Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E127

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
    CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
    TEIDEAL VIII - BEARTAS EACNAMAÍOCH AGUS AIRGEADAÍOCHTA
    CAIBIDIL 2 - BEARTAS AIRGEADAÍOCHTA
    Airteagal 127 (sean-Airteagal 105 CCE)

    IO C 202, 7.6.2016, p. 102–103 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_127/oj

    7.6.2016   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 202/102


    Airteagal 127

    (sean-Airteagal 105 CCE)

    1.   Beidh de chuspóir príomhúil ag an gCóras Eorpach Banc Ceannais, dá ngairtear "CEBC" anseo feasta, cobhsaíocht phraghsanna a choimeád ar bun. Gan dochar do chuspóir na cobhsaíochta praghsanna, tacóidh CEBC leis na beartais ghinearálta eacnamaíocha san Aontas d'fhonn rannchuidiú le gnóthú chuspóirí an Aontais mar atá siad leagtha síos in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Gníomhóidh CEBC i gcomhréir le prionsabal geilleagair mhargaidh oscailte le saoriomaíocht ar mhaithe le cionroinnt éifeachtach acmhainní agus na prionsabail atá leagtha amach in Airteagal 119 á n-urramú aige.

    2.   Is iad na bunchúraimí a chuirfear i gcrích trí CEBC:

    beartas airgeadaíochta an Aontais a shainiú agus a chur chun feidhme;

    oibríochtaí um malairt eachtrach is comhchuí le forálacha Airteagal 219 a sheoladh;

    cúlchistí oifigiúla eachtracha na mBallstát a shealbhú agus a bhainisteoireacht;

    oibriú rianúil córais íocaíochtaí a chur ar aghaidh.

    3.   Beidh an tríú fleasc de mhír 2 gan dochar do Rialtais Bhallstát iarmhéideanna oibre malairte eachtraí a shealbhú agus a bhainisteoireacht.

    4.   I dtaca leis an mBanc Ceannais Eorpach:

    rachfar i gcomhairle leis maidir le haon ghníomh Aontais arna bheartú laistigh dá réimsí inniúlachta;

    rachaidh údaráis náisiúnta i gcomhairle leis maidir le haon dréachtfhoráil reachtaíochta laistigh dá réimsí inniúlachta, ach faoi na teorainneacha agus na coinníollacha atá leagtha amach ag an gComhairle i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 129(4).

    Féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach tuairimí ar ábhair laistigh dá réimsí inniúlachta a chur faoi bhráid institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí Aontais iomchuí nó faoi bhráid na n-údarás náisiúnta.

    5.   Rannchuideoidh CEBC le seoladh rianúil beartas arna saothrú ag na húdaráis inniúla a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus le cobhsaíocht an chórais airgeadais.

    6.   Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí bhíthin rialachán i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta, d'aon toil agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an mBanc Ceannais Eorpach, cúraimí sonracha a chur ar an mBanc Ceannais Eorpach i dtaca le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais eile seachas gnóthais árachais.


    Top