EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E121

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL VIII - BEARTAS EACNAMAÍOCH AGUS AIRGEADAÍOCHTA
CAIBIDIL 1 - BEARTAS EACNAMAÍOCH
Airteagal 121 (sean-Airteagal 99 CCE)

IO C 202, 7.6.2016, p. 97–98 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_121/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/97


Airteagal 121

(sean-Airteagal 99 CCE)

1.   Measfaidh na Ballstáit gur ábhar leasa choitinn a mbeartais eacnamaíocha agus déanfaidh siad comhordú orthu i dtionól na Comhairle, i gcomhréir le forálacha Airteagal 120.

2.   Déanfaidh an Chomhairle, ar mholadh ón gCoimisiún, dréacht a fhoirmiú de mhór-threoirlínte bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais agus déanfaidh sí tuarascáil ar a machnamh don Chomhairle Eorpach.

Déanfaidh an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di ar bhonn na tuarascála sin ón gComhairle, conclúid a phlé ar mhór-threoirlínte bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais.

Ar bhonn na conclúide sin, glacfaidh an Chomhairle moladh a shocróidh na mór-threoirlínte sin. Cuirfidh an Chomhairle Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoina moladh.

3.   D'fhonn comhordú níos dlúithe ar na beartais eacnamaíocha agus cóineasú marthanach ar fheidhmiú eacnamaíoch na mBallstát a áirithiú, déanfaidh an Chomhairle, ar bhonn tuarascálacha a chuirfidh an Coimisiún faoina bráid, faireachán ar fhorbairt eacnamaíoch i ngach ceann de na Ballstáit agus san Aontas agus ar chomhchuibheas na mbeartas eacnamaíoch leis na mór-threoirlínte dá dtagraítear i mír 2 agus measúnú foriomlán go tráthrialta.

Chun críocha an fhaireacháin iltaobhaigh sin, cuirfidh na Ballstáit faisnéis chuig an gCoimisiún ar bhearta tábhachtacha arna nglacadh acu i réimse a mbeartais eacnamaíoch agus pé faisnéis eile a mheasann siad is gá.

4.   Má shuitear, faoi chuimsiú an nós imeachta dá dtagraítear i mír 3, nach bhfuil beartais eacnamaíocha Ballstáit comhchuí leis na mór-threoirlínte dá dtagraítear i mír 2 nó gur dóigh dóibh oibriú rianúil an Aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta a chur i gcontúirt, féadfaidh an Coimisiún foláireamh a dhíriú chuig an mBallstát i dtrácht. Féadfaidh an Chomhairle, ar mholadh ón gCoimisiún, na moltaí is gá a dhíriú chuig an mBallstát i dtrácht. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh, ar thogra ón gCoimisiún, a moltaí a phoibliú.

Faoi chuimsiú na míre seo, gníomhóidh an Chomhairle gan vóta chomhalta na Comhairle a ionadaíonn don Bhallstát i dtrácht a chur san áireamh.

Saineofar tromlach cáilithe chomhaltaí eile na Comhairle i gcomhréir le hAirteagal 238(3)(a).

5.   Déanfaidh Uachtarán na Comhairle agus an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa ar thorthaí an fhaireacháin iltaobhaigh. Féadfar a iarraidh ar Uachtarán na Comhairle láithriú os comhair choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa má bhíonn a moltaí poiblithe ag an gComhairle.

6.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, rialacha mionsonraithe a ghlacadh don nós imeachta faireacháin iltaobhaigh dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4.


Top