Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E314

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
    CUID A SÉ - FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA AGUS AIRGEADAIS
    TEIDEAL II - FORÁLACHA AIRGEADAIS
    CAIBIDIL 3 - BUISÉAD BLIANTÚIL AN AONTAIS
    Airteagal 314 (sean-Airteagal 272(2) go (10), CCE)

    IO C 202, 7.6.2016, p. 183–185 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_314/oj

    7.6.2016   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 202/183


    Airteagal 314

    (sean-Airteagal 272(2) go (10), CCE)

    Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir le nós imeachta speisialta, buiséad bliantúil an Aontais a bhunú i gcomhréir leis na forálacha seo a leanas:

    1.

    Roimh an 1 Iúil, déanfaidh gach institiúid, seachas an Banc Ceannais Eorpach, meastacháin ar a caiteachas a tharraingt suas don bhliain bhuiséadach dár gcionn. Comhdhlúthóidh an Coimisiún na meastacháin sin i ndréachtbhuiséad a bhféadfaidh meastacháin éagsúla a bheith ann.

    Beidh meastachán ar ioncam agus meastachán ar chaiteachas sa dréachtbhuiséad sin.

    2.

    Tíolacfaidh an Coimisiún togra ina mbeidh an dréachtbhuiséad do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle lá nach déanaí ná an 1 Meán Fómhair den bhliain roimh an mbliain a bheidh an buiséad le cur chun feidhme.

    Féadfaidh an Coimisiún an dréachtbhuiséad a leasú le linn an nós imeachta go dtí go ndéanfar an Coiste Idir-réitigh, dá dtagraítear i mír 5, a chomóradh.

    3.

    Glacfaidh an Chomhairle a seasamh ar an dréachtbhuiséad agus cuirfidh sí ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa é lá nach déanaí ná an 1 Deireadh Fómhair den bhliain roimh an mbliain a bheidh an buiséad le cur chun feidhme. Cuirfidh an Chomhairle Parlaimint na hEorpa go hiomlán ar an eolas faoi na cúiseanna a thug uirthi a seasamh a ghlacadh.

    4.

    Más rud é, laistigh de dhá lá is daichead ón eolas sin a chur:

    (a)

    go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa seasamh na Comhairle a fhormheas, glacfar an buiséad;

    (b)

    nach mbeidh cinneadh glactha ag Parlaimint na hEorpa, measfar go bhfuil an buiséad glactha;

    (c)

    go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa, trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í, leasuithe a ghlacadh, cuirfear an dréacht arna leasú amhlaidh ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún. Déanfaidh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, i gcomhaontú le hUachtarán na Comhairle, cruinniú den Choiste Idir-réitigh a chomóradh láithreach. Ar a shon sin, más amhlaidh, laistigh de dheich lá tar éis an dréacht sin a chur ar aghaidh, go gcuirfidh an Chomhairle Parlaimint na hEorpa ar an eolas go bhfuil a cuid leasuithe uile formheasta aici, ní thiocfaidh an Coiste Idir-réitigh le chéile.

    5.

    Beidh de chúram ar an gCoiste Idir-réitigh, a chomhdhéanfar de chomhaltaí na Comhairle nó dá n-ionadaithe agus a chomhlíon de chomhaltaí a ionadóidh do Pharlaimint na hEorpa, teacht ar chomhaontú, ar bhonn na seasamh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, maidir le téacs comhpháirteach trí thromlach cáilithe de chomhaltaí na Comhairle nó d'ionadaithe dóibh agus trí thromlach ionadaithe Pharlaimint na hEorpa laistigh d'aon lá fichead óna comóradh.

    Glacfaidh an Coimisiún páirt in imeachtaí an Choiste Idir-réitigh agus glacfaidh sí gach tionscnamh is gá d'fhonn seasamh Pharlaimint na hEorpa agus seasamh na Comhairle a thabhairt le chéile.

    6.

    Más rud é, laistigh den tréimhse aon lá fichead dá dtagraítear i mír 5, go dtiocfaidh an Coiste Idir-réitigh ar chomhaontú maidir le téacs comhpháirteach, beidh tréimhse ceithre lá dhéag ó dháta an chomhaontaithe sin ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon chun an téacs comhpháirteach a fhormheas.

    7.

    Más rud é, laistigh den tréimhse ceithre lá dhéag dá dtagraítear i mír 6:

    (a)

    go bhformheasfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon an téacs comhpháirteach nó go mainneoidh siad cinneadh a ghlacadh, nó go bhformheasfaidh ceann de na hinstitiúidí sin an téacs comhpháirteach agus go mainneoidh an ceann eile cinneadh a ghlacadh, measfar go bhfuil an buiséad glactha go cinntitheach i gcomhréir leis an téacs comhpháirteach; nó

    (b)

    go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í, agus an Chomhairle araon an téacs comhpháirteach a dhiúltú, nó go ndiúltóidh ceann de na hinstitiúidí sin an téacs comhpháirteach agus go mainneoidh an ceann eile cinneadh a ghlacadh, tíolacfaidh an Coimisiún dréachtbhuiséad nua;

    (c)

    go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í, an téacs comhpháirteach a dhiúltú ach go bhformheasfaidh an Chomhairle é, tíolacfaidh an Coimisiún dréachtbhuiséad nua; nó

    (d)

    go bhformheasfaidh Parlaimint na hEorpa an téacs comhpháirteach ach go ndiúltóidh an Chomhairle é, féadfaidh an Pharlaimint, laistigh de thréimhse ceithre lá dhéag amhail ón gComhairle téacs a dhiúltú, agus ag gníomhú di trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í agus le trí chúigiú de na vótaí arna gcaitheamh, a chinneadh na leasuithe uile dá dtagraítear i mír 4(c) nó cuid díobh a dhearbhú. Nuair nach ndéanfar leasú de chuid Pharlaimint na hEorpa a dhearbhú, coinneofar an seasamh a comhaontaíodh sa Choiste Idir-réitigh maidir leis an gceannteideal buiséadach is ábhar don leasú. Measfar go bhfuil an buiséad glactha go cinntitheach ar an mbonn sin.

    8.

    Más rud é, laistigh den tréimhse aon lá fichead dá dtagraítear i mír 5, nach dtiocfaidh an Coiste Idir-réitigh ar chomhaontú maidir le téacs comhpháirteach, tíolacfaidh an Coimisiún dréachtbhuiséad nua.

    9.

    Nuair a bheidh deireadh leis an nós imeachta dá bhforáiltear san Airteagal seo, dearbhóidh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa go bhfuil glactha go cinntitheach leis an mbuiséad.

    10.

    Feidhmeoidh gach Institiúid na cumhachtaí a thugtar di san Airteagal seo, agus forálacha na gConarthaí agus na gníomhartha arna nglacadh dá mbun á gcomhlíonadh, go háirithe i dtaca le hacmhainní dílse an Aontais agus leis an gcomhardú idir ioncam agus caiteachas.


    Top