Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016M044

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach
    TEIDEAL V - FORÁLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS AGUS FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA
    CAIBIDIL 2 - FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA
    ROINN 2 - FORÁLACHA MAIDIR LEIS AN gCOMHBHEARTAS SLÁNDÁLA AGUS COSANTA
    Airteagal 44

    IO C 202, 7.6.2016, p. 39–40 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/teu_2016/art_44/oj

    7.6.2016   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 202/39


    Airteagal 44

    1.   Faoi chuimsiú na gcinntí arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 43, féadfaidh an Chomhairle cur chun feidhme cúraim a chur ar ghrúpa Ballstát a bheidh toilteanach agus a mbeidh an cumas is gá acu le haghaidh cúram den sórt sin. Comhaontóidh na Ballstáit sin eatarthu féin, i gcomhlachas le hArdionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, maidir le bainistiú an chúraim.

    2.   Coinneoidh na Ballstáit a bheidh rannpháirteach sa chúram an Chomhairle ar an eolas go tráthrialta faoina dhul chun cinn, ar a dtionscnamh féin nó arna iarraidh sin do Bhallstát eile. Cuirfidh na Ballstáit sin an Chomhairle ar an eolas láithreach más léir go leanfadh móriarmhairtí ón gcúram a chur i gcrích nó gur ghá leasú ar an gcuspóir, ar an raon feidhme agus ar na coinníollacha arna socrú don chúram sna cinntí dá dtagraítear i mír 1. Sna cásanna sin, glacfaidh an Chomhairle na cinntí is gá.


    Top