Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E004

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
    CUID A hAON - PRIONSABAIL
    TEIDEAL I - CATAGÓIRÍ AGUS RÉIMSÍ INNIÚLACHTA AN AONTAIS
    Airteagal 4

    IO C 202, 7.6.2016, p. 51–52 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_4/oj

    7.6.2016   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 202/51


    Airteagal 4

    1.   Déanfaidh an tAontas inniúlacht a roinnt leis na Ballstáit nuair a thugann na Conarthaí inniúlacht dó nach mbaineann leis na réimsí dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 6.

    2.   Cuirfear i bhfeidhm inniúlachtaí a bheidh á roinnt idir an tAontas agus na Ballstáit sna príomhréimsí seo a leanas:

    (a)

    margadh inmheánach;

    (b)

    beartas sóisialta, i dtaca leis na gnéithe atá sainithe sa Chonradh seo;

    (c)

    comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach;

    (d)

    talmhaíocht agus iascach, amach ó acmhainní bitheolaíocha na mara a chaomhnú;

    (e)

    comhshaol;

    (f)

    cosaint tomhaltóirí;

    (g)

    iompar;

    (h)

    gréasáin thras-Eorpacha;

    (i)

    fuinneamh;

    (j)

    limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais;

    (k)

    gnáthchúraimí slándála i gcúrsaí sláinte poiblí, i dtaca leis na gnéithe atá sainithe sa Chonradh seo.

    3.   I réimsí an taighde, na forbartha teicneolaíche agus an spáis, beidh inniúlacht ag an Aontas gníomhaíochtaí a chur i gcrích, go háirithe cláir a shainiú agus a chur chun feidhme; ar a shon sin, ní bheidh mar thoradh ar an inniúlacht sin a fheidhmiú na Ballstáit a chosc ar a n-inniúlacht siúd a fheidhmiú.

    4.   I réimsí an chomhair um fhorbairt agus na cabhrach daonnúla, beidh inniúlacht ag an Aontas gníomhaíochtaí a chur i gcrích agus comhbheartas a sheoladh; ar a shon sin, ní bheidh mar thoradh ar an inniúlacht sin a fheidhmiú na Ballstáit a chosc ar a n-inniúlacht siúd a fheidhmiú.


    Top