuig Coiste Ambasadóirí ACC-AE (3).

    (5)

    Dá bhrí sin, is iomchuí go nglacfadh Coiste Ambasadóirí ACC-AE cinneadh, de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, an cinneadh maidir le bearta idirthréimhseacha a leasú chun síneadh breise a chur le cur i bhfeidhm fhorálacha Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE go dtí an 30 Meitheamh 2023, nó go dtí go dtiocfaidh an Comhaontú nua i bhfeidhm nó go dtí go ndéanfar an Comhaontú nua idir an tAontas agus Stáit ACC a chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach, cibé acu is túisce.

    (6)

    Leanfar d’fhorálacha Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE a chur i bhfeidhm chun leanúnachas a choimeád ar bun sa chaidreamh idir an tAontas agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Stáit ACC, ar an taobh eile. Dá réir sin, níl na bearta idirthréimhseacha leasaithe ceaptha chun Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE a leasú, faoi mar a fhoráiltear maidir leis sin in Airteagal 95(3) de,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    In Airteagal 1 de Chinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE, cuirfear an dáta “30 Meitheamh 2023” in ionad an dáta “30 Meitheamh 2022”.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 1 Iúil 2022.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 21 Meitheamh 2022.

    Thar ceann Chomhairle na nAirí ACC-AE

    Ag Coiste Ambasadóirí ACC-AE

    An tUachtarán

    Daniel Emery DEDE


    (1)   IO L 317, 15.12.2000, lch. 3. Leasaíodh an Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE leis an gComhaontú a síníodh i Lucsamburg an 25 Meitheamh 2005 (IO L 209, 11.8.2005, lch. 27) agus leis an gComhaontú a síníodh in Ouagadougou an 22 Meitheamh 2010 (IO L 287, 4.11.2010, lch. 3).

    (2)  Cinneadh Uimh. 3/2019 ó Choiste Ambasadóirí ACC-AE an 17 Nollaig 2019 maidir le bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE (IO L 1, 3.1.2020, lch. 3).

    (3)  Cinneadh Uimh. 1/2019 ó Chomhairle na nAirí ACC-AE an 23 Bealtaine 2019 maidir le tarmligean cumhachtaí chuig Coiste Ambasadóirí ACC-AE i dtaca leis an gcinneadh bearta idirthréimhseacha a ghlacadh de bhun Airteagal 95(4) de Chomhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE (IO L 146, 5.6.2019, lch. 114).


    Top