EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E174

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL XVIII - COMHTHÁTHÚ EACNAMAÍOCH, SÓISIALTA AGUS CRÍOCHACH
Airteagal 174 (sean-Airteagal 158 CCE)

IO C 202, 7.6.2016, p. 127–127 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_174/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/127


Airteagal 174

(sean-Airteagal 158 CCE)

D'fhonn a fhorbairt chomhchuí i gcoitinne a chur ar aghaidh, déanfaidh an tAontas a chuid gníomhaíochtaí a fhorbairt agus a shaothrú ar mhaithe lena chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú.

Féachfaidh an tAontas go háirithe leis na héagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil agus cúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla a laghdú.

As na réigiúin lena mbaineann, tabharfar aird faoi leith ar limistéir thuaithe, ar limistéir a bhfuil an trasdul tionsclaíoch ag dul dóibh agus ar réigiúin a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha acu ar nós na réigiún is faide ó thuaidh a bhfuil dlús fíoríseal daonra iontu agus ar nós na réigiún oileánach, na réigiún trasteorann agus na réigiún sléibhteach.


Top