This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 22022D0707
Decision No 1/2022 of the Partnership Council established by the Trade and Cooperation Agreement between the European Union and the European Atomic Energy Community, of the one part, and the United Kingdom of Great Britain and Northern Ireland, of the other part of 5 May 2022 as regards the adoption of operational guidelines for the conduct of the Civil Society Forum [2022/707]
Cinneadh Uimh. 1/2022 ón gComhairle Comhpháirtíochta arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile an 5 Bealtaine 2022 a mhéid a bhaineann le treoirlínte oibríochtúla maidir le riar Fhóram na Sochaí Sibhialta [2022/707]
Cinneadh Uimh. 1/2022 ón gComhairle Comhpháirtíochta arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile an 5 Bealtaine 2022 a mhéid a bhaineann le treoirlínte oibríochtúla maidir le riar Fhóram na Sochaí Sibhialta [2022/707]
PUB/2022/415
IO L 132, 6.5.2022, p. 107–109
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
6.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 132/107 |
CINNEADH Uimh. 1/2022 ÓN gCOMHAIRLE COMHPHÁIRTÍOCHTA ARNA BHUNÚ LEIS AN gCOMHAONTÚ TRÁDÁLA AGUS COMHAIR IDIR AN TAONTAS EORPACH AGUS AN COMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH, DE PHÁIRT, AGUS RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN, DEN PHÁIRT EILE
an 5 Bealtaine 2022
a mhéid a bhaineann le treoirlínte oibríochtúla maidir le riar Fhóram na Sochaí Sibhialta [2022/707]
TÁ AN CHOMHAIRLE COMHPHÁIRTÍOCHTA,
Ag féachaint don Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (“an Comhaontú Trádála agus Comhair”), agus go háirithe Airteagal 14.1 de;
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Foráiltear in Airteagal 14 go n-éascóidh na Páirtithe eagrú Fóram Sochaí Sibhialta chun idirphlé a dhéanamh faoi chur chun feidhme Chuid a Dó. |
(2) |
Glacfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta treoirlínte oibríochtúla maidir le riar an Fhóraim. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Glactar leis seo treoirlínte oibríochtúla Fhóram Sochaí Sibhialta an Chomhaontaithe, de réir mar atá leagtha amach san Iarscríbhinn.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil agus i Londain, 5 Bealtaine 2022.
Thar ceann na Comhairle Comhpháirtíochta
Na Comhchathaoirligh
Maroš ŠEFČOVIČ
Elizabeth TRUSS
IARSCRÍBHINN
TREOIRLÍNTE LE hAGHAIDH FHÓRAM NA SOCHAÍ SIBHIALTA
faoin gComhaontú Trádála agus Comhair
Le hAirteagail 14(1) agus 14(2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (“an Comhaontú Trádála agus Comhair”), foráiltear go n-éascóidh na Páirtithe eagrú Fhóram na Sochaí Sibhialta, ar fóram é a bheidh comhdhéanta d’ionadaithe ar an tsochaí shibhialta ón Aontas Eorpach agus ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (an Ríocht Aontaithe) agus a thiocfaidh le chéile uair sa bhliain ar a laghad, mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt. Ina theannta sin, foráiltear leis an gComhaontú Trádála agus Comhair go nglacfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta na treoirlínte oibríochtúla le haghaidh riar an Fhóraim.
1. RANNPHÁIRTITHE
De réir Airteagal 14(3) den Chomhaontú Trádála agus Comhair (1), tarraingeoidh Fóram na Sochaí Sibhialta le chéile ionadaithe ar an tsochaí shibhialta ón Aontas Eorpach agus ón Ríocht Aontaithe, eadhon ionadaithe ar eagraíochtaí gnó agus eagraíochtaí fostóirí (ach ní ar chuideachtaí príobháideacha aonair), ar cheardchumainn, ar an lucht léinn agus ar eagraíochtaí neamhrialtasacha i mbrainsí éagsúla den tsochaí atá ábhartha do na réimsí a chumhdaítear faoi Chuid II den Chomhaontú Trádála agus Comhair. Cuirfidh na Páirtithe i bhfeidhm a rialacha agus a gcleachtais féin maidir le hionadaithe ar an tsochaí shibhialta a chlárú chun ionadaíocht chothrom ar eagraíochtaí sochaí sibhialta a chur chun cinn.
