This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 12016E191
Consolidated version of the Treaty on the Functioning of the European Union#PART THREE - UNION POLICIES AND INTERNAL ACTIONS#TITLE XX - ENVIRONMENT#Article 191 (ex Article 174 TEC)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL XX - COMHSHAOL
Airteagal 191 (sean-Airteagal 174 CCE)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL XX - COMHSHAOL
Airteagal 191 (sean-Airteagal 174 CCE)
IO C 202, 7.6.2016, p. 132–133
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
7.6.2016 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 202/132 |
Airteagal 191
(sean-Airteagal 174 CCE)
1. Rannchuideoidh beartas an Aontais i réimse an chomhshaoil leis na cuspóirí seo a leanas a shaothrú:
— |
mianach an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú; |
— |
sláinte an duine a chosaint; |
— |
acmhainní nádúrtha a úsáid go stuama réasúnach; |
— |
bearta a chur chun cinn ar leibhéal idirnáisiúnta chun déileáil le fadhbanna réigiúnacha nó domhanda an chomhshaoil, agus go háirithe an comhrac in aghaidh athrú aeráide. |
2. Beidh sé d'aidhm ag beartas an Aontais i réimse an chomhshaoil ardleibhéal cosanta a shroicheadh ag tabhairt aird ar éagsúlacht na staideanna i réigiúin éagsúla an Aontais. Fothófar é ar phrionsabal an réamhchúraim agus ar na prionsabail gur cóir bearta coisctheacha a ghlacadh, go dtabharfar tosaíocht do bhearta chun damáiste don chomhshaol a cheartú ag an bhfoinse agus gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as.
Sa chomhthéacs sin, beidh sna bearta comhchuibhithe a fhreagraíonn do cheanglais maidir le cosaint an chomhshaoil, i gcásanna iomchuí, clásal cosanta a údaróidh do na Ballstáit bearta sealadacha a bheidh faoi réir nós imeachta rialaithe ag an Aontas a ghlacadh ar fhorais chomhshaoil neamheacnamaíocha.
3. Agus a bheartas i réimse an chomhshaoil á ullmhú aige, cuirfidh an tAontas san áireamh:
— |
a bhfuil ar fáil de shonraí eolaíocha agus teicniúla; |
— |
dálaí an chomhshaoil i réigiúin éagsúla an Aontais; |
— |
na buntáistí agus na costais a fhéadfaidh a theacht as gníomhaíocht nó easpa gníomhaíochta; |
— |
forbairt eacnamaíoch agus shóisialta an Aontais ina iomláine agus forbairt chothromúil a chuid réigiún. |
4. Faoi chuimsiú a n-inniúlachtaí faoi seach, comhoibreoidh an tAontas agus na Ballstáit le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla. Féadfaidh rialacha mionsonraithe chomhar an Aontais a bheith ina n-ábhar do chomhaontuithe idir an tAontas agus na tríú páirtithe i dtrácht.
Beidh an chéad fhomhír gan dochar d'inniúlacht na mBallstát dul i mbun caibidlíochta i gcomhlachtaí idirnáisiúnta agus comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích.