EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E041

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL III - AN TALMHAÍOCHT AGUS AN tIASCACH
Airteagal 41 (sean-Airteagal 35 CCE)

IO C 202, 7.6.2016, p. 64–64 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_41/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/64


Airteagal 41

(sean-Airteagal 35 CCE)

Chun go bhféadfar na haidhmeanna atá leagtha amach in Airteagal 39 a ghnóthú, féadfar socrú a dhéanamh faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta do bhearta mar iad seo:

(a)

comhordú éifeachtach ar iarrachtaí i réimsí na gairmoiliúna, an taighde, agus leathadh eolais ar an talmhaíocht; chuige sin, is féidir tionscadail nó institiúidí a mhaoiniú i gcomhar;

(b)

comhbhearta chun úsáid táirgí áirithe a chur chun cinn.


Top