Ar chúiseanna praiticiúla, beidh líon na rannpháirtithe i gcruinnithe fisiciúla i bhFóram na Sochaí Sibhialta teoranta do 60 ionadaí ón tSochaí Shibhialta ar gach taobh, mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt. Beidh na hionadaithe sin in ann freastal ar chruinnithe d’Fhóram na Sochaí Sibhialta go pearsanta nó ag úsáid modhanna leictreonacha. Féadfaidh na Páirtithe a chomhaontú an cruinniú a reáchtáil go hiomlán i bhformáid fhíorúil i gcomhréir le hAirteagal 14(2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair. Beidh Fóram na Sochaí Sibhialta ar oscailt do chomhaltaí eile d’eagraíochtaí sochaí sibhialta, a chláraíonn roimh ré, mar bhreathnóirí.
2. RAON FEIDHME
Cumhdófar le plé Fhóram na Sochaí Sibhialta na réimsí i gCuid II den Chomhaontú Trádála agus Comhair: trádáil, eitlíocht, iompar de bhóthar, comhordú na slándála sóisialta agus víosaí le haghaidh cuairteanna gearrthéarmacha, iascach agus forálacha eile.
3. UAINIÚ, EAGRÚ AGUS CLÁIR OIBRE
Leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, leagtar síos go dtiocfaidh Fóram na Sochaí Sibhialta le chéile uair sa bhliain, mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt. Tiocfaidh Fóram na Sochaí Sibhialta le chéile thart ar an am céanna le cruinniú an Choiste Comhpháirtíochta Trádála, mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt. Comhchathaoirligh an Choiste Comhpháirtíochta Trádála agus na gCoistí Speisialaithe Trádála agus comhchathaoirligh na gCoistí Speisialaithe um Fhuinneamh, um Aeriompar, um Shábháilteacht Eitlíochta, um Iompar de Bhóthar, um Chomhordú Slándála Sóisialta agus um Iascach, beidh siad in ann a bheith rannpháirteach san Fhóram nuair a phléifear ábhair atá laistigh dá sainchúram ag an bhFóram.
Is é an Páirtí atá freagrach as an gcruinniú den Choiste Comhpháirtíochta Trádála a óstáil a eagróidh Fóram na Sochaí Sibhialta, rud a fhágfaidh go ndéanfar suíomh an Fhóraim a mhalartú idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, mura gcomhaontóidh na Páirtithe a mhalairt. Is é an Páirtí a bhfuil an Fóram á óstáil aige a sholáthróidh an t-ionad agus a éascóidh an cruinniú (e.g. soláthróidh sé naisc le haghaidh clárú agus rannpháirtíocht fhíorúil).
Maidir le míreanna a d’fhéadfaí a chur ar an gclár oibre, sula dtiocfaidh na Páirtithe ar chomhaontú maidir le dréachtchlár oibre leis an bpáirtí eile, féachfaidh siad le dul i gcomhairle lena nGrúpaí Comhairleacha Baile féin. Féachfaidh na Páirtithe leis na dréachtchláir oibre a fhoilsiú 15 lá roimh dháta an chruinnithe d’Fhóram na Sochaí Sibhialta.
Is é an Páirtí is óstach a dhréachtóidh torthaí agus conclúidí ó Fhóram na Sochaí Sibhialta i gcomhaontú leis an bPáirtí eile, laistigh de 30 lá ón gcruinniú. Roinnfear torthaí agus conclúidí ó gach ceann de na cruinnithe leis an gComhairle Comhpháirtíochta, leis an gCoiste Comhpháirtíochta Trádála agus leis na Coistí Speisialaithe um Fhuinneamh, um Aeriompar, um Shábháilteacht Eitlíochta, um Iompar de Bhóthar, um Chomhordú Slándála Sóisialta agus um Iascach, agus cuirfear ar fáil go poiblí iad.
I gcomhréir leis an dara habairt d’Airteagal 14(1) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, féadfaidh an Chomhairle Comhpháirtíochta na treoirlínte seo a leasú, lena n-áirítear aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a thagann chun cinn agus iad á gcur chun feidhme.
(1) Beidh Fóram na Sochaí Sibhialta oscailte do rannpháirtíocht eagraíochtaí neamhspleácha sochaí sibhialta atá bunaithe i gcríocha na bPáirtithe, lena n-áirítear comhaltaí de na grúpaí comhairleacha baile dá dtagraítear in Airteagal 13 den Chomhaontú Trádála agus Comhair. Déanfaidh gach Páirtí ionadaíocht chothrom a chur chun cinn, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha, eagraíochtaí gnó agus eagraíochtaí fostóirí agus ceardchumainn atá gníomhach i gcúrsaí eacnamaíocha, san fhorbairt inbhuanaithe, i gcúrsaí sóisialta, i gcearta an duine, sa chomhshaol agus in ábhair eile.