Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E/PRO/23

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
    PRÓTACAL (Uimh. 23) MAIDIR LE CAIDREAMH EACHTRACH NA mBALLSTÁTI dTACA LE TEORAINNEACHA SEACHTRACHA A THRASNÚ

    IO C 202, 7.6.2016, p. 303–303 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/pro_23/oj

       

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 202/303


    PRÓTACAL (Uimh. 23)

    MAIDIR LE CAIDREAMH EACHTRACH NA mBALLSTÁTI dTACA LE TEORAINNEACHA SEACHTRACHA A THRASNÚ

    TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

    AGUS AIRD Á TABHAIRT ACU ar a riachtanaí atá sé do na Ballstáit rialuithe éifeachtúla ag a dteorainneacha seachtracha a áirithiú, i gcomhar le tríú tíortha nuair is iomchuí,

    TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

    Beidh na forálacha ar na bearta maidir le teorainneacha seachtracha a thrasnú atá in Airteagal 77(2)(b) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh gan dochar d'inniúlacht na mBallstát comhaontuithe a chaibidil nó a thabhairt i gcrích le tríú tíortha fad a dhéanfaidh siad dlí an Aontais agus comhaontuithe idirnáisiúnta ábhartha eile a urramú.


    Top