Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016L/AFI/DCL/53

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
    C.DEARBHUITHE Ó BHALLSTÁIT
    53.Dearbhú ó Phoblacht na Seice maidir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

    IO C 202, 7.6.2016, p. 355–356 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/lis_2016/fna_1/dcl_53/oj

    7.6.2016   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 202/355


    53.   Dearbhú ó Phoblacht na Seice maidir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh

    1.

    Meabhraíonn Poblacht na Seice gur ar institiúidí agus ar chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh atá forálacha Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh dírithe agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabal na coimhdeachta agus ar roinnt na n-inniúlachtaí idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, faoi mar a athdhaingnítear i nDearbhú (Uimh. 18) maidir le hinniúlachtaí a theorannú. Cuireann Poblacht na Seice i bhfios go láidir nach ndírítear forálacha na Cairte ar na Ballstáit seachas nuair a bhíonn dlí an Aontais á chur chun feidhme acu agus nach ndírítear orthu iad nuair a bhíonn dlí náisiúnta á ghlacadh ná á chur chun feidhme acu gan spleáchas ar dhlí an Aontais.

    2.

    Cuireann Poblacht na Seice i bhfios go láidir freisin nach ndéantar raon feidhme dhlí an Aontais a leathnú leis an gCairt ná nach mbunaítear aon chumhacht nua de chuid an Aontais léi. Ní laghdaítear raon feidhme an dlí náisiúnta léi ná ní chuirtear srian léi ar aon chumhachtaí atá ag na húdaráis náisiúnta sa réimse seo faoi láthair.

    3.

    Cuireann Poblacht na Seice i bhfios go tréan, maidir le cearta bunúsacha agus prionsabail bhunúsacha, a mhéid a aithnítear sa Chairt iad mar a eascraíonn siad as na traidisiúin bhunreachtúla is coiteann do na Ballstáit, nach mór iad a léiriú i gcomhréir leis na traidisiúin sin.

    4.

    Cuireann Poblacht na Seice i bhfios go daingean, lena chois sin, nach bhféadfar rud ar bith atá sa Chairt a léiriú ar bhealach a chuirfeadh srian ar chearta an duine ná ar shaoirsí bunúsacha ná a dhéanfadh dochar dóibh, mar a aithnítear ina raon feidhme faoi seach iad le dlí an Aontais agus le comhaontuithe idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas nó na Ballstáit uile ina bpáirtithe iontu, lena n-áirítear an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, agus le Bunreachtanna na mBallstát.


    Top