Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E088

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
    CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
    TEIDEAL V - AN LIMISTÉAR SAOIRSE, SLÁNDÁLA AGUS CEARTAIS
    CAIBIDIL 5 - COMHAR PÓILÍNEACHTA
    Airteagal 88 (sean-Airteagal 30 CAE)

    IO C 202, 7.6.2016, p. 84–84 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_88/oj

    7.6.2016   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 202/84


    Airteagal 88

    (sean-Airteagal 30 CAE)

    1.   Beidh de chúram ag Europol tacú agus treisiú le gníomhaíocht údaráis phóilíneachta na mBallstát agus le seirbhísí eile forfheidhmithe dlí agus lena gcomhar frithpháirteach d'fhonn an choireacht thromchúiseach a dhéanann difear do dhá Bhallstát nó níos mó, an sceimhlitheoireacht agus saghsanna eile coireachta a dhochraíonn leas coiteann atá ina ábhar do bheartas de chuid an Aontais a chosc agus a chomhrac.

    2.   Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, trí bhíthin rialacháin arna nglacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach struchtúr, oibriú, réimse gníomhaíochta agus cúraimí Europol a chinneadh. Féadfaidh a bheith san áireamh ar na cúraimí sin:

    (a)

    faisnéis, arna cur ar aghaidh go háirithe ag údaráis na mBallstát nó ag tríú tíortha nó ag tríú comhlachtaí, a bhailiú, a stóráil, a phróiseáil, a anailísiú agus a mhalartú;

    (b)

    gníomhaíocht imscrúdaitheach agus oibríochtúil, arna cur i gcrích i gcomhpháirt le húdaráis inniúla na mBallstát nó i gcomhthéacs foirne comhpháirteacha imscrúdaitheacha, a chomhordú, a eagrú agus a chur chun feidhme, i gcuibhreann le Eurojust nuair is iomchuí.

    Leagfar síos freisin leis na rialacháin sin na nósanna imeachta um ghrinnscrúdú ar ghníomhaíochtaí Europol ag Parlaimint na hEorpa i dteannta leis na Parlaimintí náisiúnta.

    3.   Ní mór aon ghníomhaíocht oibríochtúil ag Europol a chur i gcrích i gcuibhreann le húdaráis an Bhallstáit nó na mBallstát arb é a chríoch nó a gcríoch atá i dtrácht agus le comhaontú na n-údarás sin. Is ar na húdaráis náisiúnta inniúla a bheidh an fhreagracht eisiach as bearta comhéigneacha a chur i bhfeidhm.


    Top