EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E351

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A SEACHT - FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 351 (sean-Airteagal 307 CCE)

IO C 202, 7.6.2016, p. 196–196 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_351/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/196


Airteagal 351

(sean-Airteagal 307 CCE)

Ní dhéanfaidh forálacha na gConarthaí difear do na cearta agus na hoibleagáidí a éiríonn as comhaontuithe a tugadh i gcrích roimh an 1 Eanáir 1958, nó i gcás Stáit aontacha, roimh dháta a n-aontachais, idir Ballstát nó Ballstáit ar thaobh amháin agus tríú tír nó tríú tíortha ar an taobh eile.

Sa mhéid nach bhfuil na comhaontuithe sin ag luí leis na Conarthaí, glacfaidh an Ballstát nó na Ballstáit áirithe gach slí iomchuí chun deireadh a chur leis an neamhluí sin. Nuair is gá, cabhróidh na Ballstáit le chéile chun na críche sin agus glacfaidh siad comhdhearcadh nuair is iomchuí sin.

Ag cur na gcomhaontuithe dá dtagraítear sa chéad mhír chun feidhme dóibh, cuirfidh na Ballstáit san áireamh gur cuid dhílis de bhunú an Aontais na buntáistí a fhaightear faoi na Conarthaí ó gach Ballstát agus uime sin go bhfuil siad i ndlúthnasc doscartha le bunú comhinstitiúidí, le cumhachtaí a thabhairt dóibh, agus leis na buntáistí céanna a bheith á ndeonú ag na Ballstáit eile go léir.


Top