EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E128

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL VIII - BEARTAS EACNAMAÍOCH AGUS AIRGEADAÍOCHTA
CAIBIDIL 2 - BEARTAS AIRGEADAÍOCHTA
Airteagal 128 (sean-Airteagal 106 CCE)

IO C 202, 7.6.2016, p. 103–103 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_128/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/103


Airteagal 128

(sean-Airteagal 106 CCE)

1.   Beidh ag an mBanc Ceannais Eorpach an ceart eisiach chun eisiúint nótaí bainc in euro laistigh den Aontas a údarú. Féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach agus na bainc cheannais náisiúnta nótaí bainc den sórt sin a eisiúint. Is ag na nótaí bainc arna n-eisiúint ag an mBanc Ceannais Eorpach agus ag na bainc cheannais náisiúnta, agus ag nótaí bainc den sórt sin amháin, a bheidh an stádas dlíthairisceana laistigh den Aontas.

2.   Féadfaidh na Ballstáit monaí in euro a eisiúint faoi réir ceadú ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le méid na heisiúna. Féadfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an mBanc Ceannais Eorpach, bearta a ghlacadh chun ainmníochtaí agus sonraíochtaí teicniúla na monaí go léir le haghaidh cúrsaíochta a chomhchuibhiú a mhéad is gá chun a gcúrsaíocht réidh laistigh den Aontas a cheadú.


Top