Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E195

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL XXII - TURASÓIREACHT
Airteagal 195

IO C 202, 7.6.2016, p. 135–135 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_195/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/135


Airteagal 195

1.   Comhlánóidh an tAontas gníomhaíocht na mBallstát in earnáil na turasóireachta, go háirithe trí iomaíochas fhiontair an Aontais inti a chur chun cinn.

Chuige sin, díreofar gníomhaíocht an Aontais ar na nithe seo a leanas:

(a)

cruthú timpeallachta a spreagadh a bheidh fabhrach d'fhorbairt na bhfiontar san earnáil seo;

(b)

comhar idir na Ballstáit a chur chun cinn, go háirithe trí mhalartú dea-chleachtais.

2.   Bunóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, bearta sonracha arb é is aidhm dóibh gníomhaíochtaí laistigh de na Ballstáit a chomhlánú chun na cuspóirí dá dtagraítear san Airteagal seo a ghnóthú, gan aon chomhchuibhiú a dhéanamh ar dhlíthe agus ar rialacháin na mBallstát.


Top