Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E223

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
    CUID A SÉ - FORÁLACHA INSTITIÚIDEACHA AGUS AIRGEADAIS
    TEIDEAL I - FORÁLACHA AG RIALÚ NA nINSTITIÚIDÍ
    CAIBIDIL 1 - NA hINSTITIÚIDÍ
    ROINN 1 - PARLAIMINT NA hEORPA
    Airteagal 223 (sean-Airteagal 190(4) agus (5) CCE)

    IO C 202, 7.6.2016, p. 149–149 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_223/oj

    7.6.2016   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 202/149


    Airteagal 223

    (sean-Airteagal 190(4) agus (5) CCE)

    1.   Tarraingeoidh Parlaimint na hEorpa suas togra d'fhonn na bearta is gá a bhunú do thoghadh a cuid comhaltaí trí vótáil chomhchoiteann dhíreach i gcomhréir le nós imeachta aonfhoirmeach sna Ballstáit go léir nó i gcomhréir le prionsabail ar comhphrionsabail iad ag na Ballstáit go léir.

    Saineoidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta agus tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, a ghníomhóidh trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í, na forálacha is gá. Tiocfaidh na forálacha sin i bhfeidhm tar éis a bhformheasta ag na Ballstáit, i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

    2.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di trí bhíthin rialachán ar a tionscnamh féin i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, tar éis tuairim ón gCoimisiún a iarraidh agus formheas ón gComhairle a fháil, na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta a leagan síos a rialaíonn comhlíonadh a gcuid dualgas ag a comhaltaí. Is gá aontoilíocht laistigh den Chomhairle a bheith le gach riail nó coinníoll a bhaineann le cáin a ghearradh ar chomhaltaí nó iarchomhaltaí.


    Top