EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E219

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A CÚIG - GNÍOMHAÍOCHT SHEACHTRACH AN AONTAIS
TEIDEAL V - COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA
Airteagal 219 (sean-Airteagal 111(1) go (3) agus (5) CCE)

IO C 202, 7.6.2016, p. 146–147 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_219/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/146


Airteagal 219

(sean-Airteagal 111(1) go (3) agus (5) CCE)

1.   De mhaolú ar Airteagal 218, féadfaidh an Chomhairle, ar mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach, nó ar mholadh ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach d'fhonn teacht ar chomhthoil is comhchuí leis an gcuspóir cobhsaíochta praghsanna, comhaontuithe foirmiúla a thabhairt i gcrích ar chóras rátaí malairte don euro i ndáil le hairgeadraí tríú Stáit. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear i mír 3.

Féadfaidh an Chomhairle, ar mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach nó ar mholadh ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach d'fhonn teacht ar comhthoil is comhchuí leis an gcuspóir cobhsaíochta praghsanna, rátaí lárnacha an euro a ghlacadh, a choigeartú agus a thréigean laistigh den chóras rátaí malairte. Cuirfidh Uachtarán na Comhairle Parlaimint na hEorpa ar an eolas maidir le glacadh, coigeartú nó tréigean rátaí lárnacha an euro.

2.   In éagmais córas rátaí malairte i ndáil le hairgeadraí tríú Stáit amháin nó níos mó dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an Chomhairle, ar mholadh ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach nó ag gníomhú di ar thogra ón mBanc Ceannais Eorpach, treoshuímh ghinearálta le haghaidh beartas rátaí malairte a fhoirmiú i ndáil leis na hairgeadraí sin. Beidh na treoshuímh ghinearálta sin gan dochar do chuspóir príomhúil CEBC .i. cobhsaíocht phraghsanna a choimeád ar bun.

3.   De mhaolú ar Airteagal 218, más gá comhaontuithe a bhaineann le cúrsaí airgeadaíochta nó cúrsaí córais mhalairte eachtraí a chaibidil ag an Aontas le tríú Stát amháin nó níos mó nó le heagraíocht idirnáisiúnta amháin nó níos mó, déanfaidh an Chomhairle, ar mholadh ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach, na socruithe do chaibidlíocht agus do thabhairt i gcrích na gcomhaontuithe sin a chinneadh. Áiritheoidh na socruithe sin go gcuireann an tAontas friotal ar sheasamh aonair. Beidh an Coimisiún comhlachaithe go hiomlán leis an gcaibidlíocht sin.

4.   Gan dochar d'inniúlacht Aontais agus do chomhaontuithe Aontais maidir leis an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, féadfaidh na Ballstáit dul i mbun caibidlíochta i gcomhlachtaí idirnáisiúnta agus comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích.


Top