EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E048

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL IV - SAORGHLUAISEACHT DAOINE, SEIRBHÍSÍ AGUS CAIPITIL
CAIBIDIL 1 - OIBRITHE
Airteagal 48 (sean-Airteagal 42 CCE)

IO C 202, 7.6.2016, p. 67–67 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_48/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/67


Airteagal 48

(sean-Airteagal 42 CCE)

Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, cibé bearta i réimse na slándála sóisialta is gá chun saoirse ghluaiseachta a sholáthar d'oibrithe; chuige sin, déanfaidh sí socruithe chun a áirithiú do na hoibrithe imirceacha fostaithe agus féinfhostaithe agus dá gcleithiúnaithe:

(a)

go gcomhshuimeofar, d'fhonn an ceart chun sochair a fháil agus a choinneáil agus méid an tsochair a ríomh, na tréimhsí uile a chuirtear san áireamh faoi dhlíthe na dtíortha éagsúla;

(b)

go n-íocfar sochair le daoine a chónaíonn ar chríocha na mBallstát.

I gcás ina ndearbhóidh comhalta den Chomhairle go ndéanfadh dréachtghníomh reachtach dá dtagraítear sa chéad fhomhír difear do ghnéithe tábhachtacha dá chóras slándála sóisialta, lena n-áirítear a raon feidhme, a chostas nó a struchtúr airgeadais, nó go ndéanfadh sé difear do chothromaíocht airgeadais an chórais sin, féadfaidh sé a iarraidh an t-ábhar a tharchur chuig an gComhairle Eorpach. Sa chás sin, déanfar an gnáthnós imeachta reachtach a fhionraí. Tar éis an cheist a phlé agus laistigh de cheithre mhí ón bhfionraí sin, maidir leis an gComhairle Eorpach:

(a)

déanfaidh sí an dréacht a tharchur ar ais chuig an gComhairle, rud a chuirfidh deireadh le fionraí an ghnáthnóis imeachta reachtaigh, nó

(b)

ní ghníomhóidh sí nó iarrfaidh sí ar an gCoimisiún togra nua a thíolacadh; sa chás sin, measfar nach bhfuil an gníomh a beartaíodh an chéad uair glactha.


Top