EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016M011

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach
TEIDEAL II - FORÁLACHA MAIDIR LEIS NA PRIONSABAIL DHAONLATHACHA
Airteagal 11

IO C 202, 7.6.2016, p. 21–21 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/teu_2016/art_11/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/21


Airteagal 11

1.   Tabharfaidh na hinstitiúidí do shaoránaigh agus do chomhlachais ionadaíocha, trí bhealaí iomchuí, an deis a gcuid tuairimí a chur in iúl agus iad a mhalartú go poiblí i ngach réimse de ghníomhaíocht an Aontais.

2.   Coimeádfaidh na hinstitiúidí agallamh oscailte, trédhearcach, tráthrialta ar siúl le comhlachais ionadaíocha agus leis an tsochaí shibhialta.

3.   D'fhonn comhchuibheas agus trédhearcacht ghníomhaíochtaí an Aontais a áirithiú, rachaidh an Coimisiún Eorpach i mbun comhairliúcháin leathana le páirtithe lena mbaineann.

4.   Féadfaidh saoránaigh den Aontas, ar náisiúnaigh iad de líon suntasach de Bhallstáit agus nach lú a líon ná aon mhilliún amháin ar a laghad, an tionscnamh a ghlacadh iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach, faoi chuimsiú a chumhachtaí, togra iomchuí a thíolacadh maidir le ceisteanna a bhfuil gá dar leis na saoránaigh le gníomh dlí de chuid an Aontais ina leith chun na Conarthaí a chur chun feidhme.

Déanfar na nósanna imeachta agus na coinníollacha is gá do thionscnamh den sórt sin ó na saoránaigh a leagan síos i gcomhréir leis an gcéad mhír d'Airteagal 24 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


Top