EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E297

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A SÉ - FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA AGUS AIRGEADAIS
TEIDEAL I - FORÁLACHA AG RIALÚ NA nINSTITIÚIDÍ
CAIBIDIL 2 - GNÍOMHARTHA DLÍ AN AONTAIS, NÓSANNA IMEACHTA GLACTHA AGUS FORÁLACHA EILE
ROINN 2 - NÓSANNA IMEACHTA CHUN GNÍOMHARTHA AGUS FORÁLACHA EILE A GHLACADH
Airteagal 297 (sean-Airteagal 254 CCE)

IO C 202, 7.6.2016, p. 176–176 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_297/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/176


Airteagal 297

(sean-Airteagal 254 CCE)

1.   Is iad Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus Uachtarán na Comhairle a shíneoidh na gníomhartha reachtacha arna nglacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach.

Síneoidh Uachtarán na hinstitiúide a ghlac iad na gníomhartha reachtacha a glacadh i gcomhréir leis an nós imeachta speisialta.

Foilseofar na gníomhartha reachtacha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Tiocfaidh siad i bhfeidhm ar an dáta a socrófar iontu nó, mura socrófar an dáta, ar an bhfichiú lá tar éis a bhfoilsithe.

2.   Síneoidh Uachtarán na hinstitiúide a ghlac iad na gníomhartha neamhreachtacha a glacadh i bhfoirm rialachán, treoracha agus cinntí, nuair nach sonrófar iontu cé chuige a bhfuil siad dírithe.

Foilseofar na rialacháin agus na treoracha a bheidh dírithe chuig na Ballstáit ar fad, mar aon leis na cinntí, nuair nach sonrófar iontu cé chuige a bhfuil siad dírithe, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Tiocfaidh siad i bhfeidhm ar an dáta a socrófar iontu nó, mura socrófar an dáta, ar an bhfichiú lá tar éis a bhfoilsithe.

Cuirfear treoracha eile, agus cinntí a sonrófar iontu cé chucu a bhfuil siad dírithe, in iúl dóibh siúd chuig a ndíreofar iad agus gabhfaidh éifeacht leo ar iad a chur in iúl amhlaidh.


Top