Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E014

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
    CUID A hAON - PRIONSABAIL
    TEIDEAL II - FORÁLACHA A bhFUIL FEIDHM GHINEARÁLTA ACU
    Airteagal 14 (sean-Airteagal 16 CCE)

    IO C 202, 7.6.2016, p. 54–54 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_14/oj

    7.6.2016   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 202/54


    Airteagal 14

    (sean-Airteagal 16 CCE)

    Gan dochar d'Airteagal 4 den Chonradh ar an Aontas Eorpach nó d'Airteagail 93, 106 agus 107 den Chonradh seo, agus ag féachaint do thábhacht na seirbhísí lena ngabhann leas eacnamaíoch ginearálta i measc luachanna comhpháirteacha an Aontais maille leis an ról atá acu i gcomhtháthú sóisialta agus críochach an Aontais a chur ar aghaidh, féachfaidh an tAontas agus na Ballstáit chuige, gach ceann díobh laistigh dá chumhachtaí faoi seach agus laistigh de raon feidhme na gConarthaí, go n-oibreoidh seirbhísí den sórt sin ar bhonn prionsabail agus coinníollacha, go háirithe coinníollacha eacnamaíocha agus airgeadais, a chumasaíonn dóibh a gcúraimí a chomhall. Bunóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh trí bhíthin rialachán i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, na prionsabail sin agus socróidh siad na coinníollacha sin, gan dochar d'inniúlacht na mBallstát, ar cothrom leis na Conarthaí, chun na seirbhísí sin a sholáthar, a choimisiúnú agus a chistiú.


    Top