EUR-Lex Přístup k právu Evropské unie

Zpět na úvodní stránku EUR-Lex

Tento dokument je výňatkem z internetových stránek EUR-Lex

Dokument 12016E002

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A hAON - PRIONSABAIL
TEIDEAL I - CATAGÓIRÍ AGUS RÉIMSÍ INNIÚLACHTA AN AONTAIS
Airteagal 2

IO C 202, 7.6.2016, s. 50—50 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Právní stav dokumentu platné

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_2/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/50


Airteagal 2

1.   Nuair a dhéanfar inniúlacht eisiach i réimse sonrach a thabhairt don Aontas leis na Conarthaí, is é an tAontas amháin a fhéadfaidh reachtú agus gníomhartha a ghlacadh a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí, gan na Ballstáit a bheith in ann gníomhú amhlaidh ach amháin má chumhachtaíonn an tAontas amhlaidh iad nó chun gníomhartha an Aontais a chur chun feidhme.

2.   Nuair a dhéanfar inniúlacht arna roinnt leis na Ballstáit i réimse sonrach a thabhairt don Aontas leis na Conarthaí, féadfaidh an tAontas agus na Ballstáit reachtú agus gníomhartha a ghlacadh a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí sa réimse sin. Feidhmeoidh na Ballstáit a n-inniúlacht a mhéid nach bhfuil inniúlacht an Aontais feidhmithe aige. Feidhmeoidh na Ballstáit a n-inniúlacht athuair a mhéad gur chinn an tAontas scor dá feidhmiú.

3.   Comhordóidh na Ballstáit a mbeartais eacnamaíocha agus fostaíochta laistigh de shocruithe dá bhforáiltear sa Chonradh seo agus a bhfuil inniúlacht ag an Aontas maidir lena sainiú.

4.   Beidh inniúlacht ag an Aontas, i gcomhréir le forálacha an Chonartha ar an Aontas Eorpach, comhbheartas eachtrach agus slándála a shainiú agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear comhbheartas cosanta a chumadh go comhleanúnach.

5.   I réimsí áirithe agus faoi na coinníollacha atá leagtha síos sna Conarthaí, beidh inniúlacht ag an Aontas gníomhaíochtaí a chur i gcrích chun tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát, iad a chomhordú nó a fhorlíonadh gan a inniúlacht féin a chur in ionad a n-inniúlachta siúd sna réimsí sin dá thoradh sin.

Ní bheidh comhchuibhiú ar dhlíthe ná ar rialacháin na mBallstát mar thoradh ar ghníomhartha an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí arna nglacadh ar bhonn na bhforálacha sna Conarthaí a bhaineann leis na réimsí sin.

6.   Cinnfear an raon feidhme agus na socruithe chun inniúlachtaí an Aontais a fheidhmiú leis na forálacha sna Conarthaí a bhaineann le gach réimse acu.


Nahoru