This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 12016M006
Consolidated version of the Treaty on European Union#TITLE I - COMMON PROVISIONS#Article 6 (ex Article 6 TEU)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach
TEIDEAL I - FORÁLACHA COITEANNA
Airteagal 6 (sean-Airteagal 6 CAE)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach
TEIDEAL I - FORÁLACHA COITEANNA
Airteagal 6 (sean-Airteagal 6 CAE)
IO C 202, 7.6.2016, p. 19–19
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 202/19 |
Airteagal 6
(sean-Airteagal 6 CAE)
1. Aithníonn an tAontas na cearta, na saoirsí agus na prionsabail atá leagtha amach i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh an 7 Nollaig 2000, amhail mar a oiriúnaíodh í an 12 Nollaig 2007, in Strasbourg, a mbeidh an stádas dlí céanna leis na Conarthaí aici.
Ní dhéanfaidh forálacha na Cairte inniúlachtaí an Aontais, mar atá siad sainithe sna Conarthaí, a leathnú in aon slí.
Léireofar na cearta, na saoirsí agus na prionsabail atá leagtha amach sa Chairt i gcomhréir le forálacha ginearálta Theideal VII den Chairt a bhfuil léiriú agus cur i bhfeidhm na Cairte faoina rialú agus aird chuí á tabhairt ar na míniúcháin dá dtagraítear sa Chairt agus lena sonraítear foinsí na bhforálacha sin.
2. Aontóidh an tAontas don Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint. Ní dhéanfaidh an t–aontachas sin difear d'inniúlachtaí an Aontais mar atá siad sainithe sna Conarthaí.
3. Is prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais a bheidh sna cearta bunúsacha mar atá siad ráthaithe leis an gCoinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus mar a thig siad as na traidisiúin bhunreachtúla is coiteann do na Ballstáit.