EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E226

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A SÉ - FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA AGUS AIRGEADAIS
TEIDEAL I - FORÁLACHA AG RIALÚ NA nINSTITIÚIDÍ
CAIBIDIL 1 - NA hINSTITIÚIDÍ
ROINN 1 - PARLAIMINT NA hEORPA
Airteagal 226 (sean-Airteagal 193 CCE)

IO C 202, 7.6.2016, p. 150–150 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_226/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/150


Airteagal 226

(sean-Airteagal 193 CCE)

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa, agus a cúraimí á gcomhall aici, arna iarraidh sin don cheathrú cuid de na comhaltaí a chomhdhéanann í, coiste fiosrúcháin sealadach a chur ar bun chun iniúchadh a dhéanamh, gan dochar do na cumhachtaí a thugtar d'institiúidí nó do chomhlachtaí eile sna Conarthaí, ar líomhaintí maidir le sárú nó le drochriarachán i gcur chun feidhme dhlí an Aontais, ach amháin má tá na fíorais a líomhnaítear faoi scrúdú os comhair cúirte agus fad nach mbeidh na himeachtaí dlíthiúla críochnaithe.

Beidh deireadh leis an gcoiste fiosrúcháin sealadach ar thaisceadh a thuarascála dó.

Cinnfidh Parlaimint na hEorpa na rialacha mionsonraithe maidir leis an gceart chun fiosrúchán a fheidhmiú, ag gníomhú di trí bhíthin rialachán ar a tionscnamh féin i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, tar éis toiliú a fháil ón gComhairle agus ón gCoimisiún.


Top